Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 3 Lúnasa 2023 – QE, IJ v DP, EB

(Cás C494/23, Mahá1 )

Teanga an cháis: an tSeicis

    

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší soud

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: QE, IJ

Cosantóirí: DP, EB

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 1(1) Rialachán (AE) Uimh. 1215/20121  ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a léiriú sa chaoi gur féidir le himeachtaí maidir le ionadú ar thoiliú an chosantóra le mír a scaoileadh  ó coimeád breithiúnach, ar imeachtaí iad a ghabhann le himeachtaí maidir le coimeád breithiúnach arna tosaigh le taisceadh míre arna urghabháil ag údaráis forghníomhaithe dlí a chur faoi choimeád, a thagann faoin gcoincheap “ábhair shibhialta agus tráchtála” de réir bhrí na forála sin?

I gcás freagra dearfach an gcéad cheist, an gcaithfear Airteagal 8(2) Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a léiriú sa chaoi gur féidir iarraidh le haghaidh ionadú ar thoiliú an chosantóra le mír a scaoileadh  ó coimeád breithiúnach arna chomhdú ag páirtí amháin sna himeachtaí maidir le coimeád breithiúnach a bhaineann leis an mír sin, i gcoinne páirtí eile sna himeachtaí maidir le coimeád bhreithiúnach, gurb ionann é agus iarratas [in imeachtaí] dá bhforáiltear san fhoráil lena mbaineann?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 IO 2012, L 351, lch. 1.