Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Vestre Landsret (an Danmhairg) a taisceadh an 26 Meán Fómhair 2023 – Skatteministeriet v Lomoco Development ApS, Holm Invest Aalborg A/S, I/S Nordre Strandvej Sæby agus Strandkanten Sæby ApS

(Cás C-594/23, Lomoco Development agus páirtithe eile)

Teanga an cháis: an Danmhairgis

An chúirt a rinne an tarchur

Vestre Landsret

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Skatteministeriet

Cosantóirí: Lomoco Development ApS, Holm Invest Aalborg A/S, I/S Nordre Strandvej Sæby agus Strandkanten Sæby ApS

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil sé comhoiriúnach le hAirteagal 135(1)(j) i gcomhar le hAirteagal 12(1)(a) agus (2) ar thaobh amháin, agus le hAirteagal 135(1)(k) i gcomhar le hAirteagal 12(1)(b) agus (3) ar an taobh eile, de Threoir 2006/112 1 do Bhallstát, in imthosca amhail iad siúd sna príomhimeachtaí, a mheas gur díol talún foirgníochta atá faoi réir CBL é soláthar talún ar tógadh bonn réamhtheilgthe air tráth an tsoláthair, agus nach dtógtar foirgneamh cónaithe air ach amháin ina dhiaidh sin ag úinéirí eile?

____________

1 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).