Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 2 Lúnasa 2023 ag Wallmax Srl i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) a tugadh an 7 Meitheamh 2023 i gCásanna Uamtha T-218/22 agus T-219/22, Roxtec agus Wallmax v EUIPO – Wallmax agus Roxtec (Léiriú ar chearnóg ghorm ina bhfuil ocht gciorcal dubha comhlárnacha)

(Cás C-495/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Wallmax Srl (ionadaithe: L. Goglia agus B. Villa, avvocati)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Roxtec AB, Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Trí ordú an 27 Deireadh Fómhair 2023, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí do Wallmax Srl a chostais féin a íoc.

    

____________