Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Concorrência, Regulação e Supervisão (an Phortaingéil) a taisceadh an 16 Feabhra 2024 – CD Tondela – Futebol, SAD agus páirtithe eile v Autoridade da Concorrência

(Cás C-133/24, CD Tondela agus páirtithe eile.)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal da Concorrência, Regulação e Supervisão

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CD Tondela – Futebol, SAD; Clube Desportivo Feirense – Futebol, SAD; Liga Portuguesa de Futebol Profissional (LPFP); Académico de Viseu Futebol Clube, Futebol SAD; Os Belenenses – Sociedade Desportiva de Futebol, SAD; Boavista Futebol Clube, Futebol SAD; Sporting Clube de Braga, Futebol, SAD; Sporting Clube da Covilhã – Futebol, SDUQ, Lda; Estoril Praia – Futebol, SAD; Gil Vicente Futebol Clube – Futebol, SDUQ, Lda; Leixões Sport Clube, Futebol, SAD; Clube Desportivo de Mafra – Futebol, SDUQ, Lda; União Desportiva Oliveirense – Futebol, SAD; Futebol Clube de Paços de Ferreira, SDUQ, Lda; Futebol Clube de Penafiel, SA; Portimonense Futebol, SAD; Rio Ave Futebol Clube – Futebol SDUQ, Lda; Santa Clara Açores – Futebol, SAD; Varzim Sporting Club - Futebol, SDUQ, Lda.; União Desportiva Vilafranquense, Futebol SAD; Futebol Clube de Famalicão – Futebol SAD; Moreirense Futebol Clube – Futebol, SAD; Marítimo da Madeira, Futebol, SAD; Vitória Sport Clube – Futebol, SAD; Futebol Clube do Porto, Futebol, SAD; Sporting Clube de Portugal – Futebol, SAD; Sport Lisboa e Benfica, Futebol, SAD; Associação Académica de Coimbra - Organismo Autónomo de Futebol, SDUQ, Lda.

Cosantóir: Autoridade da Concorrência

Na ceisteanna a tharchuirtear

An riail spóirt chun críocha chásdlí Meca-Medina (Cás C-519/04 P, Meca-Medina [agus Majcen v an Coimisiún, EU:C:2006:492]) é comhaontú arna thabhairt i gcrích le teicneolaíocht faisnéise, eadhon, trí mheán na n-ardán Zoom nó Microsoft Teams, ar an 7 Aibreán 2020, ag iomlán chlubanna sacair phroifisiúnta na príomhshraithe agus arna aontú leis – i ndiaidh sin ar an mbealach céanna, an lá dar gcionn – ag an gcuid is mó de chlubanna sacair phroifisiúnta an dara sraith de Bhallstát, agus an méid sin arna dhéanamh sa dá chás le cúlchead ó chumann, a bhfuil sé de chuspóir aige sa Bhallstát sin gníomhaíochtaí sacair phroifisiúnta a chinntiú agus a rialú, ar comhaontú é ar dá réir nach bhfostóidís imreoirí sacair phroifisiúnta na sraitheanna sin óna chéile, ar imreoirí iad a d’fhoirceann a gconradh fostaíochta go haontaobhach, agus iad ag agairt ceisteanna a bhí ann de dheasca na paindéime COVID-19 nó aon chinneadh eisceachtúil ar an mbonn sin, go háirithe fadú an tséasúir spóirt, sna himthosca arna gcur síos san iarraidh seo ar réamhrialú?

Maidir le riail ag a bhfuil na tréithe, na cuspóirí agus na himthosca a leagtar amach san iarraidh seo ar réamhrialú, a thagann chun cinn trí chomhaontú arna thabhairt i gcrích le teicneolaíocht faisnéise, eadhon, trí mheán na n-ardán Zoom nó Microsoft Teams, ar an 7 Aibreán 2020, ag iomlán chlubanna sacair phroifisiúnta na príomhshraithe agus arna aontú leis – i ndiaidh sin ar an mbealach céanna, an lá dar gcionn – ag an gcuid is mó de chlubanna sacair phroifisiúnta an dara sraith de Bhallstát, agus an méid sin arna dhéanamh sa dá chás le cúlchead ó chumann a bhfuil sé de chuspóir aige sa Bhallstát sin gníomhaíochtaí sacair phroifisiúnta a chinntiú agus a rialú, ar comhaontú é ar dá réir nach bhfostóidís imreoirí sacair phroifisiúnta na sraitheanna sin óna chéile, ar imreoirí iad a d’fhoirceann a gconradh fostaíochta go haontaobhach, agus iad ag agairt ceisteanna a bhí ann de dheasca na paindéime COVID-19 nó aon chinneadh eisceachtúil ar an mbonn sin, go háirithe fadú an tséasúir spóirt, an féidir a mheas go bhfuil sí comhréireach agus iomchuí agus dá réir sin, i bhfianaise Airteagal 165 CFAE, i gcomhréir le hAirteagal 101(1) CFAE, chun críocha an chásdlí arna eascairt ó bhreithiúnais an 19 Feabhra 2002, Wouters agus páirtithe eile (C-309/99, EU:C:2002:98, mír 97) agus an 18 Iúil 2006, Meca-Medina agus Majcen v an Coimisiún, EU:C:2006:492, mír 42)?

An gcuirtear cosc le hAirteagal 101(1) CFAE ar léiriú ar dá réir a mheastar go sriantar an iomaíocht trí chuspóir comhaontú ag a bhfuil na tréithe, na cuspóirí agus na himthosca a leagtar amach san iarraidh seo ar réamhrialú, arna thabhairt i gcrích le teicneolaíocht faisnéise, eadhon, trí mheán na n-ardán Zoom nó Microsoft Teams, ar an 7 Aibreán 2020, ag iomlán chlubanna sacair phroifisiúnta na príomhshraithe agus arna aontú leis – i ndiaidh sin ar an mbealach céanna, an lá dar gcionn – ag an gcuid is mó de chlubanna sacair phroifisiúnta an dara sraith de Bhallstát, agus an méid sin arna dhéanamh sa dá chás le cúlchead ó chumann a bhfuil sé de chuspóir aige sa Bhallstát sin gníomhaíochtaí sacair phroifisiúnta a chinntiú agus a rialú, ar comhaontú é ar dá réir nach bhfostóidís imreoirí sacair phroifisiúnta na sraitheanna sin óna chéile, ar imreoirí iad a d’fhoirceann a gconradh fostaíochta go haontaobhach, agus iad ag agairt ceisteanna a bhí ann de dheasca na paindéime COVID-19 nó aon chinneadh eisceachtúil ar an mbonn sin, go háirithe fadú an tséasúir spóirt, ar an bhforas gurb ionann é agus a bheith díobhálach go leor don iomaíocht?

____________