Language of document :

Achomharc arna thabhairt ag Ferriere Nord SpA an 19 Eanáir 2023 i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra, méadaithe) an 9 Samhain 2022 i-gCás T 667/19 Ferriere Nord v an Coimisiún

(Cás C-31/23 P)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Achomharcóir: Ferriere Nord SpA (ionadaí: W. Viscardini, G. Donà, B. Comarini, avvocati)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

go príomha, breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra, méadaithe) an 9 Samhain 2022 a chur ar ceal i-gCás T 667/19, a mhéid a dhiúltaigh sí don phríomhiarratas ó Ferriere Nord chun chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh an 4 Iúil 2019 C (2019) 4969 final a neamhniú;

dá bhrí sin, an cinneadh thuasluaite ón gCoimisiún a neamhniú;

mar mhalairt air sin, breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra, méadaithe) an 9 Samhain 2022 a chur ar ceal i-gCás T 667/19, a mhéid a dhiúltaigh sí don phríomhiarratas ó Ferriere Nord chun chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh an 4 Iúil 2019 C (2019) 4969 final a neamhniú go páirteach agus, ar an gcaoi sin, an pionós a fhorchuirtear a laghdú.

dá bhrí sin, an cinneadh thuasluaite ón gCoimisiún a neamhniú go páirteach agus, an pionós a fhorchuirtear a laghdú.

Ar aon chaoi, a ordú don Choimisiún Eorpach costais ag an gcéad chéim agus ar achomharc a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

(A)    Forais achomhairc lena n-iarrtar breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chur ar ceal ina iomláine sa mhéid gur dhiúltaigh sé do phléadálacha Ferriere Nord inar iarr sí go gcuirfí an cinneadh ón gCoimisiún an 4 Iúil 2019 ar neamhní

I    Sárú ar chearta na cosanta agus na rialacha is infheidhme (Airteagal 266 CFAE; Airteagal 47 agus Airteagal 48 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint Airteagal 14 agus Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1/20031 ; Airteagail 11, 12, 13 agus 14 de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004)2 i ndáil le héisteacht an 23 Aibreán 2018 agus leis an tuairim ón gCoiste Comhairleach — Sárú ar phrionsabal thoimhde na neamhchiontachta — Mainneachtain fianaise a scrúdú agus, in aon chás, mainneachtain cúiseanna a lua i ndáil leis sin — Saobhadh follasach le feiceáil ó na doiciméid sa chomhad, na fíricí agus na fianaise — Mainneachtain cúiseanna a lua — Measúnuithe treallacha.

II    Sárú ar an bprionsabal maidir le fhad réasúnta na n-imeachtaí - Sárú ar chearta na cosanta (Airteagal 41 agus Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint) — Saobhadh follasach ar thuiscint shoiléir na bhfíoras agus na fianaise — Ráiteas ar chúiseanna. Saobhadh follasach le feiceáil ó na doiciméid sa chomhad, na fíricí agus na fianaise – Mainneachtain cúiseanna a lua.

III    Ráiteas ar chúiseanna mícheart nó lochtach maidir leis na cúiseanna chun an nós imeachta a athoscailt agus cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear pionóis (Airteagal 7 agus Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003) — Ultra vires — Sárú ar phrionsabal na comhréireachta — Sárú ar Airteagal 41 agus Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 6 den ECtHR — Mainneachtain cúiseanna a lua — argóintí breise a fhorlíonadh go neamh-inghlactha — Mainneachtain fíorais agus fianaise a mheasúnú — An dualgas cruthúnais a aisiompú.

IV    Sárú ar an bprionsabal ne bis in idem (Airteagal 50 den Chairt).

V    Neamhdhleathacht faoi Airteagal 277 CFAE d’Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 (Airteagal 41 agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint; Airteagal 5 CAE) — Eisiamh na cumhachta chun imscrúdú a dhéanamh agus pionóis a fhorchur (Airteagal 7 agus Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003).

(B)    Forais achomhairc lena n-iarrtar breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chur ar neamhní go páirteach sa mhéid gur dhiúltaigh sí do phléadálacha Ferriere Nord inar iarr sí go gcuirfí í an cinneadh ón gCoimisiún an 4 Iúil 2019 ar neamhní go páirteach agus dá bhrí sin páirteach agus, an pionós a fhorchuirtear a laghdú.

VI    Neamhdhleathacht an mhéadaithe ar an bhfíneáil i gcás athsháruithe mar gheall ar shárú ar chearta na cosanta (Airteagal 41, Airteagal 47 agus Airteagal 48 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint; Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003; Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004) — Mainneachtain an fhianaise a scrúdú agus, in aon chás, mainneachtain cúiseanna a lua ina leith sin — Saobhadh follasach le feiceáil ó na doiciméid sa chomhad, na fíricí agus na fianaise – Mainneachtain cúiseanna a lua.

VII    Neamhdhleathacht an mhéadaithe ar an bhfíneáil maidir le hathshárú ar chúiseanna eile — Sárú ar phrionsabal na comhréireachta — Méid iomarcach — Mainneachtain cúiseanna a lua.

VIII    Sárú ar phrionsabal na córa comhionainne i laghdú na fíneála mar gheall ar imthosca maolaitheacha — Ráiteas ar chúiseanna moillithe.

____________

1     Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh (IO 2003, L 1, lch. 1).

1     Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le seoladh imeachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 81 agus Airteagal 82 de Chonradh CE (IO 2004 L 123, lch. 18).