Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände - Verbraucherzentrale Bundesverband e.V. v TC Medical Air Ambulance Agency GmbH

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-633/20) 1

(Tarchur chun réamhrialú — Ceart bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar — Margadh aonair árachais — Treoir 2002/92/CE — Coincheap “idirghabhálaí árachais”  — Gníomhaíocht “idirghabháil árachais”  — Treoir (AE) 2016/97 — Gníomhaíocht “dáileadh árachais”  — Raon feidhme na dTreoracha sin — Ballraíocht de ghrúpárachas — Cearta a shannadh faoin gconradh árachais — Sochair árachais i gcás tinnis nó timpiste thar lear — Íocaíocht déanta ag an mball ar an gcumhdach árachais a fhaightear — Cosaint do thomhaltóirí — Cóir chomhionann idir idirghabhálaithe árachais)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände - Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.

Cosantóir: TC Medical Air Ambulance Agency GmbH

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 2(3) agus (5) de Threoir 2002/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Nollaig 2002 maidir le hidirghabháil árachais, arna leasú le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014, chomh maith le hAirteagal 2(1)(1), (3), agus (8) di, de Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 20 Eanáir 2016, maidir le dáileadh árachais, arna leasú le Treoir (AE) 2018/411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 14 Márta 2018,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cumhdaítear leis an gcoincheap “idirghabhálaí árachais”, agus leis an gcoincheap “dáileoir táirgí árachais”, mar sin, de réir bhrí na bhforálacha sin, duine dlítheanach arb é atá i gceist lena chuid gníomhaíochtaí ná tairiscint a dhéanamh dá chustaiméirí chun ballraíocht a ghlacadh, ar bhonn saorálach, i gcomaoin táille a fhaigheann sé uathu, i bpolasaí grúpárachais atá glactha aige roimh ré, ar ballraíocht í lena dtugtar an ceart dóibh chun sochair árachais, go háirithe i gcás tinnis nó timpiste thar lear.

____________

1 IO C 62 an 22.02.2021