Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) arna taisceadh an 24 Samhain 2022 — Associazione Nazionale Italiana Bingo — Anib, Play Game Srl v Ministero dell’Economia e delle Finanze, Agenzia delle Dogane e dei Monopoli

(Cás C-728/22)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Associazione Nazionale Italiana Bingo – Anib, Play Game Srl

Cosantóirí: Ministero dell’Economia e delle Finanze, Agenzia delle Dogane e dei Monopoli

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gá Treoir 2014/23/AE maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain1 agus na prionsabail ghinearálta a eascraíonn as an gConradh, go háirithe Airteagail 15, 16, 20 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagail 8, 49, 56, 12, 145 agus 151 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chiall go bhfuil feidhm acu maidir le lamháltais chun an cluiche Biongó a reáchtáil a deonaíodh trí nós imeachta roghnaitheach in 2000, a chuaigh in éag agus ar cuireadh síneadh lena n-éifeachtaí arís agus arís eile ina dhiaidh sin le forálacha reachtacha a tháinig i bhfeidhm tar éis theacht i bhfeidhm na treorach agus tar éis dhul in éag na tréimhse chun í a thrasuí?

I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist, an gcuirtear cosc le Treoir 2014/23/AE ar léiriú nó ar chur i bhfeidhm forálacha reachtacha náisiúnta, nó cleachtais cur chun feidhme ar bhonn na bhforálacha sin, ar bhealach a bhainfeadh den riarachán an lánrogha chun nós imeachta riaracháin a thionscnamh, arna iarraidh sin ag na páirtithe leasmhara, arb é is aidhm dó leasú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le lamháltais a fheidhmiú, le nós imeachta nua dámhachtana nó gan é, ag brath ar cé acu a aicmítear nó nach n-aicmítear athchaibidlíocht na cothromaíochta conarthaí mar athrú substaintiúil, i gcásanna ina dtarlaíonn teagmhais gan choinne agus neamh-intuartha nach bhfuil inchurtha i leith na bpáirtithe agus a dhéanann difear suntasach do na gnáthdhálaí riosca oibriúcháin, fad is a leanann na coinníollacha sin de bheith ann agus chomh fada agus is gá chun na coinníollacha bunaidh maidir le feidhmiú na lamháltas a athbhunú, más féidir?

An gcuirtear cosc le Treoir 89/665/CE,1 arna leasú le Treoir 2014/23/AE, ar léiriú nó ar chur i bhfeidhm forálacha náisiúnta nó cleachtais cur chun feidhme ar bhonn na bhforálacha sin, ar bhealach go bhféadfaidh an reachtas nó an riarachán poiblí coinníoll a fhorchur chun a bheith rannpháirteach sa nós imeachta maidir le lamháltais chluichíocht a ath-dhámhachtain go mbeidh an lamháltóir rannpháirteach sa scéim um shíneadh teicniúil, fiú má chuirtear cosc ar an bhféidearthacht na coinníollacha maidir le reáchtáil  an lamháltais a athchaibidliú chun iad a chothromú, mar thoradh ar theagmhais gan choinne agus neamh-intuartha nach bhfuil inchurtha i leith na bpáirtithe agus a dhéanann difear suntasach do na gnáthdhálaí riosca oibriúcháin, fad is a leanann na coinníollacha sin de bheith ann agus chomh fada agus is gá chun na coinníollacha bunaidh maidir le feidhmiú na lamháltas a athbhunú, más féidir?

In aon chás, an gcuirtear cosc le hAirteagal 49 agus le hAirteagal 56 CFAE agus prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na héifeachtachta dlíthiúla agus prionsabal na cosanta d’ionchais dhlisteanacha ar léiriú nó ar chur i bhfeidhm forálacha reachtacha náisiúnta nó cleachtais cur chun feidhme ar bhonn na bhforálacha sin, ar bhealach a bhainfeadh den riarachán an lánrogha chun nós imeachta riaracháin a thionscnamh, arna iarraidh sin ag na páirtithe leasmhara, arb é is aidhm dó leasú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le lamháltais a fheidhmiú, le nós imeachta nua dámhachtana nó gan é, ag brath ar cé acu a aicmítear nó nach n-aicmítear athchaibidlíocht na cothromaíochta conarthaí mar athrú substaintiúil, i gcásanna ina dtarlaíonn teagmhais gan choinne agus neamh-intuartha nach bhfuil inchurtha i leith na bpáirtithe agus a dhéanann difear suntasach do na gnáthdhálaí riosca oibriúcháin, fad is a leanann na coinníollacha sin de bheith ann agus chomh fada agus is gá chun na coinníollacha bunaidh maidir le feidhmiú na lamháltas a athbhunú, más féidir?

An gcuirtear cosc le hAirteagal 49 agus le hAirteagal 56 CFAE, agus le prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na héifeachtachta dlíthiúla agus prionsabal na cosanta d’ionchais dhlisteanacha ar léiriú nó ar chur i bhfeidhm forálacha náisiúnta, nó cleachtais cur chun feidhme ar bhonn na bhforálacha sin, sa chiall go bhféadfaidh an reachtas nó an riarachán poiblí coinníoll a fhorchur chun a bheith rannpháirteach sa nós imeachta maidir le lamháltais chluichíocht a ath-dhámhachtain go mbeidh an lamháltóir rannpháirteach sa scéim um shíneadh teicniúil, fiú má chuirtear cosc ar an bhféidearthacht na coinníollacha maidir le reáchtáil  an lamháltais a athchaibidliú chun iad a chothromú, mar thoradh ar theagmhais gan choinne agus neamh-intuartha nach bhfuil inchurtha i leith na bpáirtithe agus a dhéanann difear suntasach do na gnáthdhálaí riosca oibriúcháin, fad is a leanann na coinníollacha sin de bheith ann agus chomh fada agus is gá chun na coinníollacha bunaidh maidir le feidhmiú na lamháltas a athbhunú, más féidir?

Ar bhonn níos ginearálta, an gcuirtear cosc le hAirteagal 49 agus le hAirteagal 56 CFAE agus le prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na héifeachtachta dlíthiúla agus prionsabal na cosanta d’ionchais dhlisteanacha ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go n-íocfaidh oibreoirí hallaí Biongó táille costasach ar shíneadh teicniúil go míosúil nach bhforáiltear dó sna doiciméid lamháltais bhunaidh, táille atá den mhéid céanna do gach cineál oibreora agus arna leasú ó am go ham ag an reachtas gan aon nasc a bheith cruthaithe le saintréithe ná le feidhmiú caidreamh lamháltais aonair, más féidir?

____________

1     IO 2014 L 94, lch. 1.

1     Treoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithniúcháin chun conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí a dhámhachtain (IO 1989 L 395, lch.33).