Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Judicial da Comarca do Porto - Juízo Local Criminal de Vila Nova de Gaia (an Phortaingéil) a taisceadh an 20 Márta 2024 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne YX

(Cás C-215/24, Fira) 1

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Judicial da Comarca do Porto - Juízo Local Criminal de Vila Nova de Gaia

Páirtithe sna príomhimeachtaí

YX

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhféadfadh Ballstát forghníomhaitheach, i ndiaidh dó diúltú an barántas gabhála a fhorghníomhú de réir Airteagal [4(6)] de Chinneadh Réime 2002/584 trí áit chónaithe an daoránaigh a agairt, agus i ndiaidh dó an breithiúnas a aithint agus é i mbun na n-imeachtaí um an breithiúnas a fhorghníomhú cheana féin, an téarma príosúnachta iarbhír a ghearr an Ballstát eisiúna ina bhreithiúnas a chur ar fionraí, ar bhonn a dhlínse mar Bhallstát forghníomhaitheach agus trína dhlí intíre a chur i bhfeidhm?

An bhféadfadh údarás breithiúnach an Bhallstáit fhorghníomhaithigh cinneadh críochnaitheach údarás breithiúnach an Bhallstáit eisiúna a leasú, lasmuigh de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 17(1) agus (2) de Chinneadh Réime 2008/909?

An bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 17(1) de Chinneadh Réime 2008/909 sa chaoi go gceadaítear leis don Bhallstát forghníomhaitheach údarú a thabhairt le téarma príosúnachta iarbhír a chur ar fionraí, de réir riachtanais a dhlí intíre, i gcás nach ndéanann údaráis inniúla an Bhallstáit eisiúna amhlaidh i gcomhréir lena dhlí?

Má tá freagra dearfach ar na ceisteanna roimhe seo:

Ag féachaint d’fhorálacha Airteagail 12, 13 agus Airteagal 17(3) de Chinneadh Réime 2008/909, nach raibh sé de cheangal ar údaráis bhreithiúnacha na Spáinne (an Ballstát forghníomhaitheach) a seasamh a chur in iúl don Bhallstát eisiúna roimh ré gurb infhionraí an téarma príosúnachta a gearradh ar an gcúisí[?]

____________

1 Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.