Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 29 Eanáir 2024 – DL v PQ

(Cás C-61/24, Lindenbaumer 1 )

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirithe sna príomhimeachtaí

Cosantóir agus achomharcóir: DL

Iarratasóir agus freagróir: PQ

An cheist a tharchuirtear

Cad iad na critéar ba cheart a úsáid chun a chinneadh cá bhfuil gnáthchónaí na gcéilí de réir bhrí Airteagal 8(a) agus (b) de Rialachán An Róimh III 1 , go háirithe

an bhfuil tionchar ag postáil mar thaidhleoir ar ghlacadh le gnáthchónaí sa stát glacaidh nó an gcuireann sé cosc air sin fiú?

an gá go mbeadh na céilí i láthair go fisiciúil i stát ar feadh tréimhse áirithe ama sular féidir glacadh leis go bhfuil gnáthchónaí bunaithe ann?

an bhfuil gá le méid áirithe imeascadh sóisialta agus teaghlaigh sa tír atá i gceist chun gnáthchónaí a bhunú?

____________

1 Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Rialachán (AE) Uimh. 1259/2010 ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe i réimse an dlí is infheidhme maidir le colscaradh agus idirscaradh dlíthiúil (IO 2010 L 343, lch. 10).