Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht München (an Ghearmáin) arna taisceadh an 7 Eanáir 2022 – HTB Neunte Immobilien Portfolio geschlossene Investment UG & Co. KG v Müller Rechtsanwaltsgesellschaft mbH

(Cás C-17/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht München

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: HTB Neunte Immobilien Portfolio geschlossene Investment UG & Co. KG

Cosantóir: Müller Rechtsanwaltsgesellschaft mbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

1. (a)    An gcaithfear Airteagal 6(1)(b) agus (f) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 1 a léirmhíniú sa chiall, i gcás comhpháirtíocht ina bhfuil mórán infheisteoirí ón bpobal i gcoitinne, gur leor go bhfuil comhpháirtí faoi dhliteanas i leith méid beag, ar comhpháirtí é nach bhfuil faoi dhliteanas pearsanta agus nach bhfuil ina comhpháirtí feidhmeannach, chun a chinneadh go bhfuil “leas dlisteanach” aige i bhfaisnéis a fháil faoi na comhpháirtithe eile a bhfuil scaireanna acu arna gcoimeád go hindíreach trí iontaobhaí, faoina sonraí teagmhála agus faoina líon scaireanna sa chomhpháirtíocht sin, agus nach mór oibleagáid chonarthach chomhfhreagrach a thuiscint ón gcomhaontú comhpháirtíochta?

(b)     Nó an bhfuil an leas dlisteanach teoranta, faoi na coinníollacha sin, d’fhaisnéis a fháil ón gcomhpháirtíocht maidir le comhpháirtithe a bhfuil scaireanna á sealbhú go hindíreach acu agus atá faoi dhliteanas i leith méid nach beag, agus a bhfuil méid áirithe scaireanna acu lena bhféadfaidh siad, ar a laghad go féidearthach, tionchar a bheith acu ar thodhchaí na comhpháirtíochta?

2. (a)     An leor, más ann do cheart neamhtheoranta amhail sin [Ceist 1(a)], ionas nach sárófar an toirmeasc ar mhí-úsáid ceart atá mar dhlúthchuid de cheart den sórt sin, nó chun maolú ón teorainn ar cheart chun faisnéise teoranta [Ceist 1(b)], an rún chun dul i dteagmháil chun aithne a chur ar dhaoine, tuairimí a mhalartú nó ceannach scaireanna a chaibidliú?

b)     Nó an féidir a mheas nach bhfuil an leas i bhfaisnéis a fháil ábhartha ach amháin má iarrtar nochtadh na faisnéise sin le rún sainráite chun dul i dteagmháil leis na comhpháirtithe eile chun a iarraidh orthu comhordú a dhéanamh chun críoch a shainaithnítear go sonrach a fhágann go bhfuil gá le comhthoil i dtaca le cinntí na gcomhpháirtithe?

____________

1     Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).