Language of document : ECLI:EU:C:2022:394

Cás C‑600/19

MA

v

Ibercaja Banco SA

(Iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Provincial de Zaragoza)

 Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 17 Bealtaine 2022

(Tarchur chun réamhrialú – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Prionsabal na coibhéise – Prionsabal na héifeachtachta – Imeachtaí forfheidhmithe morgáiste – Nádúr éagórach an téarma lena socraítear an ráta ainmniúil úis mainneachtana agus an téarma um luathíocaíocht atá sa chomhaontú iasachta – Údarás res judicata agus cosc ama – Cailleadh na féidearthachta chun nádúr éagórach théarma an chonartha a agairt os comhair cúirte – Cumhacht athbhreithnithe na cúirte náisiúnta chun gníomhú uaithi féin)

1.        Cosaint tomhaltóirí – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Treoir 93/13 – Imeachtaí forfheidhmithe morgáiste – Easpa cumhachta ag an gcúirt náisiúnta, ag gníomhú uaithi féin nó arna iarraidh sin ag tomhaltóir, scrúdú a dhéanamh ar nádúr éagórach téarmaí conarthacha faoi chuimsiú na n-imeachtaí seo nó imeachtaí ina dhiaidh sin – Éifeacht údaráis res judicata agus coisc ama – Scrúdú uaithi féin ar nádúr éagórach na dtéarmaí sin le linn na n-imeachtaí forfheidhmithe morgáiste a thosú – Easpa lua follasach agus easpa cúiseanna a bheith luaite leis an scrúdú sin – Do-ghlacthacht

(Treoir 93/13 ón gComhairle, Airteagail 6(1) agus 7(1))

(Féach míreanna 37-39, 41-42, 47-52, an chuid oibríochtúil 1)

2.        Cosaint tomhaltóirí – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Treoir 93/13 – Imeachtaí forfheidhmithe morgáiste – Easpa cumhachta ag an gcúirt náisiúnta, ag gníomhú uaithi féin nó arna iarraidh sin ag tomhaltóir, scrúdú a dhéanamh ar nádúr éagórach téarmaí conarthacha tar éis na himeachtaí sin a thabhairt chun críche agus an réadmhaoin a dhíol le tríú páirtí – Inghlacthacht – Coinníoll – Féidearthacht don tomhaltóir lena mbaineann nádúr éagórach na dtéarmaí sin a agairt in imeachtaí ina dhiaidh sin agus cúiteamh a fháil as an díobháil a rinneadh trína gcur i bhfeidhm.

(Treoir 93/13 ón gComhairle, Airteagail 6(1) agus 7(1))

(Féach míreanna 55-59, an chuid oibríochtúil 2)


Résumé

Cuireadh cúig iarraidh faoi bhráid na Cúirte ar réamhrialú ó chúirteanna na Spáinne (Ibercaja Banco, C-600/19, agus Unicaja Banco, C-869/19), na hIodáile (SpV Project 1503, C-693/19 agus C-831/19) agus na Rómáine (Impuls Leasing România, C-725/19), a bhaineann go léir le léirmhíniú na Treorach maidir le téarmaí éagóracha (1).

Rinneadh na hiarrataí sin faoi chuimsiú imeachtaí de chineálacha difriúla. Baineann an iarraidh i gcás Ibercaja Banco le himeachtaí forfheidhmithe morgáiste nár thaisc an tomhaltóir agóid ina leith agus ina raibh ceart úinéireachta na réadmhaoine morgáistithe aistrithe chuig tríú páirtí cheana féin. I gcás Unicaja Banco, rinneadh an iarraidh in imeachtaí achomhairc tar éis an bhreithiúnais in Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile (2). Baineann na hiarrataí i gcásanna uamtha SPV Project 1503 le himeachtaí forfheidhmiúcháin bunaithe ar ionstraimí infhorfheidhmithe a bhfuil fórsa res judicata faighte acu. Ar deireadh, rinneadh an iarraidh i gcás Impuls Leasing România faoi chuimsiú imeachtaí forfheidhmithe atá bunaithe ar chonradh léasaithe arionstraim infhorfheidhmithe é.

Sna ceithre bhreithiúnas a thug an Mór-Dhlísheomra, forbraíonn an Chúirt a cásdlí maidir leis an oibleagáid agus leis an gcumhacht atá ag an gcúirt náisiúnta scrúdú a dhéanamh uaithi féin ar nádúr éagórach téarmaí conarthacha faoin Treoir maidir le téarmaí éagóracha. I ndáil leis sin, tugann sí soiléiriú ar an idirghníomhaíocht idir an prionsabal maidir le húdarás res judicata agus cosc ama, ar thaobh amháin, agus an t-athbhreithniú breithiúnach ar théarmaí éagóracha ar an taobh eile. Tugann an Chúirt breith freisin ar raon feidhme an athbhreithnithe sin i gcomhthéacs nósanna imeachta brostaithe chun fiacha tomhaltóirí a aisghabháil agus ar an ngaol idir prionsabail nós imeachta áirithe a chumhdaítear sa dlí náisiúnta maidir le hachomhairc agus cumhacht na cúirte náisiúnta scrúdú a dhéanamh uaithi féin ar nádúr éagórach téarmaí conarthacha.

Breithniú na Cúirte

Sa chéad áit, soiléiríonn an Chúirt an gaol idir an prionsabal res judicata agus cumhacht na cúirte atá freagrach as an bhforfheidhmiú chun scrúdú a dhéanamh uaithi féin, i gcomhthéacs nós imeachta um ordú íocaíochta, ar nádúr éagórach téarma chonarthaigh atá mar bhunús leis an ordú sin.

Maidir leis sin, chinn an Chúirt go gcuireann an Treoir maidir le téarmaí éagóracha (3) bac ar reachtaíocht náisiúnta ar dá réir, i gcás nach ndearna an féichiúnaí agóid i gcoinne ordú íocaíochta, nach féidir leis an gcúirt atá freagrach as an bhforfheidhmiú athbhreithniú a dhéanamh i dtaobh nádúr éagórach féideartha na dtéarmaí ar a bhfuil an t-ordú sin bunaithe, ar an bhforas go gcumhdaíonn údarás res judicata an ordaithe sin go hintuigthe bailíocht na dtéarmaí sin. Go sonrach, maidir le reachtaíocht faoina meastar go ndearna an chúirt scrúdú uaithi féin ar nádúr éagórach téarmaí conarthacha agus go bhfuil údarás res judicata faighte acu, fiú in éagmais aon ráitis ar chúiseanna chuige sin sa chinneadh lena bhforchuirtear an t-ordú íocaíochta, dlitear go mbainfí an tsubstaint den oibleagáid atá ar an gcúirt náisiúnta scrúdú a dhéanamh uaithi féin ar nádúr éagórach na dtéarmaí sin. I gcás den sórt sin, leis an gceanglas maidir le cosaint éifeachtach bhreithiúnach, ceanglaítear go bhféadfaidh an gcúirt atá freagrach as an bhforfheidhmiú a mheas, lena n-áirítear den chéad uair, an bhfuil na téarmaí conarthacha ar a raibh an t-ordú bunaithe éagórach. Ní bhaineann le hábhar, i ndáil leis sin, an fíoras nach raibh a fhios ag an bhféichiúnaí, ar an dáta a tháinig an t-ordú chun bheith críochnaitheach, go bhféadfaí é a aicmiú mar “thomhaltóir” de réir bhrí na Treorach sin.

Sa dara háit, scrúdaíonn an Chúirt an idirghníomhaíocht idir an prionsabal maidir le húdarás res judicata, an cosc ama agus cumhacht na cúirte náisiúnta chun scrúdú a dhéanamh uaithi féin ar nádúr éagórach téarma chonarthaigh in imeachtaí forfheidhmithe morgáiste.

Ar thaobh amháin, tugann an Chúirt dá haire go gcuirtear bac leis an Treoir maidir le téarmaí éagóracha (4), ar reachtaíocht náisiúnta nach gceadaíonn, mar gheall ar éifeacht údaráis res judicata agus cosc ama, don chúirt nádúr éagórach na dtéarmaí conarthacha i gcomhthéacs imeachtaí forfheidhmithe morgáiste a scrúdú uaithi féin, ná don tomhaltóir, tar éis dhul in éag na teorann ama chun agóid a thaisceadh, nádúr éagórach na dtéarmaí conarthacha sin a agairt sna himeachtaí sin nó in imeachtaí dearbhaithe ina dhiaidh sin. Tá an léirmhíniú sin ar an Treoir infheidhme i gcás ina ndearnadh na téarmaí sin a scrúdú tráth a tionscnaíodh na himeachtaí forfheidhmithe morgáiste gan an scrúdú sin a bheith luaite ná réasúnaithe go sainráite sa chinneadh lena n-údaraítear an forfheidhmiú morgáiste, agus gan é a bheith sonraithe sa chinneadh sin nach bhféadfaí scrúdú den sórt sin a chur faoi cheist a thuilleadh in éagmais agóide. Go deimhin, sa mhéid nár cuireadh in iúl dó go raibh scrúdú ex officio ann ar nádúr éagórach na dtéarmaí conarthacha sa chinneadh lena n-údaraítear forfheidhmiú morgáiste, níorbh fhéidir leis an tomhaltóir an gá le hachomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin a mheas ar bhonn lánfheasach . Ní fhéadfaí athbhreithniú éifeachtach ar nádúr éagórach féideartha téarmaí conarthacha a chinntiú dá mbeadh údarás res judicata ag gabháil freisin le nach luaitear athbhreithniú den sórt sin iontu.

Ar an taobh eile, measann an Chúirt, áfach, go bhfuil ag teacht leis an Treoir chéanna (5) sin reachtaíocht náisiúnta nach n-údaraíonn do chúirt náisiúnta, ag gníomhú uaithi féin nó arna iarraidh sin ag tomhaltóir, scrúdú a dhéanamh ar nádúr éagórach féideartha téarmaí conarthacha nuair a bheidh an ráthaíocht mhorgáiste réadaithe, an réadmhaoin mhorgáistithe díolta agus na cearta úinéireachta i leith na réadmhaoine sin aistrithe chuig tríú páirtí. Tá an chonclúid sin, áfach, faoi réir an choinníll go bhféadfaidh an tomhaltóir ar díoladh a réadmhaoin mhorgáistithe in ann a chearta a dhearbhú trí bhíthin imeachtaí ina dhiaidh sin chun cúiteamh a fháil as an gcaillteanas airgeadais mar gheall ar théarmaí éagóracha a chur i bhfeidhm.

Sa tríú háit, scrúdaíonn an Chúirt an gaol idir prionsabail nós imeachta náisiúnta áirithe lena rialaítear imeachtaí achomhairc, amhail na prionsabail lena rialaítear an chuid oibríochtúil, comhréireacht agus toirmeasc reformatio in peius, agus cumhacht na cúirte náisiúnta chun scrúdú a dhéanamh uaithi féin ar nádúr éagórach téarma.

I ndáil leis sin, measann sí go gcuirtear bac leis an Treoir maidir le téarmaí éagóracha (6) ar phrionsabail nós imeachta den sórt sin a chur i bhfeidhm, ar prionsabail iad. faoi nach féidir le cúirt náisiúnta atá ag éisteacht achomhairc i gcoinne breithiúnas a chuireann teorainn ama le haisíoc na suimeanna a d’íoc an tomhaltóir go míchuí faoi théarma a dearbhaíodh a bheith éagórach saincheist ina líomhnaítear sárú ar fhoráil den Treoir sin a ardú, uaithi féin, agus aisíoc iomlán na suimeanna sin a ordú, i gcás nach féidir mainneachtain an tomhaltóra lena mbaineann an teorainn ama sin a chonspóid a chur i leith éighníomhaíocht iomlán an tomhaltóra. Maidir leis na príomhimeachtaí os comhair na cúirte a tharchuir an cás, sonraíonn an Chúirt go bhféadfaí a rá nach ndearna an tomhaltóir lena mbaineann achomharc laistigh de thréimhse iomchuí mar go raibh an tréimhse chun achomharc a dhéanamh imithe in éag cheana nuair a tugadh an breithiúnas in Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile, lenar chinn an Chúirt nach raibh an cásdlí náisiúnta a chuir teorainn ama leis na héifeachtaí aisíoca a bhain le dearbhú ar théarma conarthach éagórach ag luí leis an Treoir sin. Dá bhrí sin, sna príomhimeachtaí, níor léirigh an tomhaltóir lena mbaineann éigníomhacht iomlán toisc nach ndearna sé achomharc. Sna cúinsí sin, tá cur i bhfeidhm na bprionsabal nós imeachta náisiúnta lena ndéantar na modhanna nós imeachta chun a chearta a dhearbhú faoin Treoir maidir le téarmaí éagóracha a bhaint de contrártha do prionsabal na héifeachtachta, sa mhéid gur dóigh dó sin a fhágáil go mbeidh sé dodhéanta nó ródheacair na cearta sin a chosaint.

Sa cheathrú háit agus ar deireadh, tugann an Chúirt aghaidh ar chumhacht na cúirte náisiúnta chun scrúdú a dhéanamh uaithi féin ar nádúr éagórach téarmaí ionstraime infhorfheidhmithe i gcás ina dtugtar agóid i gcoinne fhorfheidhmiú na hionstraime sin os a comhair.

I ndáil leis sin, measann sí go gcuireann an Treoir maidir le téarmaí éagóracha (7) agus prionsabal na héifeachtachta bac ar reachtaíocht náisiúnta nach gceadaítear léi don chúirt atá freagrach as forfheidhmiú fiachais a chinneadh, a bhfuil agóid os a comhair i gcoinne an fhorfheidhmithe sin, measúnú a dhéanamh, uaithi féin nó arna iarraidh sin ag tomhaltóir, ar nádúr éagórach téarmaí conartha ar ionstraim infhorfheidhmithe é, sa chás nach bhféadfaidh an chúirt a thugann breith ar shubstaint an cháis, ar féidir caingean ar leith faoin dlí coiteann a chur faoina bráid d’fhonn scrúdú a fháil ar nádúr éagórach féideartha théarmaí an chonartha sin, na himeachtaí forfheidhmiúcháin a chur ar fionraí go dtí go dtabharfaidh sí breith ar na tuillteanais, ach amháin má íoctar urrús, mar shampla arna ríomh ar bhonn luach ábhar an achomhairc, ar leibhéal ar dóigh dó an tomhaltóir a dhíspreagadh ó chaingean den sórt sin a thabhairt agus a choinneáil ar bun. Maidir leis an urrús sin, sonraíonn an Chúirt nár cheart na costais a bheadh i gceist le caingean dlí i ndáil le méid an fhéich a bheidh faoi chonspóid a bheith de chineál a dhíspreagfadh an tomhaltóir ó chaingean a thabhairt os comhair na cúirte. Is dócha nach mbeidh na hacmhainní airgeadais is gá ag féichiúnaí atá i mainneachtain íocaíochta chun an t-urrús is gá a sholáthar. Is amhlaidh is mó an cás más mó i bhfad luach na gcaingne a thugtar ná luach iomlán an chonartha, mar ba chosúil sna príomhimeachtaí.


1      Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí le tomhaltóirí (IO 1993 L 95, lch. 29, “Treoir maidir le téarmaí éagóracha”).


2      Breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo agus páirtithe eile (C-154/15, C-307/15 agus C-308/15, EU:C:2016:980). Sa bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt, go bunúsach, go raibh cásdlí an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn) lena bhforchuirtear teorainn ama ar aisíocaíocht suimeanna arna n-íoc go míchuí ag tomhaltóirí le bainc ar bhonn téarma éagóraigh, ar a dtugtar an clásal ”íosráta”, contrártha le hAirteagal 6(1) den Treoir maidir le téarmaí éagóracha agus go bhfuil na daoine sin, dá bhrí sin, i dteideal aisíocaíocht iomlán a fháil ar na méideanna sin faoin bhforáil sin.


3      Go háirithe Airteagail 6(1) agus 7(1) den Treoir sin.


4      Idem.


5      Idem.


6      Go háirithe Airteagal 6(1) den Treoir sin.


7      Go háirithe, Airteagail 6(1) agus 7(1) den Treoir sin