Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Samhain 2023 – Schweppes International v EUIPO – May (MAY TEA)

(Cás T-1066/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Schweppes International Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: G. Bloret-Pucci, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: May OOO (Fryazino, an Rúis)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh MAY TEA — Trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 14 841 373

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc EUIPO an 29 Lúnasa 2023 i gCás R 72/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus a athrú;

a ordú do EUIPO costais an iarratasóra a íoc, ar costais iad a tabhaíodh sna himeachtaí seo maidir le hiarratas agus sna himeachtaí maidir le cealú i gcomhréir le hAirteagal 134(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 60(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________