Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 19 Feabhra 2024 ag Alaa Hamoudi i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) a fógraíodh an 13 Nollaig 2023 i gCás T-136/22, Hamoudi v Frontex

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-136/24 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Alaa Hamoudi (ionadaí: F. Gatta, Avvocato)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

an t-ordú atá faoi achomharc a chur ar ceal;

breithiúnas críochnaitheach ar thuillteanais an cháis a thabhairt, i gcás ina measann an Chúirt go bhfuil faisnéis leordhóthanach aici ón bhfaisnéis atá sa chomhad;

mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh scrúdú iomlán ar na fíorais;

a ordú do Frontex costais arna dtabhú ag an achomharcóir ag an gcéad chéim agus ar achomharc a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Leis an gcéad chuid den aon fhoras achomhairc amháin, áitíonn an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus earráid i dtréithriú dlíthiúil na bhfíoras nuair a chinn sí, i mír 57 den ordú atá faoi achomharc, maidir leis an bhfianaise arna tabhairt ar aird ag an achomharcóir agus a áirítear i gcomhad na cúirte cheana féin, ‘nach bhfuiltear in iúl na himeachtaí a bhaineann leis an teagmhas a líomhnaítear dar dáta an 28 agus 29 Aibreán 2020 a léiriú go soiléir agus de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá [leis an bhfianaise sin]’. I gcreat na chéad choda den aon fhoras achomhairc amháin, áitíonn an t-achomharcóir go bhfágtar – de dheasca na n-earráidí thuasluaite i dtréithriú dlíthiúil na fianaise arna tabhairt ar aird ag an achomharcóir agus a áirítear i gcomhad na cúirte cheana féin – gurb earráid dlí é cinneadh na Cúirte Ginearálta i mír 61 den ordú atá faoi achomharc, eadhon, nár léirigh an t-achomharcóir ‘an damáiste iarbhír atá á líomhain aige agus mar sin, gur léir nach gcomhlíontar an coinníoll maidir le damáiste iarbhír’, chomh maith lena cinneadh i mír 62 den ordú atá faoi achomharc nár mhór ‘an chaingean a dhíbhe toisc í a bheith gan bhunús dlí go follasach’.

Leis an dara cuid den aon fhoras achomhairc amháin, áitíonn an t-achomharcóir gurb earráidí dlí iad cinntí na Cúirte Ginearálta i míreanna 61 agus 62 den ordú atá faoi achomharc agus go gcuirtear ó bhail chomh maith céanna iad mar gheall ar earráidí na Cúirte Ginearálta i dtréithriú dlíthiúil na fianaise agus na faisnéise arna iarraidh ag an achomharcóir agus nach n-áirítear i gcomhad na cúirte. Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid i dtréithriú dlíthiúil na bhfíoras nuair a chinn sí nach raibh an fhianaise sin ábhartha ná riachtanach chun scrúdú iomlán a dhéanamh ar na fíorais a bhaineann leis an gcoinníoll maidir leis an damáiste iarbhír.

____________