Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Bucureşti (an Rómáin) a taisceadh an 2 Samhain 2023 – Inteligo Media SA v Autoritatea Naţională de Supraveghere a Prelucrării Datelor cu Caracter Personal (ANSPDCP)

(Cás C-654/23, Inteligo Media)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Bucureşti

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir agus Iarratasóir: Inteligo Media SA

Freagróir agus Cosantóir: Autoritatea Naţională de Supraveghere a Prelucrării Datelor cu Caracter Personal (ANSPDCP)

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)    Sa chás go bhfaigheann foilsitheoir preasfhoilseacháin ar líne de chineál iriseoireachta a sholáthraíonn faisnéis don phobal i gcoitinne, nach bhfuil speisialaithe sa réimse, maidir le hathruithe reachtacha a chuirtear in iúl go laethúil sa Rómáin, seoladh ríomhphoist úsáideora nuair a fhaigheann an t-úsáideoir, saor in aisce, cuntas úsáideora a thugann teideal dó: i) rochtain, saor in aisce, ar líon breise alt san fhoilseachán atá i gceist; ii) nuachtlitir laethúil a fháil, trí ríomhphost, ina bhfuil achoimre ar an reachtaíocht nua a chumhdaítear in airteagail san fhoilseachán agus hipearnasc chuig na hailt faoi seach; agus iii) rochtain, trí íocaíocht, ar ailt agus anailísí breise agus/nó níos forleithne san fhoilseachán ná an t-eolas laethúil a tharchuirtear saor in aisce:

a)    An bhfuil an seoladh ríomhphoist sin faighte ag foilsitheoir preasfhoilseacháin iriseoireachta ar líne ‘i gcomhthéacs a bhaineann le díol táirge nó seirbhíse’ de réir bhrí Airteagal 13(2) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) 1 (Treoir 2002/58/CE)?

b)    An ionann tarchur faisnéise amhail an fhaisnéis a thuairiscítear in ii) ag an bhfoilsitheoir preasfhoilseacháin ‘chun críche a tháirgí nó a sheirbhísí comhchosúla féin a mhargú go díreach’ de réir bhrí Airteagal 13(2) de Threoir 2002/58/ CE?

2)    Má tá na freagraí ar cheist 1(a) agus (b) dearfach, cé acu de na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 6(1)(a) go (f) de Rialachán (AE) 2016/679 1 nach mór a léiriú mar choinníollacha a bhfuil feidhm acu nuair a úsáideann an foilsitheoir seoladh ríomhphoist an úsáideora chun faisnéis laethúil a tharchur, amhail an fhaisnéis a thuairiscítear i gceist 1(ii), i gcomhréir le ceanglais Airteagal 13(2) de Threoir 2002/58/CE?

3)    An bhfuil Airteagal 13(1) agus (2) de Threoir 2002/58/CE le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena úsáidtear an téarma ‘cumarsáid tráchtála’ dá bhforáiltear in Airteagal 2(f) de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) 1 (‘Treoir 2000/31/CE’) in ionad an nóisin ‘margaíocht dhíreach’ atá i dTreoir 2002/58/CE. I gcás freagra diúltach, an ‘cumarsáid tráchtála’ de réir bhrí Airteagal 2(f) de Threoir 2000/31/CE atá san fhaisnéis atá tuairiscithe i gceist 1(ii)?

4)    Má tá na freagraí ar cheist (1)(a) agus (b) diúltach:

a)    an ionann tarchur trí ríomhphost faisnéise laethúil amhail an fhaisnéis a thuairiscítear i gceist 1(ii) thuas agus ‘úsáid (...) post leictreonach chun críocha margaíocht díreach’ de réir bhrí Airteagal 13(1) de Threoir 2002 /58/CE?

b)    an bhfuil Airteagal 95 de Rialachán (AE) 2016/679 i gcomhar le hAirteagal 15(2) de Threoir 2002/58/CE, le léiriú sa chaoi a chiallaíonn go gceadófar leis neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha a bhaineann le toiliú bailí úsáideora a fháil faoi Airteagal 13(1) de Threoir 2002/58/CE i gcomhréir le hAirteagal 83 de Rialachán (AE) 2016/679 nó i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta atá sa ghníomh lena ndéantar Treoir 2002/58/CE a thrasuí, a bhfuil smachtbhannaí sonracha infheidhme ann ina leith?

5)    An bhfuil Airteagal 83(2) [de] Rialachán (AE) 2016/679 le léiriú sa chaoi a chiallaíonn go gceanglaítear ar údarás maoirseachta a chinneann fíneáil riaracháin a fhorchur agus a shocraíonn méid na fíneála sin i ngach cás ar leith anailís agus mínigh sa ghníomh riaracháin lena bhforchuirtear an fhíneáil tionchar gach ceann de na critéir atá leagtha amach i bpointe (a) go pointe (k) ar an gcinneadh fíneáil riaracháin a fhorchur, faoi seach ar an gcinneadh maidir le méid na fíneála riaracháin a fhorchuirtear?

____________

1 IO 2002 L 201, lch. 37.

1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).

1 IO 2000 L 178, lch. 1.