Caingean arna tabhairt an 22 Nollaig 2023 – an Coimisiún v Poblacht na Slóvaice
(Cás C-799/23)
Teanga an cháis: an tSlóvaicis
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: R. Lindenthal, E. Schmidt agus A. Tokár, Gníomhairí)
Cosantóir: Poblacht na Slóvaice
An t-ordú atá á lorg
a chinneadh gur mhainnigh Poblacht na Slóvaice
a) trí leanaí Romaigh a chur, go hiomarcach, i scoileanna speisialta nó i ranganna speisialta do leanaí a bhfuil éislinn mheabhrach acu nó atá faoi mhíchumas eile, a leanann curaclam srianta, agus
b) trí leithscaradh na leanaí Romaigh a chleachtadh, i ranganna ar leithligh laistigh de na gnáthscoileanna, nó i scoileanna ar leithligh,
go córasach leanúnach i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 2(1) de Threoir 2000/43/CE ón gComhairle 1 , arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(2)(b) agus Airteagal 3(1)(g) den Treoir sin,
a ordú do Phoblacht na Slóvaice na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an Coimisiún go ndearnadh sárú ar Threoir 2000/43/CE mar gheall ar chleachtas riaracháin neamhdhleathach, córasach agus leanúnach, ar thaobh údaráis Phoblacht na Slóvaice a bhaineann le hidirdhealú indíreach an phobail Romaigh i réimse an oideachais.
Measann an Coimisiún, trí leanaí Romaigh a chur, go hiomarcach, i scoileanna speisialta nó i ranganna speisialta do leanaí a bhfuil éislinn mheabhrach acu nó atá faoi mhíchumas eile, gur sháraigh Poblacht na Slóvaice ar bhonn córasach leanúnach Airteagal 2(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(2)(b) de Threoir 2000/43.
Measann an Coimisiún freisin, trí leithscaradh leanaí Romaigh a chleachtadh i scoileanna ar leithligh nó i ranganna ar leithligh laistigh de na gnáthscoileanna, gur sháraigh Poblacht na Slóvaice ar bhonn córasach leanúnach Airteagal 2(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(2)(b) de Threoir 2000/43.
____________
1 Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme phrionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO 2000 L 180, lch. 22).