Language of document :

Caingean arna tabhairt an 22 Nollaig 2023 – Mylan Ireland v an Coimisiún

(Cás T-1181/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Mylan Ireland Ltd (Baile Átha Cliath, Éire) (ionadaithe: K. Roox, T. De Meese, J. Stuyck agus C. Dumont, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil iarraidh Mylan Ireland Ltd ar neamhniú inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi;

Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 8920 final ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 lena gcúlghairtear Cinneadh C(2022) 3252 (final) lena ndeonaítear údarú margaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh ‘Fúmaráit démheitile Mylan — dimethyl fumarate’, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagail 81, 14(11), 13 agus 5 de Rialachán CE Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. 1

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gurb ionann an cinneadh atá faoi chonspóid agus mí-úsáid cumhachta ag an gCoimisiún Eorpach.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go gcuireann an Coimisiún Eorpach an dlí i bhfeidhm go míchuí, ós rud é go ndearna sé earráid maidir le raon feidhme bhreithiúnas an 16 Márta 2023, Cásanna Uamtha C-438/21 P, an Coimisiún v Pharmaceutical Works Polpharma agus EMA, C-439/21 P, Biogen Netherlands v Pharmaceutical Works Polpharma agus EMA agus C-440/21 P, EMA v Pharmaceutical Polpharma (EU:C:2023:213) agus go háirithe trí bhreithniú a dhéanamh nach raibh tuarascáil mheasúnaithe ad hoc an 11 Samhain 2021 ábhartha.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún Eorpach earráid maidir leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a bhunú ar na fíorais eolaíocha mhíchearta a bhí ar fáil tráth a chinnidh.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear, ina ndéantar pléadáil neamhdhleathachta i gcoinne údarú margaíochta Biogen arna dheonú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2014)601(final) an 30 Eanáir 2014 lena ndeonaítear údarú margaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh ‘Tecfidera - Fúmaráit démheitile’, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine, agus lena n-iarrtar an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní mar thoradh air sin.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar na cearta bunúsacha agus go háirithe, an ceart chun triail chóir a fháil, an ceart chun cosanta, an ceart chun éisteacht a fháil, agus an ceart chun bunús dlí de bhun Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear go sáraíonn an cinneadh atá faoi chonspóid deimhneacht dhlíthiúil Mylan Ireland Ltd.

An t-ochtú saincheist dlí lena n-éilítear go sáraíonn an cinneadh atá faoi chonspóid ionchais dhlisteanacha Mylan Ireland Ltd.

An naoú saincheist dlí lena n-éilítear go sáraíonn an cinneadh atá faoi chonspóid ceart Mylan Ireland Ltd chun maoine, atá leagtha síos in Airteagal 17 den Chairt.

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO 2004 L 136, lch. 1).