Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 21 Nollaig 2023 – konektra GmbH agus LN v USM U. Schärer Söhne AG

(Cás C-795/23, konektra)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Cosantóirí, freagróirí agus achomharcóirí ar phointe dlí: konektra GmbH, LN

Iarratasóir, achomharcóir agus freagróir san achomharc ar phointe dlí: USM U. Schärer Söhne AG

Na ceisteanna a tharchuirtear

Cuirtear na ceisteanna seo a leanas faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le haghaidh réamhrialú maidir le léiriú ar Airteagal 2(a), Airteagal 3(1) agus Airteagal 4(1) de Threoir 2001/29/CE 1 :

I gcás saothair ealaíne fheidhmeach, an bhfuil gaol riail-eisceachta ann idir cosaint faoin dlí dearaidh agus cosaint faoi dhlí an chóipchirt sa chaoi is, agus úrnuacht na saothar sin á scrúdú faoi dhlí an chóipchirt, nach mór ceanglais níos airde a chur ar roghanna cruthaitheacha agus saora an chruthaitheora agus úrnuacht na saothar sin?

Agus úrnuacht á scrúdú faoi dhlí an chóipchirt, ar cheart dearcadh suibiachtúil an chruthaitheora ar an bpróiseas cruthaithe a chur san áireamh (chomh maith) agus, go háirithe, ar cheart don chruthaitheoir na cinntí cruthaitheacha saora a dhéanamh go comhfhiosach ionas gur féidir iad a mheas mar chinntí cruthaitheacha saora de réir bhrí chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh?

Más rud é, mar chuid den scrúdú ar an úrnuacht, go ndírítear go príomha ar cé acu ar cuireadh cruthú ealaíonta in iúl go hoibiachtúil sa saothar agus a mhéid a chuirtear sin in iúl: an féidir imthosca a tharlaíonn tar éis an ama a cruthaíodh an dearadh atá cinntitheach don mheasúnú ar úrnuacht a chur san áireamh freisin don scrúdú sin, mar shampla an dearadh a chur i láthair i dtaispeántais ealaíne nó músaeim nó aitheanteas an dearaidh i gciorcail ghairmiúla?

____________

1 Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, lch. 10).