Language of document : ECLI:EU:C:2022:838

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

SZPUNAR

arna tabhairt an 27 Deireadh Fómhair 2022 (1)

Cás C470/21

La Quadrature du Net,

Fédération des fournisseurs d’accès à Internet associatifs,

Franciliens.net,

French Data Network

v

Premier ministre

Ministère de la Culture


 

[iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (An Fhrainc)]

(Tarchur chun réamhrialú – Próiseáil sonraí pearsanta agus cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí – Treoir 2002/58/CE – Airteagal 15(1) – Féidearthacht do Bhallstáit raon feidhme ceart agus oibleagáidí áirithe a theorannú – Oibleagáid grinnscrúdaithe roimh ré ó chúirt nó eintiteas riaracháin neamhspleách a bhfuil cumhacht cheangailteach aige nó aici – Sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoladh IP)






I.      Réamhrá

1.        Bíonn an cheist maidir le sonraí áirithe úsáideoirí idirlín a choinneáil agus rochtain a fháil orthu ábhartha i gcónaí agus is ábhar é do chásdlí na Cúirte le déanaí ach atá flúirseach cheana féin.

2.        Tugann an cás reatha deis don Chúirt aghaidh a thabhairt ar an gceist seo arís, i gcomhthéacs athnuaite an chomhraic i gcoinne sáruithe ar chearta maoine intleachtúla a rinneadh ar líne go heisiach.

II.    An dlí lena mbaineann

A.      Dlí an Aontais Eorpaigh

3.        Leagtar an méid seo a leanas amach in aithrisí 2, 6, 7, 11, 22, 26 agus 30 de Threoir 2002/58/CE (2):

“(2)      Leis an Treoir seo, féachtar leis na cearta bunúsacha a urramú agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Go háirithe, leis an Treoir seo féachtar le hurraim iomlán do na cearta atá leagtha amach in Airteagail 7 agus 8 a áirithiú.

[...]

(6)      Tá struchtúir thraidisiúnta an mhargaidh á dtiontú bun os cionn ag an idirlíon trí bhonneagar coiteann domhanda a chur ar fáil chun réimse leathan seirbhísí leictreonacha a sholáthar. Tá deiseanna nua d'úsáideoirí ann mar thoradh ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí ar an idirlíon ach tá rioscaí ann freisin maidir lena sonraí pearsanta agus a bpríobháideachas

(7)      I gcás líonraí cumarsáide poiblí, ba cheart forálacha sonracha dlíthiúla, rialála agus teicniúla a dhéanamh d’fhonn cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus leasanna dlisteanacha daoine dlítheanacha a chosaint, go háirithe i ndáil le hacmhainn na stórála uathoibrithe agus na próiseála sonraí a bhaineann le síntiúsóirí agus úsáideoirí.

[...]

(11)      Amhail Treoir [95/46/CE (3)], ní thugann an Treoir seo aghaidh ar shaincheisteanna maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha a bhaineann le gníomhaíochtaí nach bhfuil faoi rialú dhlí an Chomhphobail. Dá bhrí sin, ní athraíonn sí an chothromaíocht reatha idir ceart an duine aonair chun an saol príobháideach agus an fhéidearthacht do na Ballstáit na bearta dá dtagraítear in Airteagal 15(1) den Treoir seo a dhéanamh, bearta atá riachtanach maidir leis an tslándáil phoiblí, an chosaint, slándáil an Stáit (lena n‑áirítear rathúnas eacnamaíoch an Stáit nuair a bhaineann na gníomhaíochtaí le hábhair slándála an Stáit) agus forfheidhmiú an dlí choiriúil a chosaint. Dá bharr sin, ní dhéantar difear leis an Treoir seo do chumas na mBallstát idircheapadh dleathach a dhéanamh ar chumarsáid leictreonach nó bearta eile a dhéanamh, más gá chun na gcríoch sin agus i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint [arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950], arna léirmhíniú ag na rialuithe ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. Ní mór bearta den sórt sin a bheith cuí, go hiomlán comhréireach leis an gcuspóir atá beartaithe agus atá riachtanach laistigh de shochaí dhaonlathach. Ba cheart go mbeidís faoi réir cosaintí leordhóthanacha i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

[...]

(22)       Níl sé i gceist leis an toirmeasc ar chumarsáid agus sonraí tráchta gaolmhara a bheith á stóráil ag daoine seachas na húsáideoirí nó gan a dtoiliú toirmeasc a chur ar gach stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus idirthréimhseach ar fhaisnéis den sórt sin má dhéantar stóráil den sórt sin chun an tarchur a dhéanamh sa líonra cumarsáide leictreonaí amháin, ar choinníoll nach stóráiltear an fhaisnéis ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun trácht a tharchur agus a bhainistiú agus go ráthaítear rúndacht na faisnéise i gcónaí le linn na tréimhse stórála. [...]

[...]

(26)      Cuimsíonn sonraí síntiúsóirí a phróiseáiltear i líonraí cumarsáide leictreonacha chun naisc a bhunú agus faisnéis a tharchur faisnéis faoi shaol príobhaideach daoine nádúrtha agus a mbíonn tionchar acu ar an gceart chun rúndacht a gcomhfhreagrais chomh maith le leasanna dlisteanacha daoine dlíteanacha. Ní fhéadfar na sonraí sin a stóráil ach a mhéid is gá chun an tseirbhís a sholáthar, chun críoch billeála agus íocaíochtaí idirnasctha, agus ar feadh tréimhse theoranta ama. Ní fhéadfar aon phróiseáil bhreise ar na sonraí sin ... a údarú ach amháin má thug an síntiúsóir a thoiliú ar bhonn faisnéis bheacht agus iomlán arna soláthar ag soláthraí na seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí ar chineál na n‑oibríochtaí próiseála eile atá beartaithe aige a dhéanamh, chomh maith le ceart an tsíntiúsóra gan a thoiliú a thabhairt don phróiseáil sin nó a thoiliú a tharraingt siar. [...]

[...]

(30)      Ba cheart na córais a forbraíodh chun líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar a dhearadh ar bhealach a chuirfeadh teorainn leis an méid sonraí pearsanta a theastaíonn go dtí an t‑íosmhéid. [...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4.        De réir Airteagal 2 den Treoir sin, dar teideal “Sainmhínithe”:

“[...]

Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas chomh maith:

(a)      ciallaíonn ‘úsáideoir’: aon duine nádúrtha a úsáideann seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, chun críoch príobháideach nó gnó, gan gá a bheith suibscríofa don tseirbhís sin;

(b)      ciallaíonn ‘sonraí tráchta’: aon sonraí a dhéantar a phróiseáil chun cumarsáid a iompar ar líonraí cumarsáide leictreonaí nó chun críoch billeála;

(c)      ciallaíonn ‘sonraí suímh’: aon sonraí a dhéantar a phróiseáil i líonra cumarsáide leictreonaí, nó a phróiseálann seirbhís cumarsáide leictreonaí, a léiríonn suíomh geografach an trealaimh teirminéil d’úsáideoir seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí;

(d) ciallaíonn ‘cumarsáid’: aon fhaisnéis a dhéantar a mhalartú nó a iompar idir líon teoranta páirtithe trí mheán seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí. Ní áirítear air sin aon fhaisnéis a dhéantar a iompar mar chuid de sheirbhís craolacháin don phobal thar líonraí cumarsáide leictreonaí seachas a mhéid is féidir an fhaisnéis sin a cheangal leis an síntiúsóir nó úsáideoir aonair a fhaigheann an fhaisnéis;

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5.        Foráiltear le hAirteagal 3 den Treoir sin, dar teideal “Seirbhísí lena mbaineann”:

“Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a sholáthar i líonraí cumarsáide poiblí sa Chomhphobal, lena n‑áirítear líonraí cumarsáide poiblí a thacaíonn le feistí bailithe sonraí agus aitheantais.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6.        Foráiltear le hAirteagal 5 den Treoir sin, dar teideal “Rúndacht na cumarsáide”:

“1.      Áiritheoidh na Ballstáit rúndacht na cumarsáide agus na sonraí gaolmhara tráchta trí mheán líonra cumarsáide poiblí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal, trí reachtaíocht náisiúnta. Go háirithe, cuirfidh siad toirmeasc ar éisteacht, cúléisteacht, stóráil nó cineálacha eile idircheaptha nó faireachais ar chumarsáid agus na sonraí gaolmhara tráchta ag daoine seachas na húsáideoirí gan toiliú ó na húsáideoirí lena mbaineann, ach amháin nuair a údaraítear déanamh amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 15(1). Ní chuirfidh an mhír seo cosc ar stóráil theicniúil atá riachtanach chun cumarsáid a iompar gan dochar do phrionsabal na rúndachta.

[...]

3.      Áiritheoidh na Ballstáit nach gceadófar stóráil faisnéise, nó rochtain ar fhaisnéis atá stóráilte cheana, i dtrealamh teirminéil an úsáideora ach amháin ar choinníoll go bhfuil toiliú tugtha ag an síntiúsóir nó an úsáideoir tar éis dó faisnéis shoiléir, chuimsitheach, i gcomhréir le Treoir [95/46], a fháil inter alia faoi chuspóirí na próiseála. Ní chuirfí cosc leis sin ar stóráil nó ar rochtain theicniúil chun tarchur cumarsáide a dhéanamh nó a éascú thar líonraí cumarsáide leictreonaí, nó de réir mar is gá d’fhonn seirbhís na sochaí faisnéise arna hiarraidh go sainráite ag an síntiúsóir nó ag an úsáideoir a sholáthar, agus ar an mbonn sin amháin.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7.        De réir Airteagal 6 de Threoir 2002/58, dar teideal “Sonraí tráchta”:

“1.      Ní mór sonraí tráchta a bhaineann le síntiúsóirí agus úsáideoirí arna stóráil ag soláthraí líonra cumarsáide poiblí nó seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal a scriosadh nó a choinneáil anaithnid nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun cumarsáid a tharchur gan dochar do mhíreanna 2, 3 agus 5 den Airteagal seo agus d’Airteagal 15(1).

2.      Féadfar próiseáil a dhéanamh ar shonraí tráchta atá riachtanach chun críoch billeála nó íocaíochtaí idirnaisc ón síntiúsóir. Ceadaítear próiseáil den chineál sin go dtí deireadh na tréimhse lena linn ar féidir agóid a dhéanamh i gcoinne an bhille nó íocaíocht a shaothrú lena linn.

[...]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8.        Luaitear in Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, dar teideal “Forálacha áirithe i dTreoir [95/46] a chur i bhfeidhm”:

“Féadfaidh na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh chun raon feidhme na gceart agus na n‑oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6, 8(1), (2), (3) agus (4) agus in Airteagal 9 den Treoir seo a shrianadh nuair is beart riachtanach, iomchuí, comhréireach é srianadh den chineál sin laistigh de shochaí dhaonlathach chun an tslándáil náisiúnta (i.e. slándáil an Stáit), an chosaint agus an tslándáil phoiblí a shlánchoimeád nó chun cionta coiriúla nó úsáid neamhúdaraithe an chórais cumarsáide leictreonaí, dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Threoir [95/46], a chosc, a fhiosrú, a bhrath agus a ionchúiseamh. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit, inter alia, bearta reachtacha a ghlacadh ina bhforáiltear do shonraí a choinneáil ar feadh tréimhse shrianta le bonn cirt ar na forais a leagtar síos sa mhír seo. Beidh gach beart dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an [Aontais], lena n‑áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

B.      Dlí na Fraince

1.      An cód maoine intleachtúla,

9.        Foráiltear le hAirteagal L. 331 - 12 den Chód Maoine Intleachtúla, sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (“CMI”):

“Údarás poiblí neamhspleách a bheidh san Ard-Údarás um Scaipeadh na Saothar agus um Chearta a Chosaint ar an idirlíon [“Hadopi”].”

10.      Foráiltear le hAirteagal 331 - 13 de CMI:

“Déanann [Hadopi]:

[...]

2°      Tasc cosanta [saothair agus ábhar a bhfuil cóipcheart nó ceart gaolmhar i líonraí cumarsáide leictreonaí ceangailte leis] maidir le sáruithe ar na cearta sin a dhéantar ar líonraí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun seirbhísí cumarsáide a sholáthar don phobal ar líne; [...]”

11.      Faoi Airteagal L. 331 - 15 den Chód sin:

“Tá [Hadopi] comhdhéanta de choláiste agus coimisiún chun cearta a chosaint. […]

[…]

I bhfeidhmiú a gcumhachtaí, ní bhfaighidh comhaltaí an Choláiste agus an Choimisiúin um Chearta a Chosaint treoracha ó aon údarás.”

12.      Foráiltear le hAirteagal L. 331 - 17 den Chód sin:

“Beidh an Coimisiún um Chearta a Chosaint freagrach as na bearta dá bhforáiltear in Airteagal L. 331 - 25 a dhéanamh.”

13.      De réir Airteagal L. 331 - 21 den Chód sin:

“Chun a chumhachtaí a fheidhmiú, ag an gCoimisiún um Chearta a Chosaint, beidh oifigigh phoiblí mhionnaithe ag [Hadopi] arna gcumhachtú ag [a] Uachtarán faoi choinníollacha atá leagtha síos le foraithne ón gComhairle Stáit. [...]

Gheobhaidh comhaltaí an Choimisiúin um Chearta a Chosaint agus na gníomhairí dá dtagraítear sa chéad mhír tarchuir a bheidh dírithe chuig an gCoimisiún sin faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal L. 331 - 24. Scrúdaíonn siad na fíricí.

Féadfaidh siad, chun críocha an nós imeachta, aon doiciméid a fháil, cibé meán, lena n‑áirítear sonraí atá stóráilte agus próiseáilte ag oibreoirí cumarsáide leictreonacha de bhun Airteagal L. 34 - 1 den Chód Cumarsáide Poist agus Leictreonacha agus na soláthraithe seirbhíse a luaitear in Airteagal 6(I)(1) agus (2) de Dhlí Uimh. 2004 - 575 an 21 Meitheamh 2004 maidir le muinín sa gheilleagar digiteach.

Féadfar cóipeanna de na doiciméid dá dtagraítear sa mhír roimhe seo a fháil freisin.

Féadfaidh siad, go háirithe, aitheantas, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin an tsíntiúsóra ar úsáideadh a rochtain ar sheirbhísí cumarsáide poiblí ar líne a fháil ó oibreoirí cumarsáide leictreonaí, ar úsáideadh iad chun saothar nó ábhar faoi chosaint a atáirgeadh, a léiriú, a chur ar fáil nó cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal, gan údarú na sealbhóirí cirt [...] nuair atá an t‑údarú sin riachtanach.”

14.      Foráiltear le hAirteagal L. 331 - 24 de CMI:

“Gníomhóidh an Coimisiún um Chearta a Chosaint ar tharchur chuig gníomhairí a bhfuil mionn glactha acu agus atá údaraithe ... atá ainmnithe ag:

–        comhlachtaí cosanta gairmiúla comhdhéanta de réir dlí;

–        na comheagraíochtaí bainistíochta;

–        an tIonad Náisiúnta Scannánaíochta agus Beochana

Féadfaidh an Coimisiún um Chearta a Chosaint gníomhú freisin ar bhonn faisnéis a tharchuireann an t‑ionchúisitheoir poiblí chuige.

Ní fhéadfar fíricí a théann siar níos mó ná sé mhí a chur faoina bhráid.”

15.      De réir Airteagal L. 331 - 25 den Chód sin, san fhoráil lena rialaítear an nós imeachta um “fhreagairt chéimithe”:

“Nuair a chuirtear fíricí faoina bhráid ar dóigh gur sárú ar an oibleagáid a shainmhínítear in Airteagal L. 336 - 3 [de CMI] iad, féadfaidh an Coimisiún um Chearta a Chosaint a sheoladh chuig an síntiúsóir ... moladh a chuireann forálacha Airteagal L. 336 - 3 i gcuimhne dó, agus é ag gabháil dó an oibleagáid a shainíonn siad agus a thugann rabhadh dó faoi na pionóis a thabhaítear de bhun Airteagail L. 335 - 7 agus L. 335 - 7- 1. Bíonn faisnéis sa mholadh sin freisin don síntiúsóir maidir le tairiscint dhlíthiúil ábhar cultúrtha ar líne, maidir le modhanna slána a bheith ann chun sáruithe ar an oibleagáid a shainítear in Airteagal L. 336 - 3 a chosc chomh maith leis na contúirtí d’athbheochan na healaíne agus gheilleagar na hearnála cultúrtha a bhaineann le cleachtais nach n‑urramaítear cóipcheart agus cearta gaolmhara leo.

I gcás go ndéantar arís, laistigh de shé mhí ó sheoladh an mholta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, na gníomhartha ar dóigh dóibh a bheith ina sárú ar an oibleagáid a shainítear in Airteagal L. 336 - 3, féadfaidh an coimisiún moladh nua a sheoladh ina mbeidh an fhaisnéis chéanna leis an gceann roimhe sin trí mhodh leictreonach [...]. Ní mór dó a chur ag gabháil leis an moladh litir a sheachadtar in aghaidh síniú nó aon mhodh eile lenar féidir cruthúnas a thabhairt ar dháta seachadta an mholta.

Luafar sna moltaí a sheolfar ar bhonn an airteagail seo an dáta agus an t‑am a tugadh faoi deara na fíricí ar dóigh gurb ionann iad agus sárú ar an oibleagáid a shainítear in Airteagal L. 336 - 3. Ní nochtfar iontu ábhar na saothar nó an ábhair lena mbaineann an sárú sin, áfach. Luafar iontu na sonraí teagmhála teileafóin, poist agus leictreonacha i gcás ina bhféadfaidh an seolaí, más mian leis, barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún um Chearta a Chosaint agus sonraí a fháil, má iarrann sé go sainráite amhlaidh, ar ábhar na saothar nó an ábhair lena mbaineann an sárú a chuirtear ina leith.”

16.      Foráiltear le hAirteagal L. 331 - 29 den Chód sin:

“Údaraítear do [Hadopi], próiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta a chruthú, ar sonraí iad a bhaineann le daoine atá faoi réir imeachtaí faoin bhfo-alt seo.

Is é cuspóir na próiseála seo ná cur i bhfeidhm, ag an gCoimisiún um Chearta a Chosaint, na mbeart dá bhforáiltear san fho-alt seo, ar na doiciméid nós imeachta ghaolmhara go léir agus ar na nósanna imeachta chun comhlachtaí cosanta gairmiúla agus eagraíochtaí comhbhainistíochta a chur ar an eolas faoi aon chás a chuirfear faoi bhráid an údaráis bhreithiúnaigh chomh maith leis na fógraí dá bhforáiltear sa chúigiú mír d’Airteagal L. 335 - 7.

Leagfar síos le foraithne [...] na rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an ailt seo. Sonraítear ann go háirithe:

–        na catagóirí sonraí a taifeadadh agus a dtréimhse choinneála;

–        faighteoirí atá údaraithe chun sonraí den sórt sin a fháil, go háirithe daoine arb í a ngníomhaíocht rochtain ar sheirbhísí cumarsáide ar líne a thairiscint don phobal;

–        na coinníollacha faoina bhféadfaidh daoine leasmhara feidhmiú, le [Hadopi], a gceart rochtana ar shonraí a bhaineann leo [...]”

17.      Foráiltear le hAirteagal R. 331 - 37 den Chód sin:

“Ceanglaítear ar oibreoirí na cumarsáide leictreonaí ... agus ar sholáthraithe seirbhíse ... a chur in iúl, trí idirnascadh le próiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal L. 331 - 29 nó trí mheán taifeadta lena gcinntítear a sláine agus a slándáil, na sonraí pearsanta agus an fhaisnéis a luaitear in 2 ° den iarscríbhinn a ghabhann le [Foraithne Uimh. 2010 - 236, an 5 Márta 2010, a bhaineann le próiseáil uathoibrithe sonraí pearsanta arna n‑údarú faoi Airteagal L. 331 - 29 de [CMI] a thuairiscítear mar ‘Chóras chun bearta a bhainistiú chun saothar a chosaint ar an idirlíon’ (4)] [...] laistigh d’ocht lá i ndiaidh tarchur arna dhéanamh ag an gCoimisiún um Chearta a Chosaint na sonraí teicniúla is gá chun an síntiúsóir a aithint ar úsáideadh a rochtain ar sheirbhísí cumarsáide poiblí ar líne chun críocha atáirgthe, léirithe, chur ar fáil nó cumarsáide don phobal maidir le saothar nó ábhar gan údarú na sealbhóirí cirt [...] nuair atá an t‑údarú sin riachtanach.

[...]”

18.      Foráiltear le hAirteagal R. 335 - 5 de CMI:

“I.-      Is éard atá i gceist le mórfhaillí, inphionósaithe leis an bhfíneáil dá bhforáiltear sna sáruithe faoi rang a cúig, ná, gan cúis dhlisteanach, don duine a bhfuil rochtain aige ar sheirbhísí cumarsáide poiblí ar líne, nuair a chomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in II:

1°      Gan bealach a bheith curtha ar bun acu chun an rochtain sin a shlánú;

2°      Nó easpa dúthrachta a bheith ann maidir le cur i bhfeidhm na modhanna sin.

II.-      Ní bheidh feidhm ag forálacha I ach amháin sa chás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

1°      De bhun Airteagal L. 331 - 25 agus sna foirmeacha dá bhforáiltear san airteagal sin, mhol an Coimisiún um Chearta a Chosaint do shealbhóir na rochtana modh a chur i bhfeidhm chun a rochtain shlán a áirithiú chun cosc a chur lena úsáid in athuair chun críocha atáirgthe, léirithe nó cur ar fáil nó cumarsáide leis an bpobal maidir le saothair nó ábhar atá faoi chosaint cóipchirt nó ceart gaolmhar gan údarú na sealbhóirí cirt [...] nuair atá an t‑údarú sin riachtanach;

2°      Laistigh de bhliain amháin tar éis an moladh sin a sheachadadh, úsáidtear an rochtain sin arís chun na gcríoch a luaitear i 1° den II seo.”

19.      Leagtar amach in Airteagal 396 - 3 den Chód sin:

“Beidh oibleagáid ar an duine a bhfuil rochtain aige ar sheirbhísí cumarsáide poiblí ar líne a chinntiú nach n‑úsáidtear an rochtain sin chun na saothair phoiblí nó an t‑ábhar atá cosanta ag cóipcheart nó cearta gaolmhara a atáirgeadh, a léiriú, a chur ar fáil nó a chur in iúl don phobal gan údarú na sealbhóirí [...] nuair atá an t‑údarú sin riachtanach.

Ní bheidh d’éifeacht ag mainneachtain an duine a bhfuil rochtain aige ar an oibleagáid a shainítear sa chéad fhomhír an duine lena mbaineann a chur faoi dhliteanas coiriúil ....”

2.      Foraithne an 5 Márta 2010

20.      Foráiltear le Foraithne an 5 Márta 2010, sa leagan is infheidhme maidir le fíricí na díospóide sna príomhimeachtaí, in Airteagal 1:

“Is é cuspóir na próiseála sonraí pearsanta ar a dtugtar an ‘Córas Bainistíochta le haghaidh bearta chun saothair ar an idirlíon a chosaint’ cur i bhfeidhm, ag an gCoimisiún um Chearta a Chosaint de chuid [Hadopi] na nithe seo a leanas:

1°      Na bearta dá bhforáiltear i Leabhar III den chuid reachtach de [CMI] (Teideal III, Caibidil I, Alt 3, Fo-alt 3) agus Leabhar III den chuid rialála den Chód céanna (Teideal III, Caibidil I, Alt 2, Fo-alt 2);

2°      Gníomhartha a chur faoi bhráid an ionchúisitheora phoiblí, ar gníomhartha iad ar dóigh dóibh a bheith ina gcionta dá bhforáiltear in Airteagail L. 335 - 2, L. 335 - 3, L. 335 - 4 agus R. 335 - 5 den Chód céanna chomh maith le faisnéis do chomhlachtaí cosanta gairmiúla agus d’eagraíochtaí comhbhainistíochta na dtarchur sin;

[...]”

21.      Foráiltear le hAirteagal 4 den Fhoraithne sin:

“I.-      Beidh rochtain dhíreach ar na sonraí pearsanta agus ar an bhfaisnéis a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhForaithne seo ag oifigigh phoiblí a bhfuil mionn glactha acu agus atá údaraithe ag Uachtarán [Hadopi] de bhun Airteagal L. 331 - 21 de [CMI] agus ag comhaltaí an Choimisiúin um Chearta a Chosaint dá dtagraítear in Airteagal 1.

II.-      Seolfar chuig na hoibreoirí cumarsáide leictreonaí agus na soláthraithe seirbhíse a luaitear i 2 ° den iarscríbhinn a ghabhann leis an bhforaithne seo:

–        na sonraí teicniúla is gá chun an síntiúsóir a aithint;

–        na moltaí dá bhforáiltear in Airteagal L. 331 - 25 de [CMI] d’fhonn iad a sheoladh go leictreonach chuig a síntiúsóirí;

–        na gnéithe is gá ar mhaithe le cur i bhfeidhm na bpionós breise arb iad rochtain ar sheirbhís cumarsáide poiblí ar líne a chur ar fionraí a gcuireann an t‑ionchúisitheoir poiblí in iúl don Choimisiún um Chearta a Chosaint.

III-      Seolfar chuig na comhlachtaí cosanta gairmiúla agus eagraíochtaí comhbhainistíochta an fhaisnéis a bhaineann leis an tarchur chuig an ionchúisitheoir poiblí.

IV.-      Seolfar chuig na húdaráis bhreithiúnacha na tuairiscí ar na fíricí ar dóigh dóibh a bheith ina gcionta dá bhforáiltear in Airteagail L. 335 - 2, L. 335 - 3, L. 335 - 4, L. 335 - 7, R. 331 - 37, R. 331 - 38 agus R. 335 - 5 de [CMI].

Cuirtear an taifead coiriúil uathoibrithe ar an eolas faoi fhorghníomhú an phionóis fionraíochta.”

22.      Foráiltear leis an iarscríbhinn a ghabhann leis an bhforaithne an 5 Márta 2010:

“Is iad seo a leanas na sonraí pearsanta agus an fhaisnéis a thaifeadtar sa phróiseáil dá ngairtear ‘Córas Bainistíochta na mBeart chun Saothar a Chosaint ar an idirlíon’:

1°      Sonraí pearsanta agus faisnéis ó eagraíochtaí cosanta gairmiúla arna mbunú de réir dlí, eagraíochtaí bainistíochta comhchoiteanna, an tIonad Náisiúnta um Scannánaíocht agus Íomhá Beochana chomh maith leo siúd ón ionchúisitheoir poiblí:

Maidir leis na fíricí ar dóigh dóibh a bheith ina sárú ar an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal L. 336 - 3 de [CMI]:

Dáta agus uair na bhfíricí;

Seoladh IP na síntiúsóirí lena mbaineann;

An prótacal idir piaraí a úsáidtear;

Ainm cleite a úsáideann an síntiúsóir;

Faisnéis a bhaineann leis na saothair nó leis an ábhar lena mbaineann na fíricí;

Ainm an chomhaid mar atá i láthair ar ríomhaire an tsíntiúsóra (más infheidhme);

Soláthraí seirbhíse idirlín lenar suibscríobhadh an rochtain nó a bhfuil an acmhainn theicniúil IP curtha ar fáil aige. [...]

2°      Sonraí pearsanta agus faisnéis síntiúsóra a bhailítear ó oibreoirí cumarsáide leictreonacha [...] agus soláthraithe seirbhíse [...]:

Sloinne, céadainmneacha;

Seoladh poist agus seoltaí ríomhphoist;

Uimhir ghutháin;

Seoladh shuiteáil teileafóin an tsíntiúsóra;

Soláthraí seirbhíse idirlín, ag baint úsáide as acmhainní teicniúla an tsoláthraí rochtana a luaitear in 1 °, lena ndearna an síntiúsóir a chonradh; uimhir chomhaid;

dáta tosaithe na rochtana ar sheirbhís cumarsáide poiblí ar líne a chur ar fionraí.

[...]”

3.      An Cód Poist agus Teileachumarsáide

23.      Foráiltear le hAirteagal L. 34 - 1 den Chód Cumarsáide Poist agus Leictreonacha, arna leasú le hAirteagal 17 de Dhlí Uimh. 2021 - 998 an 30 Iúil 2021 (5) (“CPCE”), ina mhír IIa, go gceanglaítear ar “oibreoirí cumarsáide leictreonacha na nithe seo a choinneáil:

1°      Chun críocha imeachtaí coiriúla, cosc a chur ar bhagairtí ar an tslándáil phoiblí agus an tslándáil náisiúnta a chosaint, faisnéis a bhaineann le haitheantas sibhialta an úsáideora, go dtí deireadh tréimhse cúig bliana ó dheireadh bhailíocht a chonartha;

2°      Chun na gcríoch céanna leo siúd atá leagtha amach in 1 ° den IIa seo, an fhaisnéis eile a sholáthraíonn an t‑úsáideoir agus é ag déanamh conartha nó ag cruthú cuntais chomh maith le faisnéis a bhaineann le híocaíocht go dtí go mbeidh tréimhse bliana caite ó dheireadh bhailíocht a chonartha nó dhúnadh a chuntais;

3°      Chun críocha an chomhraic i gcoinne na coireachta agus na ciontóireachta tromchúisí, cosc a chur ar bhagairtí tromchúiseacha ar shlándáil phoiblí agus ar chosaint na slándála náisiúnta, sonraí teicniúla lenar féidir foinse an cheangail nó sonraí a bhaineann leis an trealamh teirminéil a úsáidtear a aithint, go dtí go mbeidh tréimhse bliana caite ó nasc nó úsáid trealaimh teirminéil.”

III. An díospóid sna príomhimeachtaí, na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú agus an nós imeachta os comhair na Cúirte

24.      Trí iarratas an 12 Lúnasa 2019 agus dhá phléadáil bhreise an 12 Samhain 2019 agus an 6 Bealtaine 2021, chuir La Quadrature du Net, Fédération des fournisseurs d’accès à Internet associatifs, Franciliens.net agus an French Data Network iarratas faoi bhráid an Conseil d’État (an Fhrainc) ag lorg neamhniú an chinnidh intuigthe inar dhiúltaigh an Premier Ministre (Príomh-Aire) dá n‑iarratas ar aisghairm fhoraithne an 5 Márta 2010, d’ainneoin, dar leo, go sáraíonn an fhoraithne sin agus na forálacha atá ina mbunús dlí di, ní hamháin na cearta a ráthaítear le Bunreacht na Fraince, ach go bhfuil siad contrártha freisin le hAirteagal 15 de Threoir 2002/58 agus le hAirteagail 7, 8, 11 agus 52 den Chairt.

25.      Go háirithe, maíonn na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí go n‑údaraítear le Foraithne an 5 Márta 2010 agus na forálacha atá ina mbunús dlí di rochtain ar shonraí ceangail go díréireach le haghaidh sáruithe cóipchirt a dhéantar ar an idirlíon agus nach bhfuil tromchúiseach, gan grinnscrúdú roimh ré ó chúirt nó údarás lena mbaineann ráthaíochtaí neamhspleáchais agus neamhchlaontachta.

26.      Maidir leis sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, ar an gcéad dul síos, gur chinn an Chúirt, ina breithiúnas deireanach La Quadrature du Net agus Páirtithe eile  (6), nach gcuireann Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt, bac ar bhearta reachtacha lena bhforáiltear, chun an tslándáil náisiúnta a chosaint, coireacht a chomhrac agus an tslándáil phoiblí a chosaint, coinneáil ghinearálaithe agus neamh-idirdhealaitheach sonraí a bhaineann le haitheantas sibhialta úsáideoirí modhanna cumarsáide leictreonacha. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí sonraí a choinneáil ar an gcaoi sin, gan aon teorainn ama ar leith, chun cionta coiriúla i gcoitinne a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh.

27.      Baineann an chúirt a rinne an tarchur de thátal as sin nach féidir ach diúltú don phléadáil a d’ardaigh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí a bhaineann le neamhdhleathacht Fhoraithne an 5 Márta 2010, a mhéid a glacadh an Fhoraithne sin i gcomhthéacs an chomhraic i gcoinne cionta neamh-thromchúiseacha.

28.      Meabhraíonn an chúirt sin, ina dhiaidh sin, gur chinn an Chúirt, ina breithiúnas in Tele2 Sverige agus Watson (7), go gcaithfí Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1) den Chairt, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena rialaítear cosaint agus slándáil sonraí tráchta agus sonraí suímh, go háirithe rochtain a bheith ag na húdaráis náisiúnta inniúla ar na sonraí coimeádta, gan rochtain den sórt sin a chur faoi ghrinnscrúdú roimh ré ó chúirt nó údarás riaracháin neamhspleách.

29.      Tugann sí dá haire gur shonraigh an Chúirt, sa bhreithiúnas in Tele2 (8), d’fhonn a chinntiú, go praiticiúil, go gcomhlíontar go hiomlán na coinníollacha sin, go bhfuil sé riachtanach go mbeadh rochtain na n‑údarás náisiúnta inniúil ar na sonraí a choimeádtar, i bprionsabal, ach amháin i gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo, faoi réir an cheanglais maidir le grinnscrúdú roimh ré arna dhéanamh ag cúirt, nó ag eintiteas riaracháin neamhspleách, agus go ndéantar cinneadh na cúirte nó an eintitis sin tar éis iarraidh réasúnaithe ó na húdaráis sin a chuirtear isteach, inter alia, i gcomhthéacs imeachtaí maidir le coireacht a chosc, a bhrath nó a ionschúiseamh.

30.      Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur gur mheabhraigh an Chúirt an ceanglas sin sa bhreithiúnas in La Quadrature du Net agus Páirtithe eile  (9), maidir le bailiú fíor-ama sonraí ceangail ag na seirbhísí faisnéise, agus sa bhreithiúnas in Prokuratuur (Coinníollacha chun sonraí a bhaineann le cumarsáid leictreonach a rochtain) (10), maidir le rochtain na n‑údarás náisiúnta ar shonraí nasctha.

31.      Tugann an chúirt sin dá haire, ar deireadh, ó bunaíodh é in 2009, gur sheol Hadopi níos mó ná 12.7 milliún moladh chuig sealbhóirí síntiúis faoin nós imeachta freagartha céimnithe dá bhforáiltear in Airteagal L 331-25 de CMI, lena n‑áirítear 827 791 in 2019 amháin. Chun é sin a dhéanamh, ní mór do ghníomhairí Choimisiún Hadopi um Chearta a Chosaint a bheith in ann méid suntasach sonraí a bhaineann le haitheantas sibhialta na n‑úsáideoirí lena mbaineann a bhailiú, gach bliain. Measann sé, i bhfianaise líon na moltaí sin, go bhféadfadh sé nach bhféadfaí na moltaí a chur i bhfeidhm dá gcuirfí iad faoi réir grinnscrúdú roimh ré.

32.      Sna cúinsí sin, chinn an Conseil d’État bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)      An bhfuil sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoladh IP i measc na sonraí tráchta nó suímh atá faoi réir, i bprionsabal, oibleagáid grinnscrúdaithe roimh ré ag cúirt nó eintiteas riaracháin neamhspleách a bhfuil cumhacht cheangailteach aige nó aici?

(2)      Más freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist, agus ag féachaint d’íogaireacht íseal na sonraí a bhaineann le haitheantas sibhialta úsáideoirí, lena n‑áirítear a sonraí teagmhála, an gcaithfear Treoir [2002/58], arna léamh i bhfianaise [na Cairte], a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do shonraí den sórt sin a fhreagraíonn do sheoladh IP úsáideoirí a bheith á mbailiú ag údarás riaracháin, gan grinnscrúdú roimh ré ó chúirt nó eintiteas riaracháin neamhspleách a bhfuil cumhacht cheangailteach aige nó aici?

(3)      Más freagra dearfach a thabharfar ar an dara ceist, agus ag féachaint d’íogaireacht íseal na sonraí a bhaineann le haitheantas sibhialta, don fhíric nach bhféadfar ach na sonraí sin a bhailiú, chun cosc a chur ar sháruithe oibleagáidí a shainmhínítear go beacht, go huileghabhálach agus go sriantach leis an dlí náisiúnta, agus chuige sin amháin, agus don fhíric go bhféadfadh grinnscrúdú córasach ar rochtain ar shonraí gach úsáideora ó chúirt nó eintiteas riaracháin tríú páirtí a bhfuil cumhacht cheangailteach aige nó aici feidhmiú an mhisin seirbhíse poiblí a chuirtear de chúram ar an údaráis riaracháin a dhéanann an bailiúchán sin, ar údarás neamhspleách é féin, a chur i mbaol, an gcuirtear bac le Treoir [2002/58] ar an ngrinnscrúdú sin a dhéanamh de réir nósanna imeachta oiriúnaithe, amhail seiceáil uathoibrithe, más cuí faoi mhaoirseacht seirbhíse inmheánaí sa chomhlacht lena mbaineann ráthaíochtaí neamhspleáchais agus neamhchlaontachta maidir leis na hoifigigh atá freagrach as an mbailiú sin a chur i gcrích?”

33.      Tá barúlacha i scríbhinn curtha isteach ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, Rialtas na Fraince, Rialtas na hEastóine, Rialtas na Sualainne agus Rialtas na hIorua, agus ag an gCoimisiún Eorpach. Bhí ionadaíocht ag na páirtithe céanna sin, cé is moite de Rialtas na hEastóine, Rialtas na Danmhairge agus Rialtas na Fionlainne, ag an éisteacht a reáchtáladh ar an 5 Iúil 2022.

IV.    Anailís:

A.      An chéad agus an dara ceist le haghaidh réamhrialú

34.      Faoina céad cheist agus faoina dara ceist le haghaidh réamhrialú, ar cuí, dar liom, a scrúdú le chéile, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena fháil amach, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear d’údarás riaracháin atá freagrach as cóipcheart agus cearta gaolmhara a chosaint i gcoinne sáruithe ar na cearta sin ar an idirlíon, rochtain a fháil ar shonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP ionas gur féidir leis an údarás sin sealbhóirí na seoltaí sin a bhfuil amhras fúthu a bheith freagrach as na sáruithe sin a shainaithint agus gur féidir leo bearta a dhéanamh, nuair is cuí, ina leith, gan an rochtain sin a bheith faoi réir grinnscrúdú roimh ré ó chúirt nó eintiteas riaracháin neamhspleách.

1.      Creat na gceisteanna le haghaidh réamhrialú

(a)    Réamhbhailiúchán sheoltaí IP arna dhéanamh ag eagraíochtaí sealbhóirí cirt

35.      Is léir ón ordú tarchuir go bhfuil sa sásra freagartha céimnithí atá i gceist sna príomhimeachtaí dhá oibríocht próiseála sonraí i ndiaidh a chéile arb éard atá iontu, ar dtús, go ndéanann eagraíochtaí sealbhóirí cirt seoltaí IP de chuid daoine a sháraíonn cóipcheart a bhailiú roimh ré ar líonraí piaraí le piaraí agus, ansin, go ndéanann Hadopi na seoltaí IP sin a nascadh le haitheantas sibhialta daoine tar éis an t‑ábhar a bheith curtha faoina bhráid, chun moltaí a sheoladh chuig daoine ar úsáideadh a rochtain ar sheirbhísí cumarsáide poiblí ar líne de shárú ar na rialacha i ndáil le cóipcheart.

36.      Ní bhaineann an chéad agus an dara ceist le haghaidh réamhrialú ach leis an dara próiseáil a rinne Hadopi.

37.      Áitíonn na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, áfach, gur cheart don Chúirt an chéad phróiseáil a scrúdú, a mhéid, más rud é go bhfuarthas na seoltaí IP sin de shárú ar fhorálacha Threoir 2002/58, ba ghá go mbeadh a n‑úsáid i gcomhthéacs an dara próiseáil contrártha do na forálacha sin.

38.      Níl mórán dealraimh ar a leithéid de réasúnaíocht. Cuireann Airteagal 3(1) de Threoir 2002/58 teorainn lena raon feidhme go “próiseáil sonraí pearsanta i dtaca le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí”. Mar a luaigh Rialtas na Fraince ag an éisteacht, faigheann eagraíochtaí sealbhóirí cirt na seoltaí IP i gceist ní trí sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, ach go díreach ar líne, trí bhreathnú ar shonraí atá ar fáil don phobal i gcoitinne.

39.      Dá bhrí sin, is féidir a chinneadh nach dtagann réamhbhailiúchán sheoltaí IP arna dhéanamh ag eagraíochtaí sealbhóirí cirt faoi fhorálacha Threoir 2002/58 agus, mar a thugann an Coimisiún dá aire, d’fhéadfaí anailís a dhéanamh orthu, dá bhrí sin, i bhfianaise fhorálacha Rialachán (AE) 2016/679 (11). Feictear dom, mar sin, go dtéann anailís den sórt sin níos faide ná raon feidhme na gceisteanna a cuireadh faoi bhráid na Cúirte le haghaidh réamhrialú, agus is amhlaidh is mó ar fad ós rud é nach dtugann an chúirt a rinne an tarchur aon soiléiriú a bhaineann leis an réamhbhailiúchán a chuirfeadh ar chumas na Cúirte freagra úsáideach a thabhairt di.

40.      Sna cúinsí sin, díreoidh mé m’anailís ar cheist rochtain Hadopi ar shonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoladh IP.

(b)    Nascadh seoltaí IP agus sonraí aitheantais shibhialta

41.      Baineann an chéad cheist agus an dara ceist le haghaidh réamhrialú le “sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoladh IP”, atá, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, ar íogaireacht íseal. Tagraíonn an chúirt sin go heisiach, ina cinneadh, do mhíreanna an bhreithiúnais in Quadrature du Net agus páirtithe eile a bhaineann le sonraí aitheantais shibhialta a choinneáil.

42.      Is fíor go dtarraingíonn cásdlí na Cúirte idirdhealú idir na rialacha maidir le stóráil agus rochtain ar sheoltaí IP agus na rialacha coinneála agus rochtana ar shonraí a bhaineann le haitheantas sibhialta úsáideoirí modhanna cumarsáide leictreonacha, agus nach bhfuil an dara ceann chomh dian leis an gcéad cheann (12).

43.      Feictear dom, áfach, sa chás seo, in ainneoin fhoclaíocht an dá cheist sin a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, nach bhfuil ceist na rochtana féin ar shonraí aitheantais shibhialta úsáideoirí modhanna cumarsáide leictreonacha i gceist, ach nascadh na sonraí sin leis na seoltaí IP atá ar fáil do Hadopi tar éis do na heagraíochtaí sealbhóirí cirt na sonraí sin a bhailiú agus a tharchur. De réir mar a thug an Coimisiún dá aire, tá sé i gceist le rochtain ar shonraí aitheantais shibhialta ag Hadopi sraith níos leithne sonraí a fhuascailt, go háirithe seoltaí IP agus sleachta as comhaid ar a rabhthas ag breathnú, agus gur féidir leas a bhaint astu, ós rud é nach bhfuil sonraí aitheantais shibhialta agus seoltaí IP, neamhspleách ar a chéile, ina ndíol spéise do na húdaráis náisiúnta iontu, toisc nach féidir le haitheantas sibhialta ná le seoladh IP féin eolas a thabhairt faoi ghníomhaíochtaí daoine nádúrtha ar líne nuair nach bhfuil an fhaisnéis sin nasctha le chéile.

44.      Dá bhrí sin, i mo thuairimse, caithfear an chéad cheist agus an dara ceist le haghaidh réamhrialú a thuiscint sa chaoi go mbaineann siad ní hamháin le sonraí aitheantais shibhialta úsáideoirí modha cumarsáide leictreonaí ach freisin le rochtain ar sheoltaí IP lenar féidir foinse cheangail a aithint.

(c)    Seoltaí IP a bheith á gcoinneáil ag soláthraithe seirbhíse cumarsáide

45.      Is fíor, mar a thugann Rialtas na Fraince agus an Coimisiún faoi deara, nach mbaineann na ceisteanna a chuirtear faoi bhráid na Cúirte le haghaidh réamhrialú go foirmiúil le sonraí a bheith á gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, ach rochtain amháin, ag Hadopi, ar shonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP.

46.      Mar sin féin, feictear dom go bhfuil an cheist faoi rochtain Hadopi ar na sonraí sin doscartha i ndáiríre ón réamhcheist faoina gcoinneáil ag soláthraithe na seirbhísí cumarsáide. Mar a thug an Chúirt le fios, ní dhéantar coinneáil sonraí ach amháin chun na sonraí a dhéanamh inrochtana do na húdaráis náisiúnta inniúla, nuair is cuí (13). Is é sin le rá, ní féidir coinneáil agus rochtain sonraí a cheapadh ina n‑aonar, cé go bhfuil an dara ceann ag brath ar an gcéad cheann.

47.      Is fíor go ndearna an Chúirt scrúdú cheana féin ar chomhoiriúnacht le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 de reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le rochtain a bheith ag na húdaráis náisiúnta inniúla ar shonraí pearsanta áirithe amháin beag beann ar cheist na comhoiriúnachta leis an bhforáil sin maidir le coinneáil na sonraí atá i gceist (14). D'fhéadfaí, mar sin, na ceisteanna reatha a fhreagairt agus neamhaird á tabhairt ar cibé ar coinníodh na sonraí atá i gceist de réir fhorálacha dhlí an Aontais Eorpaigh.

48.      Tugaim faoi deara, ar an gcéad dul síos, áfach, in Ministerio Fiscal (15), go gcloíonn an scrúdú a rinne an Chúirt maidir le comhoiriúnacht le dlí an Aontais maidir le rochtain ag údaráis náisiúnta ar shonraí pearsanta áirithe go docht leis na prionsabail chéanna atá sa scrúdú a dhéanann sí maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht le dlí an Aontais maidir le sonraí den sórt sin a bheith á gcoinneáil. Tagraíonn an Chúirt go heisiach don chásdlí a forbraíodh i ndáil leis an dara pointe d’fhonn é a thrasuí go dtí an cheist maidir le rochtain ar shonraí pearsanta. Is é sin le rá, in éagmais scrúdú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht le dlí an Aontais maidir le sonraí áirithe a choinneáil, cuirtear an scrúdú sin ar aghaidh go dtí céim na ceiste rochtana ar na sonraí sin, agus an toradh air sin go mbraitheann comhoiriúnacht na rochtana sin ar deireadh thiar ar chomhoiriúnacht na coinneála.

49.      Ar an dara dul síos, tá sé ráite go soiléir ag an gCúirt nach féidir rochtain ar shonraí pearsanta a dheonú ach amháin má choinnigh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí na sonraí sin ar bhealach atá comhsheasmhach le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 (16) agus nach bhfuil rochtain ar shonraí pearsanta do dhaoine príobháideacha chun gur féidir imeachtaí a thionscnamh os comhair cúirteanna sibhialta i gcoinne sáruithe cóipchirt comhoiriúnach le dlí an Aontais ach amháin má choinnítear na sonraí sin ar bhealach atá comhoiriúnach leis an bhforáil sin (17).

50.      Ar deireadh, cinneann an Chúirt go comhsheasmhach maidir leis an rochtain ar shonraí tráchta agus ar shonraí suímh a bhíonn á gcoinneáil ag soláthraithe de bhun beart arna ghlacadh faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, nach mór a dhéanamh agus na coinníollacha a eascraíonn as an gcásdlí arna léiriú i dTreoir 2002/58 á gcomhlíonadh go hiomlán, nach féidir bonn cirt a bheith leis an rochtain sin ach amháin de réir chuspóir leas an phobail ar ina leith a forchuireadh an choinneáil sin ar na soláthraithe sin (18). Is é sin le rá, tá comhoiriúnacht le dlí an Aontais maidir le rochtain a bheith ag údaráis náisiúnta ar shonraí pearsanta áirithe ag brath go hiomlán ar chomhoiriúnacht le dlí an Aontais maidir le sonraí den sórt sin a choinneáil.

51.      Dá bhrí sin, i mo thuairimse, sula ndéantar an anailís an bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar foráil maidir le rochtain d’údarás náisiúnta ar shonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais, glactar leis gur léiríodh, roimh ré, go bhfuil coinneáil na sonraí sin comhoiriúnach le dlí an Aontais.

52.      Sna himthosca sin, cuirfidh mé tús le m’anailís le súil siar ar chásdlí na Cúirte maidir leis an gceist maidir le coinneáil sheoltaí IP a shanntar d’fhoinse cheangail, d’fhonn a theorainneacha a léiriú agus léargas oiriúnaithe den reachtaíocht atá i gceist a mholadh.

2.      Cásdlí na Cúirte maidir le léirmhíniú Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 maidir le bearta chun seoltaí IP a shanntar d’fhoinse cheangail a choinneáil

53.      Cumhdaíonn Airteagal 5(1) de Threoir 2002/58 prionsabal rúndacht na cumarsáide leictreonaí agus na sonraí tráchta lena mbaineann, agus tá toirmeasc, i bprionsabal, ar stóráil na gcumarsáidí agus sonraí sin arna déanamh ag aon duine seachas na húsáideoirí, gan a dtoiliú, i gceist leis ach go háirithe (19).

54.      Le haghaidh phróiseáil agus stóráil na sonraí tráchta a bhaineann leis na síntiúsóirí agus na húsáideoirí ag seirbhísí cumarsáide leictreonaí, foráiltear le hAirteagal 6(1) de Threoir 2002/58 go gcaithfear na sonraí sin a scriosadh nó a dhéanamh gan ainm i gcás nach gá iad a thuilleadh chun cumarsáid a tharchur agus sonraítear in Airteagal 6(2) di, nach bhféadfar sonraí tráchta ba ghá i gcomhair chúrsaí billeála na síntiúsóirí nó íocaíochtaí idirnaisc a phróiseáil ach amháin go dtí deireadh na tréimhse lena linn is féidir agóid a dhéanamh de réir dlí i gcoinne bille nó lena linn ar féidir dul sa tóir ar íocaíocht. Maidir leis na sonraí suímh seachas sonraí tráchta, leagtar amach in Airteagal 9(1) den Treoir sin nach bhféadfar sonraí den sórt sin a phróiseáil ach amháin faoi choinníollacha áirithe agus tar éis dóibh a anaithnidiú nó le toiliú úsáideoirí nó síntiúsóirí (20).

55.      Dá bhrí sin, trí Threoir 2002/58 a ghlacadh, thug reachtas an Aontais isteach sampla praiticiúil do na cearta atá cumhdaithe in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, agus an toradh air sin go bhfuil úsáideoirí modhanna cumarsáide leictreonaí i dteideal a bheith ag súil, i bprionsabal, go bhfanfaidh a gcumarsáid agus na sonraí a bhaineann leo, cheal a dtoilithe, gan ainm agus nach féidir iad a thaifead (21). Dá réir sin, ní hamháin go rialaítear rochtain ar shonraí den sórt sin leis an Treoir trí chosaintí arb é is cuspóir dóibh mí-úsáid a chosc, ach cumhdaítear go háirithe léi chomh maith an prionsabal go bhfuil a stóráil ag tríú páirtithe a thoirmeasc.

56.      Sna himthosca sin, sa mhéid go ligtear do na Ballstáit, le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 bearta reachtacha a ghlacadh arb é is cuspóir dóibh “teorainn a chur le raon feidhme” na gceart agus na n‑oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 9 den Treoir sin, amhail iad siúd a eascraíonn as prionsabail rúndacht na cumarsáide agus go ndéanfar stóráil na sonraí lena mbaineann a thoirmeasc, leagtar amach san fhoráil sin eisceacht ar an riail ghinearálta dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 9 go háirithe, a chaithfear a léirmhíniú go docht i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach dá bhrí sin. Ar an gcúis sin,, ní féidir le foráil den sórt sin údar a thabhairt leis go ndéanfaí riail den mhaolú ar an oibleagáid phrionsabail rúndacht na cumarsáide leictreonaí agus na sonraí gaolmhara a ráthú agus, go háirithe, an prionsabal go ndéanfar stóráil na sonraí sin a thoirmeasc mar a shonraítear in Airteagal 5 den Treoir sin, nó bhainfí an bhrí den fhoráil dheireanach sin (22).

57.      Maidir leis na cuspóirí a d’fhéadfadh údar a thabhairt le teorainn ar na cearta agus na hoibleagáidí a shonraítear in Airteagail 5, 6 agus 9 de Threoir 2002/58 go háirithe, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin go liostaítear na cuspóirí sa chéad abairt d’Airteagal 15(1) den Treoir sin go críochnúil, ar bhealach a fhágann nach mór do bheart reachtach arna ghlacadh faoin bhforáil sin ceann de na cuspóirí a chomhlíonadh go héifeachtach agus go docht (23).

58.      Ina theannta sin, is léir ón tríú habairt d’Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 nach mór prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais a urramú leis na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit faoin bhforáil sin, lena n‑áirítear prionsabal na comhréireachta, agus a áirithiú go n‑urramófar na cearta bunúsacha arna ráthú leis an gCairt. I ndáil leis sin, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais cheana féin go dtarraingítear ceisteanna anuas leis an oibleagáid arna forchur ag Ballstát ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí trí bhíthin reachtaíocht náisiúnta ar mhaithe le sonraí tráchta a choinneáil chun iad a chur ar fáil de réir mar a bheadh do na húdaráis inniúla náisiúnta, ceisteanna a bhaineann ní hamháin le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta ach freisin le hAirteagal 11 den Chairt maidir le saoirse tuairimí a nochtadh, agus gur ceann de bhunchlocha riachtanacha sochaí daonlathaí agus iolraíoch í an tsaoirse sin, agus cuid de na luachanna ar a bhfuil, de réir Airteagal 2 CAE, an tAontas bunaithe (24).

59.      É sin ráite, a mhéid a cheadaítear le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 do na Ballstáit teorainn a chur leis na cearta agus na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagail 5, 6 agus 9 den Treoir sin, léiríonn an fhoráil sin nach cosúil gur sainchearta daingne iad na cearta atá cumhdaithe in Airteagail 7, 8 agus 11 den Chairt, ach go gcaithfear iad a chur san áireamh i ndáil lena bhfeidhm sa tsochaí. Go deimhin, mar is léir ó Airteagal 52(1) den Chairt, ceadaítear leis an gCairt teorainneacha a chur le feidhmiú na gceart sin, ar choinníoll go bhforáiltear do na teorainneacha sin le dlí, go n‑urramaítear inneachar sár-riachtanach na gceart sin leo agus, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, go bhfuil gá leo agus go bhfreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. Dá bhrí sin, éilíonn léiriú Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise na Cairte, go gcuirfear san áireamh freisin an tábhacht a bhaineann leis na cuspóirí a bhaineann le slándáil náisiúnta a chosaint agus leis an gcoireacht thromchúiseach a chomhrac trí chur le cosaint ceart agus saoirsí daoine eile agus na gceart atá cumhdaithe in Airteagail 3, 4, 6 agus 7 den Chairt (25), as ar dócha go dtiocfaidh dualgais dhearfacha ar thaobh na n‑údarás poiblí chun cinn (26).

60.      Maidir leis na hoibleagáidí dearfacha éagsúla sin, ní mór teacht ar chomhréiteach idir na leasanna agus na cearta dlisteanacha éagsúla i gceist. Sa chomhthéacs sin, is léir ó fhoclaíocht na chéad abairte d’Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 go bhféadfaidh na Ballstáit beart a ghlacadh de mhaolú ar phrionsabal na rúndachta “nuair is beart riachtanach, iomchuí, comhréireach é … laistigh de shochaí dhaonlathach”, ar beart den sórt sin é gur cheart a bheith comhréireach “go docht” leis an aidhm a dtugtar fúithi, mar a thugtar le fios in aithris 11 den Treoir (27).

61.      Maidir leis seo, tugtar le tuiscint ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais nach mór measúnú a dhéanamh ar an gcumhacht atá ag na Ballstáit údar a thabhairt le teorainn ar na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear, go háirithe, in Airteagail 5, 6 agus 9 de Threoir 2002/58 trí thromchúis chur isteach na teorann sin a mheas agus trína fhíorú an bhfuil tábhacht chuspóir an leasa phoiblí a shaothraítear leis an teorainn sin i gcomhréir leis an tromchúis sin (28).

62.      Tugaim faoi deara, ina theannta sin, go ndéanann an Chúirt idirdhealú, ina cásdlí, ar thaobh amháin, idir cur isteach mar thoradh ar rochtain ar shonraí a sholáthraíonn, iontu féin, faisnéis bheacht ar na cumarsáidí atá i gceist agus, dá bhrí sin, ar shaol príobháideach an duine, agus a bhfuil na rialacha coinneála dian ina leith, agus, ar an taobh eile, cur isteach a eascraíonn as rochtain ar shonraí, nach féidir leo ach faisnéis den sórt sin a sholáthar sa mhéid go bhfuil siad in éineacht le sonraí eile, amhail seoltaí IP (29).

63.      Maidir le seoltaí IP go sonrach, tá sé tugtha faoi deara ag an gCúirt mar sin go ngintear iad gan iad a nascadh le cumarsáid ar leith agus go bhfónann siad go príomha chun an duine nádúrtha ar leis an trealamh teirminéil óna ndéantar cumarsáid trí mheán an idirlín a aithint, trí sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Dá bhrí sin, a mhéid nach gcoimeádtar ach seoltaí IP fhoinse na cumarsáide agus ní seoltaí fhaighteoir na cumarsáide, níl an chatagóir sonraí sin chomh híogair le sonraí tráchta eile (30).

64.      Tugann an Chúirt le fios ag an am céanna, ós rud é go bhféadfaí seoltaí IP a úsáid, inter alia, chun brabhsáil úsáideora idirlín a rianú go críochnúil, agus, ina dhiaidh sin, a ghníomhaíocht ar líne a rianú, gur féidir próifíl mhionsonraithe an úsáideora idirlín sin a dhéanamh agus conclúidí beachta a tharraingt faoina shaol príobháideach. Dá bhrí sin, is ionann coinneáil agus anailís na seoltaí IP sin agus cur isteach tromchúiseach ar na cearta bunúsacha atá cumhdaithe in Airteagail 7 agus 8 den Chairt, agus d’fhéadfadh éifeachtaí díspreagtha a bheith acu ar fheidhmiú na saoirse tuairimíochta a ráthaítear in Airteagal 11 di (31).

65.      De réir cásdlí socair, áfach, is gá, chun teacht ar chomhréiteach idir na cearta agus na leasanna dlisteanacha i saincheist, de réir mar a cheanglaítear leis an gcásdlí, a chur san áireamh, i gcás sárú a rinneadh ar líne, go bhféadfadh gurb é an seoladh IP an t‑aon mhodh imscrúdaithe lenar féidir an duine dár sannadh an seoladh sin a aithint tráth an chiona sin a dhéanamh (32).

66.      Dá réir sin, rialaíonn an Chúirt nach léir, i bprionsabal, beart reachtach lena ndéantar foráil maidir le coinneáil ghinearálaithe agus neamh-idirdhealaitheach seoltaí IP amháin a shanntar d’fhoinse cheangail, i bprionsabal, a bheith contrártha d'Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt, agus go gcaithfidh an fhéidearthacht sin a bheith faoi réir dianchomhlíonadh na gcoinníollacha substainteacha agus nós imeachta lena rialaítear úsáid na sonraí sin agus go dtuigtear, ag féachaint do chineál tromchúiseach an chur isteach a bhaineann leis an gcoinneáil sin, nach bhfuil ach an troid in aghaidh na coireachta tromchúisí agus cosc ar bhagairtí tromchúiseacha ar an tslándáil phoiblí de chineál, dála na slándála náisiúnta, gur féidir údar a thabhairt leis an gcur isteach sin (33).

67.      Sonraíonn an Chúirt freisin go bhféadfadh sé nach sáróidh fad na coinneála an méid sin atá riachtanach go docht i bhfianaise an chuspóra a shaothraítear agus go gcaithfidh beart den chineál sin foráil a dhéanamh do choinníollacha dochta agus ráthaíochtaí maidir le húsáid na sonraí sin (34).

3.      Teorainneacha an chásdlí maidir le léirmhíniú Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 maidir le bearta chun seoltaí IP a shanntar d'fhoinse cheangail a stóráil

68.      Feictear dom, áfach, go mbaineann dhá príomhdheacracht leis an réiteach ar a tháinig an Chúirt maidir le bearta náisiúnta atá dírithe ar stóráil sheoltaí IP a shanntar d’fhoinse cheangail, arna léirmhíniú i bhfianaise Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58.

(a)    An réiteach leis an gcásdlí maidir le seoltaí IP a shanntar d'fhoinse cheangail a nochtadh i gcomhthéacs imeachtaí chun cearta maoine intleachtúla a chosaint

69.      Sa chéad áit, mar a luaigh mé cheana i mo Thuairim sa chás M. I. C. M. (35), tá teannas áirithe idir an líne chásdlí seo agus a bhaineann le seoltaí IP a nochtadh, i gcomhthéacs imeachtaí chun cearta maoine intleachtúla a chosaint, do shealbhóirí na gceart sin, ina leagtar béim ar oibleagáid na mBallstát a chinntiú go bhfuil fíordheiseanna ag sealbhóirí ceart maoine intleachtúla cúiteamh a fháil as damáiste a eascraíonn as sáruithe ar na cearta sin (36).

70.      Maidir leis an dara líne chásdlí sin, rialaíonn an Chúirt go comhsheasmhach nach gcuireann dlí an Aontais bac ar na Ballstáit oibleagáid a leagan síos sonraí pearsanta a tharchur chuig daoine príobháideacha d’fhonn a chur ar a gcumas imeachtaí a thionscnamh os comhair na gcúirteanna sibhialta i gcoinne sáruithe cóipchirt (37).

71.      Tugann an Chúirt dá haire, maidir leis sin, go n‑eascraíonn an fhéidearthacht do na Ballstáit foráil a dhéanamh don oibleagáid sonraí pearsanta a nochtadh, i gcomhthéacs imeachtaí sibhialta, sa chéad áit, ón bhféidearthacht chun na sonraí sin a nochtadh i gcomhthéacs cionta coiriúla a ionchúiseamh, a leathnaíodh ansin chuig imeachtaí sibhialta (38).

72.      Ag an am céanna, áfach, maidir le seoltaí IP, éilíonn an Chúirt nach bhféadfar na sonraí sin a choinneáil ach amháin i gcomhthéacs an chomhraic in aghaidh na coireachta tromchúisí agus bagairtí tromchúiseacha ar shlándáil phoiblí a chosc (39).

73.      Nuair a dhéantar iarracht an dá líne chásdlí seo a réiteach, dar liom, faightear torthaí míchuí nach féidir seasamh leo.

74.      Ar thaobh amháin, i gcontrárthacht leis an méid a d’áitigh Rialtas na Fraince ag an éisteacht, ní féidir leis an gcomhrac in aghaidh sáruithe ar chearta maoine intleachtúla titim faoi raon feidhme na troda i gcoinne na coireachta tromchúisí. Ní mór, dar liom, léirmhíniú uathrialach a thabhairt do choincheap na “coireachta tromchúisí”. Ní féidir leis brath ar choincheapa gach Ballstát nó cheadódh sé teacht timpeall ar cheanglais Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, ag brath ar cibé a ghlacann nó nach nglacann na Ballstáit coincheap fairsing i leith an chomhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí. Mar atá ráite agam cheana féin, ní féidir na leasanna a bhaineann le cosaint ceart maoine intleachtúla a mheascadh leo siúd atá mar bhunús leis an troid i gcoinne na coireachta tromchúisí (40).

75.      Ar an dara dul síos, dá ligfí do tharchur sheoltaí IP chuig sealbhóirí ceart maoine intleachtúla in imeachtaí ar mhaithe lena gcosaint, cé nach féidir a gcoinneáil a dhéanamh ach amháin i gcomhthéacs an chomhraic i gcoinne na coireachta tromchúisí, is léir go mbeadh sin ag teacht salach ar chásdlí na Cúirte maidir le sonraí ceangail a choinneáil agus go bhfágfaí gan chuspóir na coinníollacha riachtanacha chun sonraí den sórt sin a stóráil, ós rud é go bhféadfaí rochtain a fháil orthu ar aon chaoi ar fhorais éagsúla.

76.      Dá bhrí sin, i mo thuairimse, d’fhéadfadh coinneáil sheoltaí IP chun críocha cearta maoine intleachtúla a chosaint agus a nochtadh do shealbhóirí na gceart sin in imeachtaí a bhfuil an chosaint sin mar chuspóir leo a bheith contrártha d’Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, mar léirítear é i gcásdlí na Cúirte. Dá bhrí sin, tá an oibleagáid sonraí pearsanta a tharchur chuig daoine príobháideacha chun gur féidir imeachtaí a thionscnamh os comhair na gcúirteanna sibhialta i gcoinne sáruithe cóipchirt, cé gurb í an Chúirt féin a d’fhág gur féidir sin a dhéanamh, neodraithe ag an am céanna trí oibriú a cásdlí féin maidir le seoltaí IP a bheith á gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

77.      Níl a leithéid de réiteach sásúil, áfach, sa mhéid is go dtabharfaí faoi cheist léi an chothromaíocht idir na leasanna éagsúla atá i gceist a d’fhéach an Chúirt lena bhunú, trína bhaint de shealbhóirí ceart maoine intleachtúla, an príomhbhealach, murab é an t‑aon mhodh amháin é, chun lucht sáruithe na gceart sin a aithint ar líne. Tugann an pointe sin orm an dara deacracht a leagan amach a d'fhéadfadh, dar liom, a bheith mar thoradh ar chásdlí na Cúirte, maidir le bearta náisiúnta chun seoltaí IP shanntar d’fhoinse cheangail a choinneáil, arna léiriú i bhfianaise Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58.

(b)    An baol a bhaineann le saoirse chórasach ó phionós do choireanna a dhéantar ar líne amháin

78.      Ar an dara dul síos, táim den tuairim go gcruthaíonn an réiteach seo deacrachtaí praiticiúla. Mar a chuireann an Chúirt féin in iúl, i gcás cion a rinneadh go heisiach ar líne, d’fhéadfadh sé gurb é an seoladh IP an t‑aon mhodh imscrúdaithe lena bhféadfar an duine dár sannadh an seoladh sin a aithint tráth an chiona sin a dhéanamh.

79.      Feictear dom, áfach, nach gcuirtear an fachtóir sin san áireamh go hiomlán i gcothromú na leasanna atá i gceist. Ós rud é go gcuireann an Chúirt teorainn mar sin féin leis an bhféidearthacht seoltaí IP a stóráil i gcomhthéacs an chomhraic i gcoinne na coireachta tromchúisí, cuireann sí as an áireamh ag an am céanna go bhféadfaí na sonraí sin a choinneáil d’fhonn cionta coiriúla i gcoitinne a chomhrac, cé nach féidir cuid de na cionta seo a chosc, a bhrath ná a phionósú ach trí bhíthin na sonraí sin.

80.      Is é sin le rá, d’fhéadfadh cásdlí na Cúirte a bheith ina chúis lena bhaint de na húdaráis náisiúnta an t‑aon mhodh amháin atá acu chun daoine a dhéanann cionta ar líne a aithint nach dtagann, áfach, faoi raon na coireachta tromchúisí, amhail sáruithe ar chearta maoine intleachtúla. Is é an toradh a bheadh air sin i ndáiríre ná go mbeadh saoirse ó phionós chórasach ann maidir le sáruithe a dhéantar ar líne amháin, taobh amuigh de sháruithe ar chearta maoine intleachtúla. Táim ag smaoineamh go háirithe ar ghníomhartha clúmhillte ar líne. Is fíor go ndéantar foráil i ndlí an Aontais do thoirmisc i gcoinne idirghabhálaithe a n‑úsáidtear a seirbhísí chun cionta den sórt sin a dhéanamh (41), ach d’fhéadfadh sé leanúint as cásdlí na Cúirte nach bhféadfaí ionchúiseamh a dhéanamh riamh ar lucht déanta na ngníomhartha sin.

81.      Seachas a admháil nach féidir sraith iomlán cionta coiriúla a ionchúiseamh riamh, táim den tuairim gur chóir anailís a dhéanamh arís ar an gcothromaíocht idir na leasanna éagsúla atá i gceist.

82.      Tugann na cúinsí éagsúla sin orm coigeartú áirithe ar an gcásdlí a bhaineann le bearta náisiúnta chun seoltaí IP arna léiriú i bhfianaise Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 a choinneáil a mholadh don Chúirt.

4.      An moladh maidir le coigeartú ar chásdlí na Cúirte maidir le léirmhíniú Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 maidir le bearta chun seoltaí IP a shanntar d’fhoinse cheangail a stóráil

83.      I bhfianaise na nithe sin roimhe seo, táim den tuairim gur cheart Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar bhearta lena bhforáiltear do stóráil ghinearálaithe agus neamh-idirdhealaitheach sheoltaí IP a shanntar d’fhoinse cheangail, ar feadh tréimhse atá teoranta don mhéid ama atá fíor-riachtanach, chun a chinntiú go ndéantar cionta coiriúla ar líne a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh arb é an seoladh IP an taon mhodh imscrúdaithe lenar féidir an duine dá raibh an seoladh sin sannta tráth an chiona a aithint.

84.      Caithfidh mé a chur in iúl, maidir leis sin, nach dtugtar le moladh den sórt sin, dar liom, an ceanglas comhréireachta a fhorchuirtear chun sonraí a choinneáil faoi amhras, ag féachaint do chineál tromchúiseach an chur isteach ar na cearta bunúsacha atá cumhdaithe in Airteagail 7 agus 8 den Chairt atá i gceist leis an gcur isteach sin (42). A mhalairt ar fad, sásaíonn sé go hiomlán an riachtanas sin.

85.      Ar thaobh amháin, saothraíonn an teorainn leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 5, 6 agus 9 de Threoir 2002/58 arb ionann é agus coinneáil sheoltaí IP cuspóir leasa ghinearálta i ndáil leis an tromchúis sin, is é sin cosc, imscrúdú, brath agus ionchúiseamh cionta coiriúla a chumhdaítear le reachtaíocht a bheadh gan éifeacht murach sin.

86.      Ar an dtaobh eile, déantar an teorannú sin laistigh de theorainneacha an méid a bhfuil fíorghá leis. Tá coinneáil den sórt sin teoranta do chásanna sonracha, eadhon cionta coiriúla a dhéantar ar líne agus nach féidir a dhéantóir a aithint ach amháin tríd an seoladh IP a shanntar dó. Is é sin le rá, ní hé atá i gceist coinneáil ghinearálaithe agus neamh-idirdhealaitheach sonraí a údarú, gan a thuilleadh coinníollacha, ach ionchúiseamh cionta coiriúla a cheadú amháin, ní go ginearálta, ach i ndáil le cionta atá leagtha síos go sonrach.

87.      Mar sin féin, cé nach gcuireann Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 bac ar choinneáil ghinearálaithe agus neamh-idirdhealaitheach seoltaí IP a shanntar d’fhoinse cheangail chun cionta coiriúla ar líne a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh arb é an seoladh IP an t‑aon mhodh imscrúdaithe lenar féidir an duine dár sannadh an seoladh sin tráth an chiona a aithint, ba cheart a chur in iúl freisin, de réir an chásdlí, go gcaithfidh an fhéidearthacht seo a bheith faoi réir "comhlíonadh docht na gcoinníollacha substainteacha agus nós imeachta lena rialaítear úsáid na sonraí sin” (43). Deir an Chúirt freisin go gcaithfidh beart den sórt sin “foráil a dhéanamh do choinníollacha agus ráthaíochtaí dochta maidir le húsáid sonraí den sórt sin” (44).

88.      Is é sin le rá, mar atá ráite agam cheana féin, ní féidir coinneáil sonraí agus rochtain orthu a cheapadh ina n-aonar. Sna himthosca sin, cé nach bhfuil sé glan contrártha le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 gur féidir le Hadopi seoltaí IP a rochtain, a mhéid a coinníodh na sonraí sin de réir na gceanglas atá leagtha síos san fhoráil sin, is gá fós, chun na ceisteanna a tharchuirtear chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú a fhreagairt, scrúdú a dhéanamh an bhfuil na coinníollacha maidir le rochtain ar sheoltaí IP a shanntar d’fhoinse cheangail le Hadopi, iontu féin, i gcomhréir leis an bhforáil sin, go háirithe maidir le cé acu atá sé riachtanach nó nach bhfuil sé riachtanach go ndéanfaidh cúirt nó údarás riaracháin neamhspleách grinnscrúdú roimh ré ar an rochtain sin.

89.      Tar éis dom anailís a dhéanamh ar an réamhcheist maidir le coinneáil sheoltaí IP a shanntar d’fhoinse cheangail, scrúdóidh mé rochtain Hadopi ar na sonraí sin i bhfianaise Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58.

5.      Rochtain a bheith ag Hadopi ar shonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP

90.      Is léir ó chásdlí na Cúirte, maidir leis na cuspóirí lenar féidir údar a thabhairt le beart náisiúnta a eascraíonn as prionsabal rúndacht na cumarsáide leictreonaí, go gcaithfidh rochtain ar shonraí ceann de na cuspóirí sin a chomhlíonadh go docht agus go hoibiachtúil, agus go gcaithfidh an cuspóir a shaothraíonn an beart sin a bheith i gcomhréir le tromchúis an chur isteach ar chearta bunúsacha a chuimsíonn an rochtain sin (45).

91.      Ina theannta sin, mar a mhínigh mé (46), ní féidir údar a thabhairt, i bprionsabal, le rochtain ar shonraí bhíonn á gcoinneáil soláthraithe de bhun beart arna ghlacadh faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 ach amháin de bharr chuspóir leas an phobail ar ina leith ar forchuireadh an choinneáil sin ar na soláthraithe sin(47).

92.      Mar sin, chinn an Chúirt, de réir phrionsabal na comhréireachta, nach féidir údar a thabhairt le cur isteach tromchúiseach ó thaobh cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh ach amháin trí chuspóir chun coireacht a chomhrac nach mór a bheith aicmithe mar “tromchúiseach” freisin (48).

93.      Maidir leis sin, tugaim faoi deara, contrártha leis an méid a áitíonn Rialtas na Fraince agus an Coimisiún, gur cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha é rochtain Hadopi ar shonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoladh IP. Ní hamháin rochtain a fháil ar shonraí aitheantais shibhialta atá i gceist, ar sonraí, iontu féin, atá ar íogaireacht íseal, ach na sonraí sin a nascadh le sraith níos leithne sonraí, is é sin an seoladh IP, agus freisin, mar a shonraíonn na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, sliocht as an gcomhad a íoslódáladh de shárú ar chóipcheart. Mar sin, is é atá i gceist aitheantas sibhialta duine a nascadh le hábhar an chomhaid a breathnaíodh air agus leis an seoladh IP lenar breathnaíodh air.

94.      Mar sin féin, ar an mbealach céanna go bhfuilim den tuairim gur cheart a cheadú freisin coinneáil sonraí arb ionann í agus cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha chun a chinntiú go ndéantar cionta coiriúla ar line a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh arb é an seoladh IP an t‑aon mhodh imscrúdaithe lenar féidir an duine dár sannadh an seoladh sin tráth an chiona a aithint (49), creidim gur cheart rochtain ar na sonraí seo a dhéanamh indéanta chun an cuspóir céanna a shaothrú, nó ghlacfaí leis go mbeadh saoirse ó phionós ann maidir le coireanna a dhéantar ar líne amháin.

95.      Dá bhrí sin, feictear dom go bhfuil údar maith le rochtain Hadopi ar shonraí aitheantais shibhialta mar aon le seoladh IP i bhfianaise an chuspóra leasa phoiblí dár forchuireadh an choinneáil sin ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

96.      Deir cásdlí na Cúirte, áfach, nach féidir le reachtaíocht náisiúnta lena rialaítear rochtain na n‑údarás inniúil ar shonraí tráchta agus ar shonraí suímh stóráilte a bheith teoranta don cheanglas go bhfreagraíonn an rochtain don chuspóir atá á shaothrú ag an reachtaíocht sin; ní mór don reachtaíocht na coinníollacha substainteacha agus nós imeachta lena rialaítear rochtain na n‑údarás náisiúnta inniúil ar na sonraí lena mbaineann a leagan síos freisin (50).

97.      Go háirithe, measann an Chúirt, sa chás nach féidir a mheas go bhfuil rochtain ghinearálta ar na sonraí coimeádta go léir, beag beann ar aon nasc leis an aidhm a shaothraítear, teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach, go gcaithfidh reachtaíocht náisiúnta a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla chun na cúinsí agus na coinníollacha faoina gcaithfear rochtain ar shonraí úsáideoirí a dheonú do na húdaráis náisiúnta inniúla, faoina bhfuiltear i ndrochamhras go bhfuil cion coiriúil tromchúiseach á bheartú nó a dhéanamh acu nó go bhfuil baint acu ar bhealach amháin nó ar bhealach eile le cion den sórt sin (51).

98.      Dá bhrí sin, de réir an chásdlí, d’fhonn a chinntiú, go praiticiúil, go gcomhlíontar go hiomlán na coinníollacha sin, tá sé riachtanach go mbeadh rochtain na n‑údarás náisiúnta inniúil ar na sonraí a choimeádtar, i bprionsabal, faoi réir grinnscrúdú roimh ré arna dhéanamh ag cúirt nó ag eintiteas riaracháin neamhspleách (52).

99.      Tugaim faoi deara, áfach, go bhfuil sé dearbhaithe ag an gCúirt gur gá grinnscrúdú roimh ré maidir le rochtain ar shonraí pearsanta i gcúinsí ar leith atá difriúil ón gcás reatha, lena mbaineann cur isteach antromchúiseach ar shaol príobháideach úsáideoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí.

100. I ngach ceann de na breithiúnais a chuir béim ar an gceanglas sin, bearta náisiúnta lena n‑údaraítear rochtain ar na sonraí go léir a bhaineann le trácht agus suíomh úsáideoirí a bhaineann le gach modh cumarsáide leictreonaí (53) nó, ar a laghad, gutháin sheasta agus shoghluaiste a bhí i gceist (54). Go sonrach, is é a bhí i gceist ná rochtain ar “tacar sonraí ... ar dóigh dó faisnéis a sholáthar maidir le cumarsáid a dhéanann úsáideoir ar mhodh cumarsáide leictreonaí nó ar shuíomh an trealaimh teirminéil a úsáideann sé agus chun go bhféadfaí conclúidí beachta a tharraingt faoina shaol príobháideach”, (55), dá bhrí sin, níl ann don cheanglas maidir le grinnscrúdú roimh ré arna dhéanamh ag cúirt nó ag comhlacht riaracháin neamhspleách ar rochtain ar na sonraí sin, dar liom, ach amháin sna himthosca sin.

101. Ar thaobh amháin, tá an rochtain atá ag Hadopi teoranta do na sonraí aitheantais shibhialta a nascadh leis an seoladh IP a úsáidtear agus leis an gcomhad a breathnaíodh air ag pointe ama áirithe, gan bheith de thoradh air sin gur féidir leis na húdaráis inniúla a lorg brabhsála ar líne an úsáideora lena mbaineann a athchruthú, ná, dá bhrí sin, conclúidí beachta a tharraingt faoina shaol príobháideach taobh amuigh den chomhad beacht a bhreathnaigh sé air tráth an tsáraithe. Níl i gceist mar sin maidir rianú ghníomhaíochtaí uile ar líne an úsáideora atá i gceist a cheadú.

102. Ar an taobh eile, ní bhaineann na sonraí sin ach le sonraí daoine a bhfuil, mar a tugadh faoi deara sna tuairiscí a dhréachtaigh na heagraíochtaí sealbhóirí cirt, i mbun gníomhartha ar dóigh dóibh a bheith ina sárú ar an oibleagáid atá leagtha síos in Airteagal L.336-3 de CMI. Dá bhrí sin, tá rochtain ag Hadopi ar shonraí aitheantais shibhialta mar aon le seoltaí IP teoranta go docht don mhéid is gá chun an cuspóir a shaothraítear a bhaint amach, eadhon chun cionta coiriúla ar line, a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh arb é an seoladh IP an t‑aon mhodh imscrúdaithe lenar féidir an duine dá raibh an seoladh sin sannta tráth an chiona a aithint, a bhfuil an sásra freagartha céimnithe mar chuid de.

103. Sna himthosca sin, tá mé den tuairim nach gceanglaíonn Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 gurb ann do ghrinnscrúdú roimh ré arna dhéanamh ag cúirt nó eintiteas riaracháin neamhspleách ar rochtain Hadopi ar shonraí aitheantais shibhialta agus seoltaí IP úsáideoirí.

104. Maidir leis an bhfuílleach, tugaim faoi deara, mar a léiríonn Rialtas na Fraince, maidir le rochtain Hadopi ar na sonraí sin, cé nach bhfuil sé faoi réir grinnscrúdú roimh ré ó chúirt nó ag eintiteas neamhspleách, níl sé díolmhaithe ó aon rialú, áfach, ós rud é go ndéanann gníomhaire faoi mhionn an comhad a sheolann Hadopi chuig oibreoirí cumarsáide leictreonaí a chomhdhéanamh gach lá ó na tarchuir a fhaightear agus a bhailítear, go randamach trí shampla, sula gcuirtear leis an gcomhad iad (56). Thar aon rud eile, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an nós imeachta freagartha céimnithe faoi réir fhorálacha Threoir (AE) 2016/680 (57). Mar sin, baineann na daoine nádúrtha a bhfuil Hadopi ag díriú orthu tairbhe as sraith ráthaíochtaí substainteacha agus nós imeachta dá bhforáiltear leis an Treoir sin. Áirítear orthu sin an ceart rochtana, ceartaithe agus léirscriosta sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag Hadopi, chomh maith leis an bhféidearthacht gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta neamhspleách, agus ina dhiaidh sin, nuair is cuí, leigheas breithiúnach a fheidhmítear faoi choinníollacha an ghnáthdlí (58).

105. Dá réir sin, molaim mar fhreagra ar an gcéad cheist agus an dara ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú go gcaithfear Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP a stóráil agus d’údarás riaracháin atá freagrach as cóipcheart agus cearta gaolmhara a chosaint ar sháruithe ar na cearta sin ar an idirlíon na sonraí sin a rochtain, teoranta do shonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP ionas gur féidir leis an údarás sin sealbhóirí na seoltaí sin a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad freagrach as na sáruithe sin a shainaithint agus gur féidir leis, nuair is cuí, bearta a ghlacadh ina leith, gan an rochtain sin a bheith faoi réir grinnscrúdú roimh ré ó chúirt nó eintiteas riaracháin neamhspleách, i gcás gurb iad na sonraí sin an t‑aon mhodh imscrúdaithe lenar féidir an duine dá raibh an seoladh sin sannta, tráth an chiona, a aithint.

B.      Ar an tríú ceist arna tarchur

106. De réir a tríú ceiste, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena fháil amach, más freagraí dearfacha a thugtar ar an gcéad cheist agus an dara ceist, agus ag féachaint d’íogaireacht íseal na sonraí aitheantais sibhialta, do na rialacha diana maidir le rochtain ar na sonraí agus don ghá gan misean na seirbhíse poiblí a cuireadh faoi chúram an údaráis riaracháin atá i gceist a chur i mbaol, Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar ghrinnscrúdú roimh a dhéanamh de réir socruithe oiriúnaithe, amhail seiceáil uathoibrithe, más cuí faoi mhaoirseacht seirbhíse inmheánach i gcomhlacht a thairgeann ráthaíochtaí neamhspleáchais agus neamhchlaontachta vis-à-vis na hoifigigh atá freagrach as an mbailiú sin a dhéanamh.

107. Is léir ó fhoclaíocht an tríú ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú agus ón bhfreagra i scríbhinn ó Rialtas na Fraince ar cheisteanna na Cúirte nach dtagraíonn na rialacha maidir le grinnscrúdú oiriúnaithe dá dtagraítear sa cheist sin do shásra rialaithe atá sa dlí náisiúnta cheana, ach do na bealaí a d’fhéadfaí a scrúdú agus lena bhfuil sé i gceist córas na Fraince a thabhairt i gcomhréir le dlí an Aontais, más gá sin.

108. Is cásdlí socair é nach é cuspóir iarrata ar réamhrialú tuairimí comhairleacha a thabhairt maidir le ceisteanna ginearálta agus hipitéiseacha, ach chun an gá is dual do réiteach éifeachtach díospóide a bhaineann le dlí an Aontais a shásamh (59).

109. Ós rud é go bhfuil an tríú ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, mar sin, i mo thuairimse, hipitéiseach, caithfear a chinneadh go bhfuil an cheist sin do-ghlactha.

110. In aon chás, i bhfianaise an fhreagra a mholaim ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist le haghaidh réamhrialú, ní gá freagra a thabhairt ar an tríú ceist.

V.      Conclúid

111. I bhfianaise an méid sin go léir roimhe seo, molaim go bhfreagróidh an Chúirt na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú ón Conseil d’État (an Fhrainc) mar seo a leanas:

Maidir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáidí leictreonacha) arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8, 11 agus 52(1), den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP a stóráil agus d’údarás riaracháin atá freagrach as cóipcheart agus cearta gaolmhara a chosaint ar sháruithe ar na cearta sin ar an idirlíon na sonraí sin a rochtain, teoranta do shonraí aitheantais shibhialta a fhreagraíonn do sheoltaí IP ionas gur féidir leis an údarás sin sealbhóirí na seoltaí sin a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad freagrach as na sáruithe sin a shainaithint agus gur féidir leis, nuair is cuí, bearta a ghlacadh ina leith, gan an rochtain sin a bheith faoi réir grinnscrúdú roimh ré ó chúirt nó eintiteas riaracháin neamhspleách, i gcás gurb iad na sonraí sin an t‑aon mhodh imscrúdaithe lenar féidir an duine dá raibh an seoladh sin sannta, tráth an chiona, a aithint.


1      Bunteanga: an Fhraincis.


2      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37).


3      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31).


4      JORF an 7 Márta 2010, téacs Uimh. 19.


5      JORF an 31 Iúil 2021, téacs Uimh.o 1. Glacadh an leagan seo d’Airteagal L. 34 - 1 de CPCE, atá i bhfeidhm ón 31 Iúil 2021, tar éis chinneadh an Conseil d’État (an Fhrainc) an 21 Aibreán 2021, Uimh. 393099 (JORF Uimh. 98 an 25 Aibreán 2021) a dhiúltaigh don leagan roimhe sin den fhoráil sin a chuimsigh oibleagáid sonraí pearsanta a choinneáil “chun críocha cionta coiriúla nó sárú ar an oibleagáid atá leagtha síos in Airteagal L. 336 - 3 [de CMI] a imscrúdú, a chinneadh agus a ionchúiseamh” chun críche amháin a cheadú, de réir mar is gá, an cur ar fáil, inter alia, do Hadopi. Le Cinneadh Uimh. 2021 - 976 - 977 QPC an 25 Feabhra 2022 (An tUasal Habib A. agus daoine eile), dhearbhaigh an Conseil constitutionnel (Cúirt Bhunreachtúil, an Fhrainc) go raibh leagan roimhe seo d’Airteagal L. 34 - 1 den CPCE míbhunreachtúil ar an bhforas bunúsach, “trí údarú a dhéanamh ar stóráil ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí nasctha, sáraíonn na forálacha atá faoi chonspóid an ceart chun príobháideachais” (mír 13). Chinn an chúirt sin go mbaineann na sonraí ceangail a bhí le coinneáil faoi na forálacha sin, ní hamháin le húsáideoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí a aithint ach le sonraí eile a dhéanann, “ag féachaint dá n‑ilchineálacht agus don phróiseáil a bhféadfaidís a bheith faoina réir, faisnéis iomadúil agus beacht a sholáthar faoi na húsáideoirí sin agus, i gcásanna áirithe, ar thríú páirtithe, a chuirean isteach go mór ar a soal príobháideach” (mír 11)


6      Féach breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020 (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, “an breithiúnas in La Quadrature du Net agus Páirtithe eile”, EU:C:2020:791, cuid oibríochtúil).


7      Féach breithiúnas an 21 Nollaig 2016 (C‑203/15 agus C‑698/15, “an breithiúnas in Tele2”, EU:C:2016:970, cuid oibríochtúil).


8      Mír 120:


9      Mír 189:


10      Breithiúnas an 2 Márta 2021, (C‑746/18, “an breithiúnas in Prokuratuur”, EU:C:2021:152).


11      Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 27 Aibreán 2016 a rialáil maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).


12      Féach Quadrature du Net agus páirtithe eile, míreanna 155 agus 159.


13      Féach an breithiúnas in Tele2 (mír 79).


14      Féach breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2018, Ministerio Fiscal (C‑207/16, EU:C:2018:788, mír 49).


15      Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2018 (C‑207/16, EU:C:2018:788).


16      Féach breithiúnas Prokuratuur (mír 29).


17      Féach breithiúnas an 17 Meitheamh 2021, M. I. C. M. (C‑597/19, EU:C:2021:492, míreanna 127 go 130).


18      Féach na breithiúnais in La Quadrature du Net agus Páirtithe eile, (mír 166); an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (C‑140/20, “an breithiúnas in Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile” EU:C:2022:258, mír 98), agus an 20 Meán Fómhair 2022, SpaceNet, (C‑793/19 agus C‑794/19, “an breithiúnas in SpaceNet”, EU:C:2022:702, mír 131).


19      Féach an breithiúnais n La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (mír 107); Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 35), agus SpaceNet (mír 52).


20      Féach breithiúnais Tele2 (mír 86); La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (mír 108); Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 38), agus SpaceNet (mír 55).


21      Féach na breithiúnais in La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (mír 109); Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 37), agus SpaceNet (mír 54).


22      Féach breithiúnais La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (míreanna 110 agus 111); Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 40), agus SpaceNet (mír 57).


23      Féach breithiúnais La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (mír 112); Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 41), agus SpaceNet (mír 58).


24      Féach breithiúnais La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (míreanna 113 agus 114); Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 42), agus SpaceNet (mír 60).


25      Féach na breithiúnais in La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (míreanna 120 agus 122); Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 48), agus SpaceNet (mír 63).


26      Féach na breithiúnais in La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (míreanna 120 agus 122); Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 49), agus SpaceNet (mír 64).


27      Féach an breithiúnas in La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (míreanna 127 agus 129); Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (míreanna 50 agus 51), agus SpaceNet (míreanna 65 agus 66).


28      Féach an breithiúnais in La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (mír 131); Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 53), agus SpaceNet (mír 68).


29      Féach míreanna 41 et seq.den Tuairim seo.


30      Féach an breithiúnas in La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (mír 152).


31      Féach na breithiúnais in La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (mír 153); Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 73), agus SpaceNet (mír 103). (Béim curtha leis).


32      Féach na breithiúnais in La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (mír 154); Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 73), agus SpaceNet (mír 103).


33      Féach na breithiúnais in La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (míreanna 155 agus 156); Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 74), agus SpaceNet (míreanna 104 agus 105).


34      Féach na breithiúnais in La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (mír 156) agus SpaceNet (mír 105).


35      Cás C‑597/19 EU:C:2020:1063, mír 98.


36      Féach mo Thuairim sa Chás M. I. C. M. (C‑597/19, EU:C:2020:1063, mír 97).


37      Féach breithiúnais an 19 Aibreán 2012, Bonnier Audio agus Páirtithe Eile (C461/10, EU:C:2012:219, mír 55); an 4 Bealtaine 2017, Rīgas satiksme (C13/16, EU:C:2017:336, mír 34), agus an 17 Meitheamh 2021, M. I. C. M. (C‑597/19, EU:C:2021:492, míreanna 47 go 54).


38      Féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Eanáir 2008, Promusicae  (C‑275/06, EU:C:2008:54, míreanna 50 go 52).


39      Féach mír 65 den Tuairim seo.


40      Féach mo Thuairim sa Chás M. I. C. M. (C‑597/19, EU:C:2020:1063, mír 103).


41      Airteagal 15(1) de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlíthiúla de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (”An Treoir maidir le tráchtáil leictreonach”) (IO 2000 L 78, lch. 1).


42      Míreanna 60 agus 61 den Tuairim seo.


43      Féach an breithiúnas in La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (mír 155). (béim curtha leis).


44      Féach an breithiúnas in La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (mír 156). (béim curtha leis).


45      Féach breithiúnais an 2 Deireadh Fómhair 2018, Ministerio Fiscal (C‑207/16, EU:C:2018:788, 788) agus Prokuratuur (mír 32).


46      Mír 47 den Tuairim seo.


47      Féach SpaceNet, (mír 131); La Quadrature du Net agus Páirtithe eile (mír 166), agus Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 98).


48      Féach an breithiúnais in Tele2 ((mír 115); an 2 Deireadh Fómhair 2018, Ministerio Fiscal (C‑207/16, EU:C:2018:788, mír 56), agus Prokuratuur (mír 33).


49      Féach míreanna 65 et seq. agus i ndiaidh na Tuairime seo.


50      Féach na breithiúnais in Tele2 (mír 118); Prokuratuur (mír 49), agus Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 104).


51      Féach na breithiúnais in Tele2 (mír 119); Prokuratuur (mír 51), agus Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 106).


52      Féach na breithiúnais in Tele2 (mír 130); Prokuratuur (mír 50), agus Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (mír 105).


53      Féach na breithiúnais in Tele2 agus Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile.


54      Féach an breithiúnas in Prokuratuur.


55      Féach an breithiúnas in Prokuratuur (mír 45).


56      Mar gné choimhdeach, tugaim faoi deara go bhfuil argóintí indéantachta ann freisin i gcoinne oibleagáid grinnscrúdaithe roimh ré ar bhonn córasach. Chun gur féidir córas eagraithe a bheith ann chun sáruithe cóipchirt a rinneadh ar líne a chomhrac, mar shampla, i gceist sna príomhimeachtaí, is gá méideanna suntasacha sonraí pearsanta a phróiseáil, de réir líon na sáruithe atá á n‑ionchúiseamh, eadhon, mar shampla do 2019, de réir bharúlacha Rialtas na Fraince, 33 465 iarratas ar shainaithint sheoltaí IP a rinne Hadopi in aghaidh an lae. Sa chomhthéacs sin, bheadh an baol ann go gcuirfeadh oibleagáid grinnscrúdaithe roimh ré chun rochtain a fháil ar na sonraí sin i mbaol, go praiticiúil, feidhmiú na sásraí don chomhrac eagraithe i gcoinne sárú cóipchirt ar líne, rud a thabharfadh faoi cheist an chothromaíocht idir cearta úsáideoirí agus cearta na n‑údar.


57      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO 2016 L 119, lch. 89).


58      Déantar foráil do na ráthaíochtaí seo go léir le forálacha Chaibidil III, Teideal III, de Dhlí Uimh. 78 - 17 maidir le próiseáil sonraí, comhaid agus saoirsí an 6 Eanáir 1978 (JORF an 7 Eanáir 1978).


59      Féach breithiúnais an 26 Deireadh Fómhair 2017, Balgarska energiyna borsa (C‑347/16, EU:C:2017:816, mír 31); an 31 Bealtaine 2018, Confetra agus páirtithe eile (C‑259/16 agus C‑260/16, EU:C:2018:370, mír 63), agus an 17 Deireadh Fómhair 2019, Elektrorazpredelenie Yug (C‑31/18, EU:C:2019:868, mír 32).