Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Márta 2024 – Grúpa Morera & Vallejo agus DSA v an Coimisiún

(Cás T-519/14) 1

(Státchabhair – Cabhair arna deonú ag údaráis na Spáinne i bhfabhar grúpáil um Leas Eacnamaíoch áirithe (GLE) agus a n-infheisteoirí – Scéim chánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe chun longa a cheannach (córas léasa cánach na Spáinne) – Cinneadh lena ndearbhaítear go bhfuil cuid den chabhair neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear a aisghabháil i bpáirt – Dul in éag páirteach ar ábhar na díospóide – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais ina iomlán – Cabhair nua – Athghabháil – Clásail chonarthacha lena dtugtar cosaint do thairbhithe i gcoinne Státchabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach a aisghabháil – Roinn na gcumhachtaí idir an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóirí: Grupo Morera & Vallejo, SL (Sevilla, an Spáinn), DSA, Defensa y Servicios del Asegurado, SA (Sevilla) (ionadaithe: E. Navarro Varona, P. Vidal Martínez, G. Canalejo Lasarte, J. López-Quiroga Teijero agus A. Pérez Hernández, Dlíodóirí)

Cosantóirí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Carpi Badía agus P. Němečková, Gníomhairí, le cúnamh ó M. Segura Catalán, Dlíodóir)

Idiragraí ag tacú leis na hiarratasóirí: Inmobiliaria Osuna, SL (Granada, an Spáinn), Tinar Olympic, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: E. Navarro Varona, P. Vidal Martínez, G. Canalejo Lasarte, J. López-Quiroga Teijero agus A. Pérez Hernández, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena gcaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh 2014/200/AE ón gCoimisiún, an 17 Iúil 2013, maidir le Státchabhair SA.21233 C/11 (ex NN/11, ex CP 137/06) arna chur chun feidhme ag an Spáinn ar neamhní – Córas cánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe, ar a dtugtar ‘scéim leasaithe cánach na Spáinne’ freisin (IO 2014 L 114, lch. 1).

An chuid oibríochtúil

Ní gá a thuilleadh breithniú a dhéanamh ar an gcaingean a mhéid go bhfuil sí dírithe i gcoinne Airteagal 1 den Chinneadh 2014/200/AE ón gCoimisiún an 17 Iúil 2013 maidir le Státchabhair SA.21233 C/11 (ex NN/11, ex CP 137/06) arna chur chun feidhme ag an Spáinn – An scéim chánach is infheidhme maidir le comhaontuithe léasa airgeadais áirithe, ar a dtugtar ‘scéim léasaithe cánach na Spáinne’ freisin, a mhéid a ainmnítear na grúpaí leasa eacnamaíoch agus a n-infheisteoirí mar thairbhithe amháin na cabhrach dá dtagraítear sa chinneadh sin, agus Airteagal 4(1) den chinneadh sin, a mhéid a ordaítear do Ríocht na Spáinne an méid iomlán cabhrach dá dtagraítear sa chinneadh sin a ghnóthú ó infheisteoirí na ngrúpaí eacnamaíocha sin..

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 303, 8/9/2014.