Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 25 Eanáir 2024 – Puma v EUIPO – Puma (puma soundproofing)
(Cás T-266/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh puma soundproofing – Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh PUMA – Foras coibhneasta le diúltú – Gan damáiste do chlú – Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Puma SE (Herzogenaurach, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Schunke agus P. Trieb, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Puma Srl (Settimo Milanese, an Iodáil) (ionadaí: E. La Malfa, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir cinneadh an 27 Feabhra 2023 (Cás R 1399/2021-1) ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) Díbhtear an chaingean.
2) Ordaítear do Puma SE a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Puma Srl a íoc.
3) Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 252, 17.7.2023.