Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Judicial da Comarca do Porto Juízo Local Cível da Maia (an Phortaingéil) a taisceadh an 15 Márta 2022 – WH, NX v TAP — Transportes Aéreos Portugueses, SGPS, S.A.

(Cás C-202/22)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Judicial da Comarca do Porto Juízo Local Cível da Maia

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: WH, NX

Cosantóir: TAP — Transportes Aéreos Portugueses, SGPS, S.A.

Na ceisteanna a tharchuirtear

Más rud é, ag féachaint d’Airteagail 5(1)(c); 6(1); 7(1), agus 8(1)(b) de Rialachán Uimh. 261/20041 gur chóir go mbeadh moill mhór ar iompar go dtí an ceann scríbe i mbus arna chur ar fáil ag aeriompróir oibríochta do phaisinéirí a chaill nasceitilt faoi réir cúitimh sa chaoi céanna le moill eitilte.

Más rud é, ag féachaint d’Aithris 14 agus d’Airteagal 7(3) de Rialachán Uimh. 261/2004, gur ionann briseadh síos an bhus agus an riachtanas bus ionaid a chur ar fáil le linn an turais go dtí an ceann scríbe agus imthoisc urghnách a scaoilfeadh an t-iompróir ón oibleagáid cúiteamh a íoc leis na paisinéirí i gcás moill fhada ó thaobh am sroichte réamh-mheasta nó intuartha an bhus ag an gceann scríbe de.

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1).