Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Márta 2024 – Mazepin v an Chomhairle

(Cás T-743/22) 1

(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo cistí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Athrú ar na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla ba chúis le glacadh na mbeart sriantach – Coincheap an ‘chomhlachais’ – Earráid mheasúnaithe)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Nikita Dmitrievich Mazepin (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto, V. Villante, T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Cosantóir : Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Rurarz agus P. Mahnič, Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht na Laitvia (ionadaithe: J. Davidoviča agus K. Pommere, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní:

Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1), agus litir dár dáta an 15 Meán Fómhair 2022 inar chinn Comhairle an Aontais a ainm a choinneáil ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a chumhdaítear leis na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014, a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (IO 2014, L 78, lch. 16), arna leasú, a mhéid a choimeádtar a ainm ar na liostaí a ghabhann leis na gníomhartha sin;

Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145 (IO 2023, L 75 I, lch. 134), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 75 I, lch. 1), agus litir dár dáta an 14 Márta 2023 inar chinn Comhairle an Aontais a ainm a choinneáil ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a chumhdaítear leis na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145 (IO 2014, L 78, lch. 16), arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014, a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (IO 2014, L 78, lch. 6), arna leasú, a mhéid a choimeádtar a ainm ar na liostaí a ghabhann leis na gníomhartha sin;

Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023, lena leasaítear Cinneadh 2014/145 (IO 2023, L 226, lch. 104), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (IO 2023, L 226, lch. 3), agus litir dár dáta an 15 Meán Fómhair 2022 inar chinn Comhairle an Aontais a ainm a choinneáil ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a chumhdaítear leis na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145 (IO 2014, L 78, lch. 16), arna leasú, agus le Rialachán Uimh. 269/2014 (IO 2014, L 78, lch. 6), arna leasú, a mhéid a choimeádtar a ainm ar na liostaí a ghabhann leis na gníomhartha sin;

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha sa mhéid atá sí dírithe i gcoinne na dtrí litir an 15 Meán Fómhair 2022, 14 Márta 2023 agus 15 Meán Fómhair 2023 ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh dírithe chuig an iarratasóir.

Cuirtear Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 septembre 2022, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine ar neamhní, a mhéid ar coinníodh ainm M. Nikita Dmitrievich Mazepin ar liosta na ndaoine, na n-eintitis, agus na gcomhlachtaí lena mbaineann na bearta sriantacha sin;

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin agus na costais sin arna dtabhú ag Nikita Dmitrievich Mazepin, a íoc, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann leis na ceithre himeachtaí le haghaidh bearta eatramhacha.

Ordaítear do Phoblacht na Laitvia a costais féin a íoc.

____________

1     IO C 35, 30.1.2023.