Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2023 – Papier Mettler v EUIPO (Cruth mála)

(Cás T-113/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar mharc thríthoisigh de chuid an Aontais Eorpaigh – Cruth mála – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa sainiúlachta – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Papier-Mettler KG (Morbach, an Ghearmáin) (ionadaithe: D. Graetsch agus M. Bergermann, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 19 Nollaig 2022 (Cás R 764/2022-2).

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 127, 11.4.2023.