Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Administratīvā rajona tiesa (an Laitvia) a taisceadh an 8 Lúnasa 2023 – SIA Laimz v Izložu un azartspēļu uzraudzības inspekcija

(Cás C-509/23, Laimz)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Administratīvā rajona tiesa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: SIA Laimz

Cosantóir: Izložu un azartspēļu uzraudzības inspekcija

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)An gcaithfear Airteagal 3, pointe 11(a) de Threoir 2015/849  a léiriú ar chaoi go bhféadfar a mheas go bhfuil baint ag duine aonair le duine atá faoi riteacht pholaitiúil ar an bhfhoras amháin gur cuid den údarás poiblí céanna iad na daoine sin, gan aon mheas a dhéanamh ar aon imthoisc eile?1

2)An gcaithfear [Airteagal 3, pointe 9] de Threoir 2015/849 a léiriú ar chaoi gur gá a chinneadh, chun a chinneadh an bhfuil stádas duine atá faoi riteacht pholaitiúil ag duine, an bhfuil post dá dtagraítear san airteagal sin ag an duine sin agus, ina theannta sin, gur gá imscrúdú a dhéanamh agus a fháil amach an post sinsearach é an post agus nach post idirmheánach ná post níos ísle ná sin é?

3)An gcaithfear Airteagal 45(1) de Threoir 2015/849, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 45(8) den Airteagal sin, a léiriú ar chaoi nach mór do na Ballstáit cead a thabhairt do na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Threoir 2015/849, a mheastar gur cuideachtaí den ghrúpa céanna iad, faisnéis a mhalartú lena chéile, lena n-áirítear trí chomhaontuithe um mhalartú faisnéise a thabhairt i gcrích agus trína áirithiú go mbeidh sreabhadh faisnéise cómhalartach ann agus go mbeidh an fhéidearthacht ann amhlaidh a dhéanamh ar chaoi go gcuirfí i bhfeidhm go frithpháirteach é, chun cuspóirí Threoir 2015/849 a bhaint amach?

4)An gceadaítear le hAirteagal 45(1) agus (8) de Threoir 2015/849, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3, pointí 12 agus 15 den Treoir sin, faisnéis nó cinntí den sórt sin a úsáid, agus na cinntí arna nglacadh laistigh den ghrúpa ag lucht bainistíochta gnóthais a bhaineann leis an ngrúpa céanna a chur i bhfeidhm i roinnt gnóthas a bhaineann leis an ngrúpa céanna?

5)An gcaithfear Airteagal 14(5) de Threoir 2015/849, i gcomhar le hAirteagal 8(2) de, a léiriú ar chaoi nach gceanglaítear ar eintitis faoi oibleagáid bearta díchill chuí a dhéanamh i leith custaiméirí tráchtála atá ann cheana mura bhfuil an teorainn ama a leagtar síos sa dlí náisiúnta ná an teorainn ama a fhorchuirtear le nósanna imeachta an chórais rialaithe inmheánaigh chun bearta díchill chuí a chur chun feidhme dulta in éag agus mura bhfuil an t-eintiteas faoi oibleagáid ar an eolas faoi imthosca nua a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don mheasúnú riosca a dhéantar i ndáil leis an gcustaiméir lena mbaineann?

6)An gcaithfear an oibleagáid a fhorchuirtear le hAirteagal 11(d) de Threoir 2015/849 ar eintitis faoi oibleagáid bearta díchill chuí do chustaiméirí a chur i bhfeidhm i gcás ina mbeadh luach iomlán EUR 2 000 nó níos mó ag an idirbheart, tráth a bhailítear an tuillimh buaite nó a chuirtear geallta i gcrích, cibé acu a dhéantar an t-idirbheart sin in idirbheart nó i roinnt idirbhearta a ndealraíonn sé go bhfuil caidreamh de chineál éigin eatarthu, a léiriú ar chaoi go gcaithfear bearta den sórt sin a chur i bhfeidhm aon uair a shroicheann méid iomlán an idirbhirt EUR 2 000, gan beann ar an tréimhse ina mbaintear amach arís an méid EUR 2 000 a leagtar síos san fhoráil sin?

____________

1Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO 2015 L 141, lch. 73).