Language of document :

Caingean arna tabhairt an 16 Samhain 2023 — Apple v an Coimisiún

(Cás T-1080/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Apple Inc. (Cupertino, California, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: D. Beard, S. Love, J. Bourke, Abhcóidí, W. Knibbeler agus T. van Helfteren, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Airteagal 2(b) de Chinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 5 Meán Fómhair 2023 ar tugadh fógra ina leith do Apple an 6 Meán Fómhair 2023, tagairt DMA.100013, DMA.100025 agus DMA.100027, an t-iarratasóir a ainmniú mar gheatóir de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) a chur ar neamhní go hiomlán nó go páirteach, lena sonraítear córas oibriúcháin Apple iOS mar thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh, a mhéid a fhorchuireann sé oibleagáid ar Apple oibleagáidí idir-inoibritheachta Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) 2022/1925 a chomhlíonadh, agus/nó a dhearbhú nach bhfuil Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) 2022/1925 infheidhme de bhun Airteagal 277 CFAE;

Airteagal 2(a) de Chinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 5 Meán Fómhair 2023 a chur ar neamhní go hiomlán nó go páirteach, lena sonraítear gur croísheirbhís ardáin aonair é seirbhís idirghabhála ar líne Apple App Store atá ina thairseach thábhachtach d’úsáideoirí gnó chun rochtain a fháil ar úsáideoirí deiridh;

Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 5 Meán Fómhair 2023 a chur ar neamhní a mhéid a thagann sé ar an tátal mícheart gur seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir í iMessage de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/1925 agus Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach; agus

ordú a thabhairt don Choimisiún Eorpach costais an iarratasóra a íoc de bhun Airteagal 134 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, lena n-áirítear na costais a bhaineann le haon idiragraithe.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) 2022/1925 ar neamhréir le ceanglais na Cairte Eorpaí um Chearta Bunúsacha agus le prionsabal na comhréireachta, agus go bhfuil Airteagal 2(b) de Chinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 5 Meán Fómhair 2023 neamhdhleathach a mhéid a fhorchuireann sé na hoibleagáidí faoi Airteagal 6(7) de Rialachán (AE) 2022/1925 ar Apple i ndáil le iOS.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear míthuiscint agus mífheidhmiú Rialachán (AE) 2022/1925, agus earráidí fíorasacha ábhartha, nuair a thángthas ar an gconclúid gur croísheirbhís ardáin aonair iad cúig App Stores an iarratasóra.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear míthuiscint agus cur i mífheidhm Rialachán (AE) 2022/1925 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus earráidí fíorasacha ábhartha, agus cinneadh á dhéanamh gur seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir í iMessage.

____________