Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Samhain 2023 – Schweppes International v EUIPO – May (MAY TEA)

(Cás T-1069/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Schweppes International Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: G. Bloret Pucci, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: May OOO (Fryazino, an Rúis)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘MAY TEA’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 092 427

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 29 Lúnasa 2023 i gCás 73/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO costais an iarratasóra arna dtabhú san iarratas láithreach agus na himeachtaí cealaithe i gcomhréir le hAirteagal 134(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 60(1)(a) i gcomhréir le Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________