Achomharc arna thabhairt an 1 Feabhra 2022 ag Industria de Diseño Textil SA (Inditex) i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra) a tugadh an 1 Nollaig 2021 i gCás T-467/20, Inditex v EUIPO – Ffauf Italia (ZARA)
(Cás C-65/22 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Industria de Diseño Textil SA (Inditex) (ionadaithe: C. Duch Fonoll agus S. Sáenz de Ormijana Rico, abogadas)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Ffauf Italia SpA
Le hordú an 6 Bealtaine 2022, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nach ligfear don achomharc dul ar aghaidh agus gur cheart go n-íocfaidh Industria de Diseño Textil SA (Inditex) a chostais féin.
____________