Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie (an Rómáin) a taisceadh an 1 Lúnasa 2023 – AF v Guvernul României, Ministerul Sănătăţii, Casa Judeţeană de Asigurări de Sănătate Mureș

(Cás C-489/23, Casa Judeţeană de Asigurări de Sănătate Mureș agus páirtithe eile)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir agus achomharcóir ar phointe dlí: AF

Cosantóirí agus freagróirí san achomharc ar phointe dlí: Guvernul României, Ministerul Sănătăţii, Casa Judeţeană de Asigurări de Sănătate Mureș

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gá Airteagail 49 agus 56 CFAE agus Airteagal 7(7) de Threoir 2011/24/AE1 a léiriú mar chosc ar reachtaíocht lena gcuirtear go huathoibríoch aisíocaíocht na costais arna dtabhú ag duine atá árachaithe go héigeantach sa Bhallstát cónaithe faoi réir measúnú leighis arna dhéanamh ag gairmí sláinte a sholáthraíonn seirbhísí sláinte i gcóras árachais sláinte an Stáit sin agus go n-eisíonn an gairmí sin iarratas ar ospidéalú ina dhiaidh sin, gan é a bheith ceadaithe doiciméid choibhéiseacha leighis arna n-eisiúint ag institiúidí sláinte príobháideacha a chur isteach, fiú i gcás inar tharla an chóireáil ospidéil agus inar cuireadh an tseirbhís sláinte ar fáil i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí ar an duine árachaithe?

An féidir Airteagail 49 agus 56 CFAE, Airteagal 22(1)(c) de Rialachán Uimh. 1408/71,1 prionsabail na saorghluaiseachta othar agus seirbhísí, agus prionsabal na héifeachtúlachta agus prionsabal na comhréireachta a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena socraítear, i gcás nach bhfuarthas réamhúdarú, méid na seirbhísí atá le híoc ar leibhéal na gcostas a thabhódh an Ballstát cónaithe dá gcuirfí an cúram leighis ar fáil ar a chríoch, trí bhíthin foirmle ríofa lena gcuirtear teorainn shuntasach le méid an liúntais sin i ndáil leis na costais iarbhír arna dtabhú ag an duine árachaithe sa Bhallstát a sholáthair na seirbhísí sláinte i dtrácht?

____________

1 Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO 2011 L 88, lch. 45).

1 Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 ón gComhairle an 14 Meitheamh 1971 maidir le cur i bhfeidhm na scéimeanna slándála sóisialta do dhaoine fostaithe, do dhaoine féinfhostaithe agus do bhaill dá dteaghlach atá ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO 1971 L 149, lch. 2).