Language of document :

Caingean arna tabhairt an 14 Bealtaine 2024 – an Coimisiún Eorpach v Éire

(Cás C-346/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Armati agus E. Sanfrutos Cano, Gníomhairí)

Cosantóir: Éire

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú, agus mainneachtain a hoibleagáidí maidir le hathbhreithniú, athnuachan agus tuairisciú, a chomhlíonadh faoin 22 Márta 2022, Pleananna Bainistithe Abhantraí, nár chomhlíon Éire a hoibleagáidí faoi Airteagail 13(7) agus 15(1) de Treoir 2000/60/EC lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce 1 (dá ngairtear ‘an Treoir Réime maidir le hUisce’ nó ‘an Treoir’ anseo feasta);

a ordú d’Éire na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chuaigh an tréimhse fhorordaithe a leagadh síos chun an Treoir a thrasuí in éag an 22 Márta 2022.

Díríonn an Treoir Réime maidir le hUsice ar sláinte mhaith cáilíochtúla agus cainníochtúla a chinntiú do dhobharlaigh uisce uile na hEorpa, amhail aibhneacha agus lochanna. Is é is aidhm leis truailliú a laghdú agus a bhaint chomh maith lena chinntiú go bhfuil a dhóthain uisce ann chun tacú le bunriachtanais an duine agus an fiadhúlra ag an am céanna.

Faoin Treoir Réime maidir le hUisce, ní mór do na Ballstáit a bPleananna Bainisithe Abhantraí (PBA) a athbhreithniú, a athnuachan agus a tuairisciú gach sé bliana. Tháinig an Treoir i bhfeidhm an 22 Nollaig 2000. B’éigean na chéad Pleananna Bainistithe Abhantraí a ghlacadh roimh an 22 Nollaig 2009 agus an chéad athbhreithniú agus athnuachan a dhéanamh orthu roimh an 22 Nollaig 2015.

Níor mhór do Bhallstáit athbhreithniú agus a athnuachan a dhéanamh ar na PBA don dara uair roimh an 22 Nollaig 2021, agus cóipeanna de na pleananna nuashonraithe sin a sheoladh (ar a dtugtar na ‘PBA tríú glúin) roimh an 22 Márta 2022.

In ainneoin an spriocdháta an 22 Márta 2022 a bheith imithe in éag le fada, níl cóipeanna de na Pleananna Bainistithe Abhantraí nuashonraithe faighte fós ag an gCoimisiún ó Éirinn go fóill. Is sárú é sin ar Airteagal 15(1) den Treoir.

Is léir freisin ó na freagraí atá déanta ag Éire sa chéim riaracháin nach bhfuil athbhreithniú agus nuashonrú déanta ag Éire ar na pleananna seo. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go bhfuil Éire ag sárú a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 13(7) den Treoir chun athbhreithniú agus a athnuachan a dhéanamh ar na Pleananna Bainistithe Abhantraí.

____________

1 IO 2000, L 327, lch. 1.