Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 10 Eanáir 2024 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra méadaithe) a fógraíodh an 25 Deireadh Fómhair 2023 i gCás T-136/19, Bulgarian Energy Holding EAD agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-14/24 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Meessen, J. Szczodrowski, B. Cullen agus C. Georgieva, i gcáil Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Bulgarian Energy Holding EAD (BEH), Bulgartransgaz EAD, Bulgargaz EAD, Poblacht na Bulgáire, Overgas Inc.

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh athbhreithniú; agus

a ordú do na hiarratasóirí ag an gcéad chéim (Bulgarian Energy Holding EAD, Bulgartransgaz EAD, Bulgargaz EAD) costais an achomhairc a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Ardaíonn an t-achomharcóir deich saincheist dlí.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a bhraith sí ar chásdlí maidir le hiomaíocht fhéideartha i gcomhthéacs sonrach measúnú (faoi Airteagal 101 CFAE) a dhéanamh ar chomhaontaithe íoc-ar-mhoill san earnáil cógaisíochta d’fhonn ceanglais eile fianaise a chur in iúl nach mór d’údaráis iomaíochta a chomhlíonadh d’fhonn a léiriú gur féidir cosc ar rochtain ar shaoráid bunriachtanach, i gcás faoi leith, éifeachtaí frithiomaíocha nach bhfuil hipitéiseach amháin a chruthú. (An chéad saincheist dlí)

Shaobh an Chúirt Ghinearálta fianaise agus fíorais agus rinne sí earráidí measúnaithe dlí. (An dara, tríú, ceathrú, seachtú agus ochtú saincheist dlí)

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a ghlac sí le gearán an iarratasóra gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go mícheart nárbh leor tairiscint Overgas le haghaidh tréimhse trí mhí do chomhaontú rochtana píblíne 2013. (an cúigiú saincheist dlí)

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí i mír 689 nár léirigh an Coimisiún ar an gcaighdeán dlí riachtanach gurb ionann iompar líomhainte Bulgargaz maidir le rochtain ar an bpíblíne agus diúltú rochtana a d’fhéadfadh teacht faoi Airteagal 102 CFAE. (an séú saincheist dlí)

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a bhraith sí ar Frucona 1 , chun a chinneadh i bhfianaise chinntí an Choimisiún maidir le straitéis fhrithiomaíoch BEH agus go bhfuil sárú aonair leanúnach ann nach féidir glacadh leis an gcinneadh go raibh mí-úsáid i gceist i dtaca leis an diúltú rochtana ar shaoráid stórála UGS Chiren i ndiaidh Mheitheamh 2012. (an naoú saincheist dlí)

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí de bhrí nár chuir sí i gcomparáid an fhaisnéis a bhí ar fáil do na hiarratasóirí cheana i gcúrsa na n-imeachtaí riaracháin leis na nithe a mhaítear “nár nochtadh” dóibh. Rinne an Chúirt Ghinearálta an fhianaise a shaobhadh a mhéid a chinn sí go raibh tábhacht leis an bhfaisnéis “nár nochtadh” roimhe sin nár chóir neamhaird a dhéanamh de agus sáraíonn sí a Rialacha Nós Imeachta féin de bhrí nár urramaigh sí cineál sáraíochta na n-imeachtaí agus nár thug sí deis don Choimisiún barúlacha a dhéanamh ar aighneachtaí na n-iarratasóirí. (an deichiú saincheist dlí)

____________

1 Breithiúnas an 24 Eanáir 2013, Frucona Košice v an Coimisiún (C-73/11 P, EU:C:2013:32), mír 89.