Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Spetsializiran nakazatelen sad (an Bhulgáir) arna taisceadh an 8 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne BK

(Cás C-175/22)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Spetsializiran nakazatelen sad

Páirtí sna príomhimeachtaí

BK

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le hAirteagal 6(3) agus (4) de Threoir 2012/13/AE 1 ar léirmhíniú ar fhorálacha dlí náisiúnta – Airteagal 301(1)(2), i gcomhar le hAirteagal 287(1) den Nakazatelno protsesualen kodeks (Cód um Nós Imeachta Coiriúil, an Bhulgáir, “NPK”) – sa chásdlí ar dá réir a fhéadfaidh an chúirt, ina breithiúnas, aicmiú dlíthiúil a thabhairt ar an gcion atá difriúil uaidh siúd atá leagtha amach sa bhille díotála, ar choinníoll nach bhfuil sé aicmithe mar chion lena mbaineann pionós níos déine, ar an bhforas nár cuireadh an cúisí ar an eolas go cuí faoin aicmiú dlíthiúil nua sular tugadh an breithiúnas agus nárbh fhéidir leis é féin a chosaint ina aghaidh?

Más rud é go dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 1: An gcuirtear cosc leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt ar an gcúirt an duine cúisithe a chur ar an eolas go bhféadfadh sí a chinneadh ar na tuillteanais a bhunú ar aicmiú dlíthiúil difriúil ar an gcion, agus freisin ó dheis a thabhairt dó a chosaint i gcoinne an aicmithe a ullmhú, toisc nárbh í oifig an ionchúisitheora phoiblí a thionscain an t-aicmiú dlíthiúil difriúil?

____________

1 Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla