Language of document :

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

MEDINA

arna tabhairt an 9 Samhain 2023 (1)

Cásanna Uamtha C790/21 P agus C791/21 P

Covestro Deutschland AG

v

An Coimisiún Eorpach (C790/21 P)

agus

Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

v

Covestro Deutschland AG,

An Coimisiún Eorpach (C791/21 P)

(Achomharc – Státchabhair – An Ghearmáin – Scéim Státchabhrach i bhfabhar tomhaltóirí móra leictreachais áirithe – Díolúine ó mhuirir líonra in 2012 agus 2013 – Cinneadh lena ndearbhaítear nach bhfuil an scéim státchabhrach ag luí leis an margadh inmheánach agus go bhfuil sí neamhdhleathach agus lena n‑ordaítear aisghabháil na státchabhrach a deonaíodh – Caingean le haghaidh neamhniú – Teorainn ama chun imeachtaí a thionscnamh – Inghlacthacht – An coincheap ‘cabhair’ – Acmhainní Stáit – Cáin pharaifhioscach nó tobhaigh shainordaitheacha eile – Státrialú ar na cistí)






1.        Tá an Tuairim seo á tabhairt i gCásanna Uamtha C‑790/21 P agus C‑791/21 P. Ba chóir í a léamh in éineacht leis na trí Thuairim eile de mo chuidse in achomhairc chomhuaineacha, (2) arna dtabhairt inniu freisin, agus iad ar fad ag baint leis an scéim chéanna Státchabhrach. Lena achomharc i gCás C‑790/21 P, iarrann Covestro Deutschland AG (‘Covestro’), comhlacht déantúsaíochta ábhar, go gcuirfear breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Covestro Deutschland v an Coimisiún (T‑745/18, EU:T:2021:644), (‘an breithiúnas atá faoi achomharc’) ar ceal. Dhíbh an breithiúnas sin a chaingean ag iarraidh go gcuirfí ar neamhní an Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 28 Bealtaine 2018 maidir leis an scéim cabhrach a chuir an Ghearmáin i bhfeidhm i gcomhair tomhaltóirí bonnlóid faoi Mhír 19 de StromNEV, (3) maidir leis na blianta 2012 agus 2013, (‘an cinneadh atá i gceist’). Trína hachomharc sa Chás C‑791/21 P, tá Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (a ndéanfar tagairt di mar ‘an Ghearmáin’, ar mhaithe le simplíocht) ag iarraidh go gcuirfear an breithiúnas atá faoi achomharc ar ceal. Tá crosachomharc déanta ag an gCoimisiún i dtaca leis an dá chás thuas, lena bhfuil sé ag iarraidh an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal freisin.

I.      Cúlra an aighnis

2.        Tá cúlra an aighnis leagtha amach i Míreanna 1 go 22 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Chun críocha na Tuairime seo, d’fhéadfaí an achoimre seo a leanas a thabhairt air.

A.      Córas na muirear líonra roimh chur i bhfeidhm na mbeart atá i gceist

3.         Déantar foráil, inter alia, le Mír 21 den Energiewirtschaftsgesetz (an Dlí um chosaint an tsoláthair fuinnimh), arna leasú ag an Gesetz zur Neuregelung energiewirtschaftlicher Vorschriften (an Dlí maidir le leasú ar rialúcháin an tionscail fuinnimh) dar dáta an 26 Iúil 2011, (4) ach roimh do na leasuithe a rinneadh leis an Gesetz zur Weiterentwicklung des Strommarktes (an Dlí maidir le forbairt mhargadh an leictreachais) dar dáta an 26 Iúil 2016, (5) go gcaithfidh muirir líonra a bheith réasúnach, neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus bunaithe ar na costais a bhaineann le hoibriú éifeachtach chóras soláthair an leictreachais.

4.        Sainmhíníonn Mír 17 den Stromnetzentgeltverordnung (Reacht Chónaidhme ar Mhuirir Líonra Leictreachais; ‘StromNEV’) dar dáta an 25 Iúil 2005, (6) an modh ríofa gur chóir d’oibreoirí córais a úsáid chun na muirir ghinearálta a mheas, atá bunaithe, inter alia, ar chostais iomlána bhliantúla an líonra.

5.        Ina theannta sin, déanann Mír 19 de StromNEV 2005 foráil do mhuirir aonair do chatagóirí úsáideoirí a bhféadfadh a dtomhaltas agus a bpóifílí lóid a bheith éagsúil le cinn úsáideoirí eile (‘úsáideoirí neamhthipiciúla’ mar a thugtar orthu), a chuireann san áireamh, mar a chuireann na húsáideoirí úd le costais an líonra a laghdú nó a chosaint ó ardú, de réir an phrionsabail go mbeidh praghsáil ag freagairt do chostais.

6.        Maidir leis sin, tugann Mír 19(2) de StromNEV 2005 muirir aonair isteach i gcomhair an dá chatagóir seo a leanas d’úsáideoirí neamhthipiciúla: (i) úsáideoirí a bhféadfadh buaic-chostais a n‑úsáide a bheith go suntasach éagsúil le buaiclód bliantúil comhuaineach gach úsáideora eile atá ceangailte leis an leibhéal céanna líonra, is é sin le rá, úsáideoirí a mbíonn a dtomhaltas leictreachais lasmuigh de na buaicuaireanta go córasach (‘tomhaltóirí fritimthriallacha’); agus (ii) úsáideoirí a léiríonn a dtomhaltas bliantúil leictreachais 7 000 uair a chloig úsáide agus breis agus 10 gigeavata (‘tomhaltóirí bonnlóid’).

7.        Roimh theacht i bhfeidhm StromNEV, faoi mar atá leasaithe ag EnWG 2011 (‘StromNEV 2011’), bhí tomhaltóirí fritimthriallacha agus bonnlóid faoi réir muirir aonair a ríomhadh de réir ‘mhodh an bhealaigh fhisiciúil’ curtha le chéile ag an Bundesnetzagentur (Gníomhaire Líonra Cónaidhme, an Ghearmáin; ‘BNetzA’). Chuir an modh sin costais líonra ginte ag na tomhaltóirí úd san áireamh, le híoschostas coibhéiseach le 20 % de na muirir ghinearálta fhoilsithe (‘an muirear íosta’). Dheimhnigh sé sin muirear ráthaithe d’oibriúchán an líonra a raibh na tomhaltóirí úd ceangailte leis, sa chás go mbeadh na muirir aonair a ríomhadh de réir mhodh an bhealaigh fhisiciúil ní b’ísle ná nialas nó gar dó.

B.      Na bearta atá i gceist (díolúine agus formhuirear)

8.        De bhun an dara agus an tríú habairt de Mhír 19(2) de StromNEV2011, a tháinig i bhfeidhm ar an 4 Lúnasa 2011, le héifeacht ón 1 Eanáir 2011, (dáta an iarratais chúlghabhálaigh den fhoráil sin,) cuireadh deireadh le córas na muirear do thomhaltóirí bonnlóid agus cuireadh lándíolúine ón dualgas aon mhuirear líonra a íoc ina háit (‘an díolúine atá faoi chaibidil’). Ní raibh sé le bheith deonaithe go dtí go raibh sé deimhnithe ag an údarás inniúil rialála (an BnetzA nó údarás rialála Land lenar bhain sé) go raibh na coinníollacha dlíthiúla comhlíonta. Cuireadh an díolúine i gceist ar oibreoirí córais tarchurtha nó dáileacháin de réir leibhéal an líonra a raibh na tairbhithe ceangailte leo. Bhí muirir líonra do thomhaltóirí neamh-bhuaicuaireanta fós i bhfeidhm agus dualgas orthu 20 % ar a laghad den mhuirear líonra foilsithe a íoc.

9.        I gcomhréir leis an séú agus an seachtú habairt de Mhír 19(2) de StromNEV 2011, bhí ar oibreoirí córais tarchurtha cúiteamh a íoc le hoibreoirí iartheachtacha líonraí dáileacháin leictreachais (na hoibreoirí dáileacháin leictreachais) as ioncam a cailleadh mar thoradh ar an díolúine atá faoi chaibidil agus bhí orthu cúiteamh a dhéanamh le chéile as na costais a d’eascair as an díolúine, trí chúiteamh airgeadais i gcomhréir le Mír 9 den Kraft‑Wärme-Kopplungsgesetz  (an Dlí maidir le cur chun cinn comhghiniúna teasa agus leictreachais) dar dáta an 19 Márta 2002 (7) agus é mar thoradh air gur sheas siad ar fad an t‑ualach céanna airgeadais a ríomhadh de réir mhéid an leictreachais a sholáthair na hoibritheoirí aonair do na tomhaltóirí deiridh a bhí ceangailte lena líonra.

10.      Ón mbliain 2012 ar aghaidh, bhunaigh cinneadh an BnetzA dar dáta an 14 Nollaig 2011 (BK8-11-024; ‘cinneadh BnetzA 2011’) sásra maoinithe. Faoin sásra sin, bhailigh oibreoirí an chórais dáileacháin formhuirear ó na tomhaltóirí deiridh (‘an formhuirear atá faoi chaibidil’), agus a cuireadh ar aghaidh an tsuim sin chuig oibreoirí an chórais tharchurtha chun iad a chúiteamh as a gcaillteanas ioncaim a tharla mar thoradh ar an díolúine atá faoi chaibidil.

11.      Ríomh oibreoirí an chórais tharchurtha méid an fhormhuirir gach bliain roimh ré, bunaithe ar mhodh a bhunaigh an BnetzA. Bhí an méid don chéad bhliain inar cuireadh an córas i bhfeidhm, 2012, socraithe go díreach ag an BnetzA.

12.      Níor bhain na forálacha sin le costais an díolúine do 2011 agus, dá réir sin, bhí ar gach oibreoir tarchurtha agus dáileacháin an caillteanas sin a sheasamh maidir leis an díolúine don bhliain áirithe sin.

C.      Córas na muirear líonra i ndiaidh na mbeart atá faoi chaibidil

13.      Le linn an nós imeachta riaracháin os comhair an Choimisiúin, a raibh an cinneadh atá i gceist mar thoradh air, fógraíodh go raibh an díolúine ar neamhní go hiomlán trí chinntí breithiúnacha Oberlandesgericht Düsseldorf (an Ardchúirt Réigiúnach, Düsseldorf, an Ghearmáin) an 8 Bealtaine 2013 agus an Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais Chónaidhme, an Ghearmáin) an 6 Deireadh Fómhair 2015. D’aisghair an StromNEV an díolúine ina dhiaidh sin, le héifeacht ón 1 Eanáir 2014, mar atá leasaithe ag Verordnung zur Änderung von Verordnungen auf dem Gebiet des Energiewirtschaftsrechts  (Reacht lena leasaítear na Rialúcháin um Fhuinneamh) dar dáta an 14 Lúnasa 2013. (8) D’athbhunaigh an reacht úd na muirir aonair ríofa de réir mhodh an bhealaigh fhisiciúil – le cur i bhfeidhm muirear caighdeánaithe de 10, 15 agus 20 % de na muirir ghinearálta, seachas an t‑íosmhuirear – bunaithe ar thomhaltas leictreachais (7 000, 7 500 agus 8 000 uair a chloig d’úsáid bhliantúil an líonra) (‘na muirir chaighdeánaithe’).

14.      Thóg StromNEV 2013 scéim idirthréimhseach isteach, atá i bhfeidhm ón 22 Lúnasa 2013 agus atá infheidhme go cúlghabhálach do thomhaltóirí bonnlóid nach raibh an díolúine atá faoi chaibidil faighte acu do na blianta 2012 agus 2013 (‘an scéim aistrithe’). In ionad na muirear aonair a ríomhadh i gcomhréir le modh an bhealaigh fhisiciúil agus an t‑íosmhuirear, rinne an scéim sin foráil do chur i bhfeidhm na muirear caighdeánach go heisiach.

II.    Anailís dhlíthiúil

15.      Ina dhá chrosachomharc chomhionanna i gCásanna C‑790/21 P agus C‑791/21 P, cuireann an Coimisiún trí shaincheist dlí chun cinn. Go bunúsach tá an chéad dá cheann, díreach mar an gcéanna sa tslí gurb ionann an dá shaincheist a ardaítear agus atá sna crosachomhairc i gCásanna C‑792/21 P go C‑796/21 P agus C‑800/21 P. I gCás C‑790/21 P, braitheann Covestro ar cheithre shaincheist dlí. I gCás C‑791/21 P, cuireann an Ghearmáin aon saincheist dlí amháin chun cinn. Mar atá iarrtha ag an gCúirt Bhreithiúnais áfach, ní thabharfaidh an Tuairim seo aghaidh ach ar an gcéad saincheist dlí de chuid an Choimisiúin (inghlacthacht caingne le haghaidh neamhniú) agus ar an tríú saincheist dlí de chuid Covestro, a thagann go maith leis an aon saincheist dlí amháin de chrosachomharc na Gearmáine (sa mhéid agus a bhaineann siad seo le coinníoll maidir le bheith ann d’idirghabháil trí bhíthin ‘acmhainní Stáit’).

A.      An chéad saincheist dlí de chrosachomhairc an Choimisiúin: inghlacthacht caingne le haghaidh neamhniú

1.      Príomhargóintí na bpáirtithe

16.      Áitíonn an Coimisiún go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, i míreanna 37 go 44 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, trí léiriú leathan a thabhairt ar choincheap an ‘fhoilsithe’ de réir bhrí an séú mír d’Airteagal 263 CFAE. Ar an gcéad dul síos, dar leis an gCoimisiún, tá léiriú na Cúirte Ginearálta contrártha le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, inar bhunaigh an Chúirt Bhreithiúnais ceangal idir an séú mír d’Airteagal 263 CFAE agus Airteagal 297 CFAE. In aighneacht an Choimisiúin, is léir ón gcásdlí sin gurb é an foilsiú túsphointe na tréimhse forordaithe chun imeachtaí dlí a thionscain sa chás gur réamhchoinníoll é i gcomhair theacht i bhfeidhm an bhirt atá faoi chaibidil, agus má tá foráil déanta dó sa Chonradh féin agus sa chás sin amháin. Sa dara háit, maidir go sonrach, le foilsiú chinneadh an Choimisiúin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (‘an Iris Oifigiúil’) agus nós imeachta foirmiúil fiosrúcháin á dhúnadh, ní hionann sin agus ‘foilsiú’ de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 297(2) CFAE. Dá réir sin, ní hé sin túsphointe na tréimhse forordaithe chun imeachtaí dlí a thionscnamh. Ar an tríú dul síos, cuireann an Coimisiún sraith argóintí chun cinn, a thacaíonn dar leis lena léiriú ar an séú mír d’Airteagal 263 CFAE, amhail scéim na forála sin, prionsabal an chomhionannais arm nó cineál sainordaitheach na dteorainneacha ama chun imeachtaí dlí a thionscnamh.

17.      Áitíonn an Ghearmáin agus Covestro, go bunúsach, nach bhfuil léiriú na Cúirte Ginearálta ar choincheap an ‘fhoilsithe’, de réir bhrí an séú mír d’Airteagal 263 CFAE, curtha ó bhail ag aon earráid dlí.

2.      2.  Measúnú

18.      Is fíor i gcleachtas agus mar ab amhlaidh sa chás seo, gur minic a chuirtear in iúl do thairbhithe Státchabhrach nach luíonn an scéim cabhrach leis an margadh inmheánach agus go bhfuil an scéim neamhdhleathach agus go n‑ordaítear aisghabháil na cabhrach sula bhfoilsítear an cinneadh san Iris Oifigiúil. Is iad na tairbhithe a fhulaingíonn éifeachtaí dlí an chinnidh sin i gcomhthéacs nós imeachta gnóthaithe, a chaithfidh tarlú láithreach i ndiaidh don chinneadh a bheith glactha agus fógra curtha chuig an mBallstát a mbaineann sé leis.

19.      Áitíonn an Coimisiún, sna coinníollacha úd agus contrártha lenar rialaigh an Chúirt Ghinearálta sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, gurb é an dáta a fuair tairbhí na Státchabhrach fios maidir leis an gcinneadh atá faoi chaibidil, a chaithfear a chur san áireamh agus teorainn ama á ríomh chun caingean le haghaidh neamhniú a thionscnamh, seachas dáta a fhoilsithe san Iris Oifigiúil. Áitíonn an Coimisiún dá réir gur chóir go mbeadh an Chúirt Ghinearálta tar éis a fhógairt go raibh caingean Covestro do-ghlactha, os rud é go raibh an t‑am istigh.

20.      Molaim go ndiúltófaí do léiriú an Choimisiúin, os rud é nach bhfuil tacaíocht aige ó fhoclaíocht an séú mír d’Airteagal 263 CFAE, ná ó chásdlí na Cúirte, ná i gcuspóir na forála sin.

21.      Déantar foráil i bhfoclaíocht an séú mír d’Airteagal 263 CFAE ‘[go n]déanfar na himeachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí ón uair a foilsíodh an beart, nó a cuireadh in iúl don ghearánaí é nó, murar cuireadh, ón lá a fuair sé fios air, de réir mar a bheidh’.

22.      Faoi mar atá curtha in iúl ag an nGearmáin, agus mar is léir ó chásdlí na Cúirte, is féidir a thuiscint ó fhoclaíocht na forála sin go bhfuil an critéar a bhaineann leis an dáta a fuair iarratasóir fios ar bheart a bheith mar thúsphointe na tréimhse forordaithe chun imeachtaí dlí a thionscnamh, tánaisteach don chritéar maidir le foilsiú agus fógra.

23.      Maidir le fógra a thabhairt, tá sé tábhachtach a chur san áireamh gur nós imeachta iomlán déthaobhach é idir an Coimisiún agus an Ballstát atá i gceist, an nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar Státchabhair. Níl ag tairbhithe na cabhrach ach stádas ‘páirtithe leasmhara’, de réir bhrí Airteagal 1(h) de Rialachán (AE) 2015/1589. (9) Dá réir sin, is ar an mBallstát sin amháin a dhírítear cinneadh diúltach an Choimisiúin agus tá teacht i bhfeidhm an chinnidh mar thoradh ar an nós imeachta déthaobhach sin, is é sin fógra an Choimisiúin maidir leis an gcinneadh don Bhallstát. Ós rud é go bhfuil a leithéid de chinneadh tagtha i bhfeidhm cheana féin ar fhógra a bheith faighte, ba chóir nach mbeadh an cinneadh maidir leis an túsphointe chun imeachtaí a thionscnamh do pháirtithe nach bhfuair fógra bainteach leis na coinníollacha ina dtiocfadh beart i bhfeidhm agus ina ionad sin, ba chóir go n‑eascródh sé as léiriú ar fhoclaíocht agus ar chuspóir an séú mír d’Airteagal 263 CFAE.

24.      De réir fhoclaíocht an séú mír d’Airteagal 263 CFAE maidir le daoine nach dtugtar fógra dóibh, is é foilsiú an bhirt san Iris Oifigiúil an phríomhfhachtóir maidir le túsphointe chun teorainn ama a ríomh chun imeachtaí dlí a thionscnamh. Dá réir sin, ní bheadh an tráth ina bhfuair tairbhí na státchabhrach fios maidir leis an gcinneadh ábhartha, sa mhéid agus go bhfuil sé tánaisteach do chritéar eile, ach sa chás nár foilsíodh an cinneadh (cé gur cheart dó a bheith foilsithe).

25.      I mo thuairimse, ní féidir leis an gCoimisiún brath ar an mbreithiúnas in an Phortaingéil v an Coimisiún. (10) Bhain an breithiúnas sin le cás éagsúil leis an gceann atá faoi chaibidil sa chás seo. Sa chás úd, bhí an cinneadh a bhí i gceist dírithe go sonrach ar Phoblacht na Portaingéile, ach níl Covestro, mar thairbhí cabhrach, ach ina pháirtí leasmhar; ní dhírítear an cinneadh atá faoi chaibidil air.

26.      Ina theannta sin, braitheann an Coimisiún ar mhíléamh an bhreithiúnais sin maidir leis an gcosúlacht a luaitear leis an séú mír d’Airteagal 263 CFAE agus an dara agus an tríú mír d’Airteagal 297(2) CFAE. Sa bhreithiúnas sin, níor bhain an Chúirt ‘feasacht inti féin’ mar chiall as coincheap ‘Bekanntgabe’ (‘fógra’/‘foilsiú’ i nGaeilge). Níor rialaigh an Chúirt ach ar an ngaol idir an dá rogha mhalartacha a ndéantar foráil dóibh sa séú mír d’Airteagal 263 CFAE, chun a dheimhniú go dtagann an cinneadh a dhírítear ar an iarratasóir i bhfeidhm agus é fógartha agus ag an am céanna go dtionscnaíonn an fógairt sin túsphointe na tréimhse forordaithe chun imeachtaí dlí a thionscnamh.

27.      Pléann an Coimisiún an ‘fógra’, agus áitíonn gur thug údaráis na Gearmáine fógra do na gnóthais sa chás seo. Nuair a sheol na húdaráis úd – nach iad an institiúid iad a ghlac an gníomh – cóip den chinneadh atá faoi chaibidil chuig tairbhithe cabhrach, ní ceadmhach sin a rangú mar fhógra foirmiúil de chinneadh an Choimisiúin de réir bhrí Airteagal 297 CFAE. Níl na héifeachtaí céanna dá réir ag ‘cinneadh’ a chur in iúl agus an éifeacht a bheadh ag fógra de réir bhrí an Airteagail sin. Níl ‘cur in iúl’ (‘Zustellung’ as Gearmáinis) maidir le cinneadh an Choimisiúin ina cheist bheo sa chás seo.

28.      Ní thacaíonn na fasaigh eile luaite ag an gCoimisiún leis an hipitéis a chosnaíonn sé ach chomh beag. Dá réir sin, níl an t‑ordú in Fryč v an Coimisiún ábhartha sa mhéid agus gur bhain sé leis an gcaingean le haghaidh neamhniú Rialachán a foilsíodh san Iris Oifigiúil. Sa tslí chéanna, bhain an t‑ordú in Iordăchescu v an Pharlaimint agus páirtithe eile (11) le treoir a foilsíodh san Iris Oifigiúil leis.

29.      Ar deireadh, is éard atá mar chuspóir ag na teorainneacha ama chun imeachtaí dlí a thionscnamh ná critéar oibiachtúil a chruthú chun cinnteacht dhlíthiúil a dheimhniú. Tagann ina dhiaidh sin go gcaithfidh teorainn ama a bheith soiléir agus aitheanta go héasca ag cách agus é ag dreim go seachnófar aon leithcheal nó caitheamh go treallach le duine i riar an cheartais. (12)

30.      Dá réir sin, mar a luann an Ghearmáin, is go díreach ar mhaithe le cinnteacht dhlíthiúil a chaomhnú go n‑aithníonn an séú mír d’Airteagal 263 CFAE foilsiú an bhirt mar an phríomhimeacht chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an teorainn ama chun imeachtaí dlí a thionscnamh. Go deimhin féin, bíonn sé indéanta i gcónaí cinneadh a dhéanamh maidir leis an dáta sin go cinnte, murab ionann agus an dáta a tháinig an tairbhí ar an eolas faoin mbeart … fianaise atá i bhfad níos deacra a sholáthar. Rachadh an rogha mhalartach eile a mhol an Coimisiún i gcoinne an ríomha sin a bhfuil cinnteacht dhlíthiúil ag roinnt leis. Sa rogha mhalartach úd, bheadh cinneadh le déanamh maidir le gach aon teorainn ama ceann ar cheann, agus bheadh ar an gCúirt Ghinearálta, le hiarracht shuntasach, grinnfhiosrúchán a chur sa tsiúl maidir leis an dáta beacht ar a bhfuair an t‑iarratasóir fios maidir leis an mbeart, trí sheans b’fhéidir.

31.      Ina theannta sin, bheadh mar éifeacht ag an léiriú molta ag an gCoimisiún go mbeadh teorainn ar chumhdach éifeachtach dhlíthiúil thairbhí na cabhrach, sa mhéid, mar shampla, go bhfaigheadh an tairbhí leagan neamhiomlán nó leasaithe de chinneadh an Choimisiúin, ón mBallstát a bheadh i gceist. Níl fógra mar sin rialaithe ag dlí an Aontais agus d’fhéadfadh an Ballstát fógra do chuid de thairbhithe na cabhrach, nó dóibh uile a fhágáil ar lár, go treallach nó trí fhaillí, a d’fhéadfadh fadhbanna follasacha a chothú maidir le prionsabal na cothroime rochtaine ar cheartas.

32.      Ní athraíonn argóint an Choimisiúin mo thátalsa, sa chás seo atá faoi chaibidil, gur thionscain Covestro – a fuair an cinneadh atá i gceist i gcomhthéacs an nós imeachta náisiúnta maidir le haisghabháil cabhrach – a thóg a chaingean le haghaidh neamhniú roimh don chinneadh atá faoi chaibidil a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil.

33.      Go deimhin féin, tugann an Chúirt chun cuimhne i gcásdlí roimhe seo ‘nár chuir an tríú mír d’Airteagal 33 de Chonradh CEGC, a fhorordaíonn fógra agus foilsiú mar na foirmiúlachtaí don fhad a mhairfeadh teorainn ama chun caingean a thionscain le haghaidh neamhniú ar chinneadh, cosc ar iarratasóir iarratas a thaisceadh leis an gCúirt a luaithe agus a bhí glactha leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, gan fanacht ar é a bheith fógartha nó foilsithe.  Bhí ceann de na caingne a bhí mar bhunús don bhreithiúnas sin inghlactha mar sin, d’ainneoin an fhíorais go raibh sé taiscthe ag Clárlann na Cúirte roimh don chinneadh atá faoi chonspóid a bheith foilsithe’. Dá réir sin, rialaigh an Chúirt sa bhreithiúnas atá luaite ‘nach bhfuil aon ní sa séú mír d’Airteagal 263 CFAE a fhreagraíonn don tríú mír d’Airteagal 33 de Chonradh CEGC, a chuireann cosc ar dhlí an chásdlí sin a bheith tras-suite don chás seo’ (13) agus dheimhnigh, go bunúsach, maidir leis an bhfíoras gurbh amhlaidh gur tionscnaíodh caingean le haghaidh neamhniú roimh don chinneadh atá faoi chaibidil a bheith foilsithe, nár chúis é sin a fhógairt nach raibh an chaingean inghlactha.

34.      Léiríonn an measúnú thuas nach bhfuil éifeacht ag caingean le haghaidh neamhniú a thionscnamh go luath (is é sin roimh don ghníomh atá i gceist a bheith foilsithe) ar thúsphointe imeachtaí dlí a thionscnamh agus an teorainn ama a ríomhadh chun a mhacasamhail d’imeachtaí dlí a thionscnamh, mar atá sainmhínithe sa séú mír d’Airteagal 263 CFAE.

35.      Sa deireadh thiar thall, contrártha le hargóint an Choimisiúin, tá Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Campos Sánchez-Bordona in Georgsmarienhütte agus páirtithe eile (C‑135/16, EU:C:2018:120) neamhábhartha chun críocha na gcásanna seo, sa mhéid agus gur rialaigh an Chúirt sa chás sin ar inghlacthacht iarraidh ar réamhrialú agus níor rialaigh sí ar thúsphointe na tréimhse chun caingean le haghaidh neamhniú ar chinneadh an Choimisiúin a thionscnamh os comhair na Cúirte Ginearálta.

36.      Dar liom, is léir ó na breithnithe roimhe seo go raibh an ceart ag an gCúirt Ghinearálta ina deimhniú gur chóir an do-ghlacthacht a d’áitigh an Coimisiún ar an gcéad dul síos a dhiúltú agus gur chóir crosachomhairc an Choimisiúin a dhíbhe as bheith gan bhunús.

B.      An tríú saincheist dlí de chuid Covestro agus an taon saincheist dlí amháin tarraingthe anuas ag an nGearmáin: sárú ar Airteagal 107(1) CFAE maidir le hacmhainní Stáit

37.      Tá an tríú saincheist dlí de chuid Covestro (Cás C‑790/21 P) maidir leis an gcoincheap ‘acmhainní Stáit’ bunaithe ar thrí argóint: (i) áitítear nach critéir mhalartacha iad a bheith ann do cháin agus do rialú an Stáit (ii) déanann sé aighneas le rangú an fhormhuirir atá i gceist mar cháin agus (iii) áitíonn sé nach raibh aon rialú Stáit ar na hacmhainní ginte ag an bhformhuirear atá faoi chaibidil. Tá an t‑aon saincheist dlí amháin de chuid na Gearmáine (Cás C‑791/21 P) roinnte ina trí chuid. Tá an chéad chuid ‘gur critéir mhalartacha iad a bheith ann do cháin agus do rialú an Stáit’, bunaithe ar na hargóintí seo a leanas: (a) go bhfuil trasnálacha sa bhreithiúnas atá faoi achomharc; (b) ní thagann i ndiaidh chásdlí na Cúirte gur leor teacht ar an gconclúid go bhfuil acmhainní an Stáit agus iadsan amháin i gceist sa bheart ar an mbonn gur féidir an formhuirear a rangú mar cháin; (c) tá scéim na gConarthaí contrártha le léiriú na Cúirte Ginearálta; (d) go mbaineann iarmhairtí leis an léiriú ‘nach bhforáiltear dóibh sna Conarthaí’; agus (e) fiú amháin i gcás ina mbíonn cáin, bíonn gá a mheas an bhfuil Státrialú i gceist. Tá an dara cuid, ‘ní cáin é an formhuirear a chuireann an BNetzA i bhfeidhm de réir bhrí chásdlí na Cúirte bunaithe ar na hargóintí seo a leanas: (a) níl aon ‘cháin’ murach é an féichiúnaí cánach an tomhaltóir deiridh; agus (b) ní hamháin go raibh sé ceart ag an gCúirt Ghinearálta an dualgas chun cáin a  bhailiú a fhiosrú ach an dualgas chun í a íoc chomh maith. Faoin tríú cuid, áitíonn an Ghearmáin go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nár chuir úsáid eisiach na muirear líonra a bailíodh, cead a bheith ag an Stát na cistí sin a dhiúscairt, as an áireamh.

38.      Maíonn an Coimisiún gur chóir diúltú don tríú saincheist dlí de chuid Covestro agus don aon saincheist dlí aonair de chuid na Gearmáine as bheith gan bhunús.

39.      Sa mhéid agus go bhfuil cuid mhaith den ábhar céanna sna hargóintí éagsúla maidir le hacmhainní Stáit tarraingthe anuas ag Covestro sa tríú saincheist dlí (Cás C‑790/21 P) agus ag an nGearmáin sa tsaincheist dlí aonair (Cás C‑791/21 P), tá sé cuí dul i ngleic leo le chéile, agus san ord agus ag leanúint struchtúr an bhreithiúnais atá faoi achomharc. Mar thoradh air sin, is gá ar dtús déileáil le cineál malartach an chritéir; ina dhiaidh sin, an formhuirear atá faoi chaibidil a cháiliú mar ‘cháin’; agus, ar deireadh, Státrialú a bheith ann ar na hacmhainní ginte ag an bhformhuirear atá i gceist.

1.      An chéad sraith d’argóintí tarraingthe anuas ag Covestro agus ag an nGearmáin (dhá fhachtóir arb ionann iad, le chéile, agus rogha mhalartach).

(a)    Príomhargóintí na bpáirtithe

40.      Áitíonn Covestro agus an Ghearmáin, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a mheas sí ‘dhá fhachtóir arb ionann iad, le chéile, agus rogha mhalartach’ ab ea cáin a bheith ann agus Státrialú ar na cistí ginte ag an gcáin úd (nó rialú ar riarthóirí na gcistí sin). Ní leor a leithéid de cháin a bheith ann agus tátal a bhaint as gur bhain an cás seo le ‘hacmhainní Stáit’.

(b)    Measúnú

41.      D’imscrúdaigh an Chúirt Ghinearálta an cásdlí maidir leis an gcritéar ‘acmhainní Stáit’ agus mheas sí ‘go bunúsach, go mbraitheann cásdlí na Cúirte Breithiúnais … ar dhá phríomhfheachtóir chun cineál Stáit na n‑acmhainní a mheas: ar an gcéad dul síos, a bheith ann d’ualach éigeantach ar thomhaltóirí nó ar chustaiméirí, a ndéantar tagairt dó mar “mhuirear” de ghnáth, agus níos sainiúla fós mar “mhuirear paraifhioscach”, agus ar an dara dul síos, Státrialú ar bhainistíocht an chórais, trí Státrialú ar na cistí nó ar riarthóirí (tríú páirtí) na gcistí úd, go sonrach. Go bunúsach, is dhá fhachtóir arb ionann iad, le chéile, agus rogha mhalartach (an breithiúnas atá faoi achomharc, mír 95, béim curtha leis).

42.      De réir na Cúirte Ginearálta, ‘tá sé riachtanach dá réir fáil amach an gcomhlíonann an sásra [maoinithe] atá faoi chaibidil na coinníollacha a leagtar síos sa chásdlí ábhartha maidir le húsáid acmhainní Stáit…agus dá réir, an amhlaidh atá an formhuirear atá faoi chaibidil ina ualach éigeantach agus, dá réir, inchomparáide le muirear paraifhioscach nó, mura bhfuil sé sin amhlaidh, an bhfuil ar a laghad rialú ag an Stát ar na cistí a bailíodh nó ar na comhlachtaí atá freagrach as bainistiú na gcistí sin’ (an breithiúnas atá faoi achomharc, mír 109).

43.            Áitíonn Covestro agus an Ghearmáin go bhfuil an critéar do ‘cháin’ agus do Státrialú carnach agus iad ag brath ar na breithiúnais in FVE Holýšov I agus Páirtithe eile v an Coimisiún , (14)an Ghearmáin v an Coimisiún (15) agus PreussenElektra. (16) Déantar argóintí sna breithiúnais sin agus breithiúnais eile de chuid na Cúirte (níos déanaí), áfach, ina ionad sin, i bhfabhar an critéar a bheith malartach, atá ar aon dul lenar chinn an Chúirt Ghinearálta i míreanna 90 agus 95 go 97 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. (17)

44.      Is é mo thuairim go bhfuil na hargóintí atá curtha chun cinn ag Covestro agus ag an nGearmáin gan bhunús sa mhéid go bhféadfaí diúltú dóibh ar bhonn an chásdlí is déanaí de chuid na Cúirte, a ruaigeann aon dabht a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis na critéir a bheith malartach nó carnach.

45.      Sa bhreithiúnas in DOBELES HES, (18) phléigh Mór-Dhlísheomra na Cúirte le dhá cheist atá ábhartha do na hachomhairc seo: (i) sainmhíniú ar an gcoincheap ‘cáin’ agus (ii) an gaol idir critéar cánach agus critéar maidir le Státrialú ar an sásra maoinithe.

46.      I mír 39 den bhreithiúnas sin, shoiléirigh an Chúirt go bhfuil na critéir ábhartha in Airteagal 107(1) CFAE mar chuid de  rogha mhalartach ‘ní hé an critéar a luadh sa mhír roimhe seo [is é sin, gurb ann do mhuirear] den bhreithiúnas seo ar aon chritéar amháin chun “acmhainní Stáit” a shainaithint, de réir bhrí na forála sin. Is leor go bhfanann suimeanna faoi rialú poiblí i gcónaí agus dá bhrí sin go mbíonn siad ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta, chun iad a aicmiú mar “acmhainní Stáit”’.

47.      Dá réir sin, is leor ceann amháin nó ceann eile den dá chritéar a shásamh, atá deimhnithe i mír 42 den bhreithiúnas in DOBELES HES, ina ndéanann an Chúirt tagairt dhíreach do ‘dhá chritéar mhalartacha’ a bheith ann.

48.      Dá bhrí sin, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí sa bhreithiúnas atá faoi achomharc agus léiriú á dhéanamh aici ar Airteagal 107(1) CFAE, mar gur lean sé cásdlí na Cúirte a bhí ann cheana nuair a luaigh sí i mír 95 gurb ionann an critéar thuas ‘le chéile agus rogha mhalartach’ agus deimhníodh an cur chuige sin arís ó shin sa bhreithiúnas in DOBELES HES. Mar thoradh air sin, ba leor don Chúirt Ghinearálta a aithint, sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, go raibh cáin ann nó Státrialú ar an sásra maoinithe, agus ba leor ceann amháin de na critéir sin ann féin chun a dheimhniú go raibh acmhainní Stáit i gceist. Tagann ina dhiaidh sin, dar liom, gur chóir na hargóintí a chuir Covestro agus an Ghearmáin chun cinn go bhfuil na critéir úd carnach, a dhiúltú mar argóintí atá go follasach gan bhunús.

49.      Is fíor nár shonraigh an Chúirt Ghinearálta é seo go sainráite, ach glacaim an dearcadh go bhfuil sé soiléir agus an breithiúnas atá faoi achomharc á léamh (go háirithe, mír 109) gur imscrúdaigh sí an dara critéar ar mhaithe le hiomláine amháin. Sa mhéid agus a bhí cineál malartach na gcritéar ina ábhar mór easaontais idir na páirtithe a bhí os comhair na Cúirte Ginearálta, threoraigh prionsabal riar iontaofa an chirt an Chúirt sin agus d’imscrúdaigh sé an dá ghné den rogha mhalartach.

50.      Ina dhiaidh sin, mar thaca leis an argóint gur chóir go mbeadh an critéar a bhaineann le cad is ‘cáin’ ann agus cad is Státrialú ann carnach, áitíonn an Ghearmáin chomh maith go bhfuil an léiriú ar Airteagal 107 (1) CFAE sa bhreithiúnas atá faoi achomharc (atá deimhnithe i gcásdlí na Cúirte) contrártha do scéim na gConarthaí, cibé ar bith, agus go mbeadh ‘iarmhairtí nár tuaradh sna Conarthaí’ mar thoradh air. Sonraíonn sí gur ghá go dtiocfadh aon cháin nó muirear breise forchurtha ag an Stát faoin gcoincheap ‘acmhainní Stáit’, rud a bheadh in aghaidh cheannasacht fhioscach na mBallstát. Áitíonn sí freisin gurb é atá mar sprioc ag an gcosc ar Státchabhair neamhdhleathach ná cosaint i gcoinne sárú Stáit ar an tsaoriomaíocht, a thugann le tuiscint nach bhfuil i gceist ach sárú ar iomaíocht atá ceangailte le buiséad an Stáit nó a bhaineann le hacmhainní atá faoi réir ag cumhacht diúscartha an Stáit.

51.      Faoi mar atá curtha in iúl ag an gCoimisiún áfach, tá na hargóintí sin bunaithe ar léamh míchruinn ar na Conarthaí (19) chomh maith le cónascadh idir an cásdlí a bhaineann le hAirteagail 30 agus 110 CFAE ar lámh amháin agus an cásdlí a bhaineann le hAirteagal 34 CFAE ar an lámh eile. Mínítear an toirmeasc ar idirdhealú faoin gcéad dhá Airteagal leis an bhfíoras go bhfuil dleachtanna custaim agus cáin araon, fioscach de réir a nádúr, (is éard atá iontu ná cánacha a mbaineann an Stát úsáid astu chun cuspóirí polaitiúla a bhaint amach). Lena chois sin, is leor aird a dhíriú ar an toisc chinntitheach is láidre maidir le hacmhainní Stáit ná gur obair an Stáit í saobhadh iomaíochta (seachas gnóthas). Tá sé suntasach áfach nach dtugann aon ní i scéim na gConarthaí le fios nach féidir ach cabhair ‘atá maoinithe ag buiséad an Stáit’ a áireamh ina Státchabhair, in ainneoin an méid is cosúil a bheith á lua ag an nGearmáin. Go deimhin féin, cuireadh in iúl go soiléir i gcónaí i gcásdlí na Cúirte nach leor an fíoras simplí go dtéann an sreabhadh acmhainní go heisiach trí eintitis dlí phríobháidigh chun bréagnú a dhéanamh ar a bheith ann do Státrialú éifeachtach de réir bhrí choincheap na cabhrach. (20)

52.      In aghaidh argóintí na Gearmáine, níl aon tionchar ábharach ag an difríocht chórasach i gConradh FAE idir Airteagail 30 agus 110 agus Airteagal 107 chomh fada agus a bhaineann siad leis na cásanna seo. Tá ina ionad sin gné chomónta ag na trí fhoráil sin, is é sin an fíoras go mbaineann siad le gníomh fioscach an Stáit. Go deimhin féin, tá an Chúirt tar éis léiriú leathan ar ‘Státrialú’ a ghlacadh maidir leis an dá chatagóir forálacha, go háirithe chun aon sárú ar na rialacha atá sna forálacha sin a chosc. (21)

53.      Ina theannta sin, tá sé mícheart a éileamh go mbeadh ‘aon [aistriú] sochmhainní idir [daoine dlítheanacha] príobháideacha ordaithe ag an dlí, [comhshamhlaithe] mar úsáid acmhainní Stáit’. Mar shampla, ní cáin é íosphraghas a leagtar síos sa dlí. Is leor tagairt a dhéanamh do na breithiúnais in PreussenElektra agus in EEG 2012. Bhain PreussenElektra le híosphraghas reachtach a leagadh síos idir dhá eintiteas dlí phríobháidigh. Ní raibh cead ag an eintiteas dlí phríobháidigh a raibh air an t‑íosphraghas a chur i bhfeidhm na costais a chur ar aghaidh chuig a chustaiméirí. Dá réir sin, ní raibh aon cháin i gceist.

54.      Sa bhreithiúnas in EEG 2012, shoiléirigh an Chúirt nár leor díreach an fhéidearthacht go mbeadh tionchar ar chustaiméirí leis na hacmhainní a úsáideadh a áireamh mar acmhainní Stáit. Ní féidir úsáid acmhainní Stáit – i bhfoirm cánach – a thoimhdiú ach sa chás go bhfuil oibleagáid freisin ar an eintiteas dlí phríobháidigh ar a bhfuil an oibleagáid, an costas breise a chur ar aghaidh chuig an tríú páirtí trí cháin a bhailiú uaidh.

55.      I mo thuairimse, is léir ó na breithnithe ar fad roimhe seo go ndearna an Chúirt Ghinearálta cinneadh ceart agus gur cuid de rogha mhalartach iad na critéir sin. Dá réir sin, níl an breithiúnas atá faoi achomharc curtha ó bhail ag aon earráid dlí maidir leis sin agus ba chóir an chéad sraith d’argóintí tarraingthe anuas ag Covestro agus ag an nGearmáin a dhíbhe as a bheith gan bhunús.

2.      An dara sraith d’argóintí tarraingthe anuas ag Covestro agus ag an nGearmáin (rangú an fhormhuirir atá faoi chaibidil mar ‘cháin)

56.      Cáineann Covestro agus an Ghearmáin an Chúirt Ghinearálta maidir leis an gcéad cheann de na critéir mhalartacha a phléitear thuas, sa mhéid is gur rangaigh sé an formhuirear atá i gceist mar ‘cháin’ go mícheart dar leo. Áitíonn siad go bhfuil an rangú sin bunaithe ar léiriú mícheart ar an gcoincheap ‘cáin’ agus ar shaobhadh an dlí náisiúnta.

(a)    An chéad ghrúpa argóintí (féichiúnaí deiridh an fhormhuirir atá i gceist)

57.      Go bunúsach, sa chéad ghrúpa argóintí, áitíonn Covestro agus an Ghearmáin gur bhain an Chúirt Ghinearálta míbhrí as an gcoincheap ‘tomhaltóir deiridh’ de réir bhrí an dlí náisiúnta, sa mhéid nach gcuireann an dlí náisiúnta ná údaráis náisiúnta na Gearmáine oibleagáid íocaíochta i bhfeidhm ar thomhaltóirí ná ar oibreoirí córais. Ní raibh a mhacasamhail d’oibleagáid indéanta ach faoi chonradh i gcomhair úsáid líonra amháin a bhí curtha le chéile ag na húdaráis rialála, nárbh ann dó sna blianta 2012 agus 2013. Dar le Covestro, is faoin soláthróir leictreachais mar an úsáideoir líonra a bhí sé, an formhuirear atá i gceist a chur ar aghaidh chuig an tomhaltóir deiridh. Fiú sa chás go mbeadh na soláthróirí ar fad i ndiaidh an formhuirear a chur ar aghaidh chuig an tomhaltóir deiridh go córasach, níor leor a leithéid de chleachtas chun go gcinnfí go raibh oibleagáid dhlíthiúil i gceist.

58.      Is é mo bharúil go dtagann an cheist chun cinn an bhfuil an cheist maidir le cérbh iad féichiúnaithe deiridh an fhormhuirir atá faoi chaibidil ina breithniú cinntitheach.

59.      D’áitigh Covestro ag an gcéad chéim nár bailíodh an formhuirear ach ó úsáideoirí líonra agus nár cuireadh ar aghaidh go héigeantach é chuig tomhaltóirí deiridh leictreachais, agus gur chóir dá réir sin plé leis mar mhuirear líonra seachas mar cháin. I mír 119 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, áfach, rialaigh an Chúirt Ghinearálta go raibh an argóint sin  neamhábhartha, nuair a chuirtear an fíoras san áireamh gurbh fhéichiúnaithe deiridh an fhormhuirir sin iad na húsáideoirí líonra (na soláthróirí iad féin agus na tomhaltóirí deiridh a bhí ceangailte go díreach leis an líonra), seachas tomhaltóirí deiridh eile.

60.      Ina theannta sin, i mír 120 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta gur aithin an cinneadh atá faoi chaibidil oibleagáid an formhuirear atá i gceist a bhailiú agus a chur ar aghaidh chuig ‘tomhaltóirí deiridh’. Dar liomsa, tá sé ábhartha go raibh an léiriú seo air comhthacaithe ag mír 20 de bhreithiúnas an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme) an 6 Deireadh Fómhair 2015, a dhiúltaíonn d’argóint Covestro gur mhuirear líonra é an formhuirear atá faoi chaibidil. Dheimhnigh an chúirt sin nár chúiteamh conarthach é an formhuirear, ach bailiú seachtrach muirear a forchuireadh ar na hoibreoirí.

61.      Lena chois sin, is léir ó chásdlí na Cúirte, chun go mbeadh beart ina ‘mhuirear’ de réir bhrí Airteagail 30 agus 110 CFAE, gur leor gur toibhíodh an beart sin ar tháirgí nó ar sheirbhísí idirmheánacha, gan riachtanas a bheith ann gur cuireadh ar aghaidh é chuig tomhaltóirí deiridh na dtáirgí nó seirbhísí iartheachtacha. Níl aon tacaíocht sa chásdlí céanna de chuid na Cúirte (22) don tuairim nach dtugann cáin le tuiscint gurb ann d’acmhainní Stáit ach sa chás go gcuirtear an cháin sin i bhfeidhm ar thomhaltóirí deiridh. Go deimhin féin, creidim go gcaithfear an coincheap ‘cáin’, a ndéantar tagairt dó in Airteagail 30 agus 110 CFAE a fhorléiriú go leathan ar bhonn léiriú teileolaíoch.

62.      Bhraith an Chúirt Ghinearálta, agus an ceart aici, ar an gcásdlí céanna i mír 121 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.

63.      Is é mo thuairimse go raibh an ceart ag an gCúirt Ghinearálta a cur chuige a bhunú ar an gceist an gcaithfidh comhlachtaí príobháideacha nó poiblí, a bhfuil sé chúram orthu an scéim a chur i bhfeidhm, na costais a ghlacadh chucu féin trína n‑acmhainní airgeadais féin (cás nach mbeadh aon Státchabhair i gceist) nó an féidir leo na hacmhainní sin a bhailiú ó thríú páirtithe (cás ina mbeadh Státchabhair i gceist). Is beag tábhacht na tríú páirtithe sin a bheith ina dtomhaltóirí deiridh nó iad a bheith ina nasc idirmheánach sa slabhra breisluacha. Go deimhin féin, is é an t‑aon toisc chinntitheach ná éifeacht athdháilte na cánach, is é sin go mbailíonn Stát nó eintiteas dlí phríobháidigh an cháin sin ó ghnóthais agus úsáideann siad í chun buntáiste a deonaíodh do chatagóir eile gnóthas a mhaoiniú.

64.      Is léir ó léiriú teileolaíoch agus ó chásdlí na Cúirte ar an gcoincheap ‘cáin’, de réir bhrí Airteagail 30 agus 110 CFAE, nach mbaineann le hábhar cé an duine atá faoi dhliteanas an cháin a íoc neamhábhartha i ngach aon chás. Is é an toisc chinntitheach ná an mbaineann an cháin leis an táirge atá i gceist nó le gníomhaíocht riachtanach i ndáil leis an táirge sin. (23)

65.      I mo thuairim, is léir ón méid sin gur chóir an chéad ghrúpa argóintí a dhiúltú as bheith gan bhunús.

(b)     An dara grúpa argóintí (ní raibh an cháin atá faoi chaibidil sainordaitheach)

(1)    Dhearbhaigh cúirteanna náisiúnta go raibh cinneadh BnetzA 2011 neamhdhleathach

66.      Áitíonn Covestro gur bhraith an Chúirt Ghinearálta go mícheart ar chinneadh BNetzA 2011 agus air sin amháin, cé gur dhearbhaigh cúirteanna na Gearmáine an cinneadh sin a bheith neamhdhleathach, go cúlghabhálach.

67.      Éiríonn an cheist as sin an amhlaidh go raibh an Chúirt Ghinearálta i dteideal teacht ar an gconclúid go raibh an formhuirear atá faoi chaibidil sainordaitheach trí bhrath ar chinneadh BNetzA, in ainneoin an fhíorais gur cuireadh ar neamhní é ina dhiaidh sin agus gur dhearbhaigh Oberlandesgericht Düsseldorf (an Ardchúirt Réigiúnach, Düsseldorf) agus an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme) ar achomharc, go raibh sé ar neamhní go hiomlán.

68.      Thabharfainn chun cuimhne gur léir ó na breithiúnais in an Coimisiún v Aer Lingus agus Ryanair Designated Activity (24) agus in Heiser, (25) nach féidir neamhdhleathacht fhéideartha scéime náisiúnta a cineál Státchabhrach a chur ar ceal.

69.      De réir an bhreithiúnais in Heiser,”fiú má tá an reachtaíocht lena bhforáiltear do choigeartú asbhaintí…neamhdhleathach, is fíor fós in ainneoin an fhíorais sin, go bhféadfadh tionchar a bheith ag an reachtaíocht sin fad nach naisghairtear í, nó, ar a laghad, nach bhfuil a neamhdhleathacht léirithe” (béim curtha leis).

70.      Sa tslí chéanna, de réir an bhreithiúnais in an Coimisiún v Aer Lingus agus Ryanair Designated Activity ‘ní hionann a rá go bhfuil beart cánach contrártha le forálacha dhlí an Aontais seachas Airteagail 107 agus 108 CFAE agus nach féidir an díolúine ón mbeart sin atá ag cáiníocóirí áirithe a rangú mar Státchabhair, chomh fada agus a bheidh éifeachtaí ag an mbeart atá faoi chaibidil vis-à-vis cáiníocóirí eile agus nach raibh sé aisghairthe nó dearbhaithe a bheith neamhdhleathach agus, mar sin, nach bhfuil sé infheidhme’ (béim curtha leis).

71.      De réir mar a shonraigh an Coimisiún ag an éisteacht, phléigh reachtas na Gearmáine leis an gcás ar shlí a dheimhnigh go mbeadh bailiú an fhormhuirir atá faoi chaibidil,  ceartaithe go cúlghabhálach tar éis an neamhnithe a d’ordaigh an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme) agus go leanfaí le héifeachtaí dlí a bheith aige, agus dá réir sin chaomhnaigh sé an oibleagáid i leith an fhormhuirir atá faoi chaibidil.

72.      I mo thuairimse, i ndlí an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair, ní mór beart a mheas ó thaobh a éifeachtaí.

73.      I mo thuairimse, is léir ón gcásdlí thuasluaite go raibh an Chúirt Ghinearálta i dteideal a chinneadh (i míreanna 107 agus 125 den bhreithiúnas atá faoi achomharc) chun críocha athbhreithniú a dhéanamh ar Státchabhair, gur toisc chinntitheach é an fíoras gur cuireadh cinneadh BNetzA 2011 i bhfeidhm i ndáiríre agus gur chothaigh sé éifeachtaí dlí le linn na tréimhse ábhartha.

74.      Bhí an cinneadh sin ina cheangal dlí le linn na tréimhse ábhartha agus chuir sé de cheangal ar líonra oibreoirí an formhuirear atá faoi chaibidil a bhailiú ó úsáideoirí líonraí.

75.      Le foclaíocht mhír 3 de chinneadh BNetzA 2011, cuireadh oibleagáid ar oibreoirí córais dáileacháin, chun an formhuirear atá i gceist a bhailiú agus bhí orthusan dá réir an formhuirear sin a bhailiú óna gcuid custaiméirí. Sa mhéid go raibh an cinneadh sin ina chuid den scéim a bhí i bhfeidhm le linn na tréimhse ábhartha agus go raibh éifeachtaí ceangailteacha aige – a fortiori os rud é nár aistarraingíodh na héifeachtaí sin i ndiaidh do na cúirteanna náisiúnta an neamhniú a shainordú (trí fhorálacha a d’aisghair an scéim sin de réir a chéile) – rialaigh an Chúirt Ghinearálta, agus an ceart aici, go bhfuil éifeachtaí atá ina gceangal dlí mar thoradh ar an scéim a bhí bunaithe ar an bhformhuirear atá i gceist (an breithiúnas atá faoi achomharc, mír 125).

76.      Tá mo mheasúnú sa Tuairim seo tacaithe le breithiúnas na Cúirte in Deutsche Post v an Coimisiún, (26) inar deimhníodh go bhféadfadh éifeachtaí dlí a bheith fós ag cinneadh a cuireadh ar neamhní. Ós rud é gur tógadh an chaingean le haghaidh neamhniú sa chás sin roimh do bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta a bheith tugtha ag neamhniú an chinnidh a bhí i gceist (agus dá bhrí sin á eisiamh go cúlghabhálach ón dlíchóras), bhí gá measúnú a dhéanamh ar inghlacthacht na caingne sin trí thagairt don tráth a tógadh é ós rud é go raibh cinneadh diúltach 2002 fós i bhfeidhm agus fós mar chuid de dhlíchóras an Aontais Eorpaigh.

77.      Ar deireadh ba cheart a chur in iúl, ina leith sin, go raibh cruthú éifeachtaí dlí, thairis sin ina chuspóir sonraithe ag reachtas na Gearmáine. (27)

78.      I mo thuairimse, ba cheart, dá bhrí sin, na hargóintí ina bhfuiltear ag brath ar an bhfíoras gur fhógair na cúirteanna náisiúnta go raibh cinneadh BNetzA 2011 neamhdhleathach, a dhiúltú as bheith gan bhunús.

(2)    Airteagal 30 agus 110 CFAE, (an coincheap ‘cáin’) agus cásdlí Essent Netwerk Noord (cineál sainordaitheach an mhuirir)

(i)    Airteagail 30 agus 110 CFAE, (an coincheap ‘cáin’)

79.      Áitíonn Covestro agus an Ghearmáin gur bhain an Chúirt Ghinearálta léiriú mícheart as an gcoincheap ‘cáin’, de réir bhrí Airteagail 30 agus 110 CFAE, i mír 121 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chun teacht ar an gconclúid go bhfuil an formhuirear atá faoi chaibidil ag freagairt don choincheap sin. Is fíor, chun údar a thabhairt leis an bhfíoras gur féidir le hoibleagáid chun formhuirear a thobhach a bhaineann le húsáid an líonra a bheith ina cáin chomh maith, go dtagraíonn an Chúirt Ghinearálta don choincheap ‘cáin’ chun críocha Airteagail 30 agus 110 CFAE.

80.      Mar a míníodh i mír 61 den Tuairim seo, caithfear an coincheap ‘cáin’ a ndéantar tagairt dó i míreanna 30 agus 110 CFAE a bheith forléirithe ar bhonn leathan.

81.      Sa bhreithiúnas in Essent Netwerk Noord (mír 40), chinn an Chúirt ‘go gcomhlánaíonn Airteagail [30 agus 110 CFAE] a chéile agus an cuspóir á shaothrú acu cosc a chur ar aon bheart fioscach náisiúnta a d’fhéadfadh idirdhealú a dhéanamh i gcoinne táirgí a thagann ó Bhallstáit eile nó a bhfuil Ballstát eile mar cheann scríbe acu, trí shrian a chur ar a saorghluaiseacht laistigh den [Aontas Eorpach] faoi na gnáthchoinníollacha iomaíochta’ (béim curtha leis).

82.      Mar atá tugtha faoi deara i mír 64 den Tuairim seo, is léir ón gcoincheap maidir le ‘cáin’, de réir bhrí Airteagail 30 agus 110 CFAE, nach mbaineann le hábhar cé an duine atá faoi dhliteanas an cháin a íoc i ngach cás. Is é an toisc chinntitheach ná an mbaineann cáin den sórt sin leis an táirge atá i gceist nó le gníomhaíocht riachtanach i ndáil leis an táirge sin.

83.      Sna cásanna seo, bailítear an formhuirear atá i gceist i leith úsáid an líonra. I measúnú ceart na Cúirte Ginearálta, is fíric chinntitheach é chun an formhuirear a rangú mar cháin, nach n‑áirítear an formhuirear mar chomaoin i gcomhair úsáid an líonra, ach mar mhuirear sainordaitheach.

84.      Tá Covestro ag iarraidh brath ar an argóint, i gcásanna roimhe seo sa Chúirt, nárbh é úsáid an líonra an táirge ábhartha ach an leictreachas a soláthraíodh. Dá réir sin, ba é an t‑aon cheist amháin a bhí tábhachtach ná ar gearradh taraif bhreise, a bhí le rangú mar cháin, sa chaidreamh soláthair leictreachais.

85.      Tá argóint Covestro gan éifeacht áfach, sa mhéid agus sna cásanna seo, caithfear úsáid an líonra a áireamh mar tháirge idirmheánach nó, ar bhonn níos sainiúla, mar sheirbhís inmheánach chun críocha Airteagail 30 agus 110 CFAE, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte a phléitear thuas. Ní dhearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, dar liom, trí bhrath ar Airteagail 30 agus 110 CFAE agus sainmhíniú a thabhairt ar cháin mar mhuirear ar tháirge nó ar sheirbhís a soláthraíodh.

(ii) An breithiúnas in Essent Netwerk Noord agus cásdlí na Cúirte ina dhiaidh (cineál sainordaitheach an mhuirir)

86.      Lena chois sin, is féidir le réiteach na ceiste maidir le cineál sainordaitheach an mhuirir mar choinníoll chun cinneadh a dhéanamh maidir le bheith ann d’acmhainní Stáit, eascairt ó chásdlí na Cúirte atá ann i láthair na huaire, sa mhéid agus atá na cásanna atá ann faoi láthair cosúil leis an staid fhíorasach a bhí i gceist sa bhreithiúnas in Essent Netwerk Noord.

87.      Bhain an breithiúnas in Essent Netwerk Noord le cáin san Ísiltír. Bhailigh oibreoir líonra (faoi rialú iomlán ag údaráis phoiblí) cáin (formhuirear praghais) ar cheannaitheoirí inmheánacha leictreachais as úsáid a líonra leictreachais. Mar an gcéanna leis na cásanna seo, sa bhreithiúnas in Essent Netwerk Noord, rinneadh foráil don cháin sin sa dlí náisiúnta agus bhailigh an t‑oibreoir líonra airgead ó thomhaltóirí agus bailíodh é ar shlí a mhaoinigh an Státchabhair.

88.      Rinne an Chúirt Ghinearálta tagairt, mar ba cheart, don bhreithiúnas sa chás sin agus dhírigh aird i mír 91 den bhreithiúnas atá faoi achomharc air ‘gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid gur “muirear” é, a raibh acmhainn Stáit mar fhoinse aige, formhuirear ar leictreachas tarchurtha, a socraíodh i gcomhréir le critéir oibiachtúla, arna fhorchur ar thomhaltóirí leictreachais trí reachtaíocht agus arna bhailiú ag oibreoirí córais’.

89.      Sa bhreithiúnas in Essent Netwerk Noord, tugann an Chúirt Bhreithiúnais roinnt barúlacha tábhachtacha chun críocha na n‑achomharc seo.

90.      Ar an gcéad dul síos, tugann an Chúirt dá haire gur beag difear a dhéanann sé cibé acu an mbíonn éifeacht ag an gcáin ar an táirge ann féin, leictreachas mar shampla, nó an mbíonn éifeacht ag an gcáin ar ghníomhaíocht riachtanach maidir leis an táirge, mar shampla iompar leictreachais (an breithiúnas in Essent Netwerk Noord, mír 44). Sna cásanna seo, tá éifeacht ag an gcáin ar iompar an leictreachais.

91.      Ar an dara dul síos, cuireann an Chúirt in iúl go bhfuil sé cinntitheach gur muirear é an formhuirear a ghearrtar go haontaobhach chun cáin a bheith ann (an breithiúnas in Essent Netwerk Noord, mír 45).  Sna cásanna seo, chuir cinneadh BnetzA2011 oibleagáid, ar bhealach atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, ar oibreoirí córais dáileacháin an formhuirear atá i gceist a bhailiú ó chustaiméirí deiridh, mar úsáideoirí líonra (mír 132 den bhreithiúnas atá faoi achomharc).

92.      Ar an tríú dul síos, rialaíonn an Chúirt ‘gur beag tábhacht a bhaineann leis nach dtoibhíonn an Stát an muirear airgeadais’ (an breithiúnas in Essent Netwerk Noord, mír 46). Sna cásanna seo, bhí oibreoirí córais dáileacháin freagrach as an bhformhuirear atá i gceist a bhailiú.

93.      Ar deireadh, sna cásanna seo, cosúil leis an gcás inar tugadh an breithiúnas in Essent Netwerk Noord as, bhí sé i gceist go gclúdódh an formhuirear atá faoi chaibidil costais úsáid an líonra a mbeadh ar chustaiméirí bonnlóid na Gearmáine a sheasamh de ghnáth.

94.      Dá bhrí sin, tá an díolúine ó chostais líonra do chustaiméirí bonnlóid i ndiaidh feabhas a chur ar a staid iomaíoch. De bharr stádas cánach an fhormhuirir atá i gceist sna cásanna seo, bheadh sé cuí na hacmhainní sin a aithint mar acmhainní Stáit de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE. Lena chois sin, bheadh sé sin i gcomhréir leis an gcásdlí, ar dá réir go gciallaíonn maoiniú buntáiste trí fháltais chánach go dtagann an buntáiste ó acmhainn Stáit. (28)

95.      I mo thuairimse, ní hamháin go bhfuil an cás in Essent Netwerk Noord, thar a bheith ábhartha ach tá an cás in FVE Holýšov I, an‑ábhartha leis. Tá cúlra fíorasach comhchosúil ag an dá chás sin agus atá ag na cásanna seo agus léiríonn siad go bhfuil an Chúirt i ndiaidh dul i ngleic cheana féin leis na ceisteanna a tarraingíodh anuas sna hachomhairc seo.

96.      Sa bhreithiúnas in FVE Holýšov I (mír 46), mhínigh an Chúirt gur cuma an bhfuil nó nach bhfuil an sásra maoinithe rangaithe mar cháin nó mar mhuirear paraifhioscach faoin dlí náisiúnta. Ní bhaineann le dlí Státchabhrach an Aontais Eorpaigh ach a bheith ar an eolas go bhfuil a leithéid d’fhormhuirear toibhithe agus go bhfuil an tobhach sin sainordaithe go haontaobhach agus trí ghníomh an Stáit.

97.      Sa dá bhreithiúnas sin, tugann an Chúirt dá haire gur dualgas é seo chun airgead a bhailiú go haontaobhach agus gur acmhainní Stáit iad sin dá réir. Díríonn an cheist seo sinn ar an mbreithiúnas a tugadh le déanaí in DOBELES HES (mír 34), a thugann soiléiriú sa bhreis ar an mbreithiúnas in Essent Netwerk Noord. Tá sé seo tábhachtach dar liom, chun críocha thoradh na n‑achomharc seo.

98.      I mír 34, sonraíonn an Chúirt, ‘ar an dara dul síos, maidir leis an gcoinníoll go ndeonófaí an buntáiste “trí bhíthin acmhainní Stáit”, a ardaíonn an chúirt a rinne an tarchur go sainiúil, tá deimhnithe ag an gCúirt go bhfuil suimeanna a tháinig mar thoradh ar an bhformhuirear praghais arna fhorchur ag an Stát ar cheannaitheoirí leictreachais cosúil le formhuirear a thoibhítear ar leictreachas agus go bhfuil “acmhainní Stáit” mar fhoinse acu de réir bhrí Airteagal 107 (1) CFAE’. (29)

99.      Dírím aird air go leanann DOBELES HES ar aghaidh i míreanna 36 agus 37, chun soiléiriú ar chásdlí eile a thabhairt de bhreis ar a bhfuil sa bhreithiúnas in Essent Netwerk Noord (go háirithe, an breithiúnas in EEG 2012, míreanna 70 agus 71).

100. Díríonn an Chúirt aird ar na difríochtaí idir na breithiúnais in EEG 2012 agus DOBELES HES. Míníonn sí nach raibh aon ranníocaíocht éigeantach sa chéad cheann den dá chás, ós rud é nach raibh ceangal dlí ag baint le muirear EEG a bhailiú agus gur ar bhonn deonach amháin a bhí sé. Soiléiríonn an Chúirt dá réir gurb é cineál sainordaitheach an mhuirir a chinneann an ranníocaíocht éigeantach é an muirear atá i gceist. Ní leor ann féin go n‑aistrítear airgead nó gur féidir é a aistriú. Sna cásanna seo, áfach, bhí dualgas ann go sainiúil, cáin (nó muirear) a bhailiú, ach níor bhain an breithiúnas in EEG 2012 le cáin.

101. I gcontrárthacht leis an gcás in EEG 2012, ní cinneadh tráchtála na n‑oibreoirí líonra é bailiú an fhormhuirir atá i gceist sna cásanna seo ach, ina ionad sin, tá sé á dhéanamh ar bhonn forálacha dlíthiúla (go háirithe, cinneadh BNetzA).

102. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach idirdhealú a dhéanamh idir an sásra maoinithe atá i gceist sna cásanna seo agus an sásra atá i gceist sa bhreithiúnas in EEG 2012. Sna cásanna seo, is leor an formhuirear a bheith ann per se chun go rangófaí é mar acmhainní Stáit.

103. Chomh fada agus a bhaineann sé leis an dara critéar den dá cheann ón mbreithiúnas in EEG 2012 is é sin, Státrialú (cumhacht diúscartha) ar na cistí iad féin nó ar an eintiteas a riarann na cistí sin mar atá feicthe againn thuas, tá an dá chritéar malartach seachas carnach.

104. Dá mbeadh formhuirear sainordaitheach i gceist in EEG 2012, ní bheadh sé riachtanach don Chúirt dul i mbun an phlé i mír 72 den bhreithiúnas sin.

105. Go deimhin féin, is mar thoradh go sainiúil ar na coinníollacha i mír 71 gan bheith comhlíonta go raibh sé riachtanach don Chúirt dul ar aghaidh lena réasúnaíocht i mír 72.

106. I mír 71 den bhreithiúnas sin, rialaigh an Chúirt ‘nár leor an fíoras, arna thabhairt faoi deara ag an gCúirt Ghinearálta… gur cuireadh “i gcleachtas”, an t‑ualach maoinithe mar thoradh ar fhormhuirear EEG ar aghaidh chuig na tomhaltóirí deiridh agus, mar gheall air sin, go bhféadfadh sé a bheith “comhshamhlaithe mar thobhach ar thomhaltas leictreachais, ar bhonn a chuid éifeachtaí” chun teacht ar an gconclúid go raibh na saintréithe céanna ag formhuirear EEG agus a bhí ag an bhfóirdheontas don phraghas leictreachais a scrúdaigh an Chúirt … sa bhreithiúnas [in Essent Netwerk Noord]’.

107. Dá réir sin tosaíonn an Chúirt mír 72 leis na focail ‘uime sin’: ‘Uime sin, tá sé riachtanach a chinneadh ar fhág an dá thoisc eile… a thugtar chun cuimhne … i mír 62 den bhreithiúnas seo, go bhféadfadh [an Chúirt Ghinearálta] ina ainneoin sin, teacht ar an gconclúid gurbh acmhainní Stáit iad na cistí ginte ag formhuirear EEG, ós rud é gur fhan siad i gcónaí faoi rialú poiblí agus go raibh siad ar fáil do na húdaráis phoiblí dá réir … baineann sé le hábhar cibé an bhféadfaí nó nach bhféadfaí formhuirear EEG a aicmiú mar “thobhach”’.

108. Is é sin le rá, go raibh an cás in EEG 2012 go hiomlán éagsúil leis na cásanna seo.

109. In EEG 2012, cheadaigh reachtóir na Gearmáine do ghnóthais leictreachais muirir áirithe a bhailiú, ach ní raibh i gceist leis sin ach féidearthacht seachas oibleagáid. Thug an Stát rogha do na hoibreoirí: dá mbainfidís leas as an bhféidearthacht sin, bhí orthu an t‑airgead a bailíodh a chur i dtreo úsáid faoi leith a chinnfeadh an Stát (is é sin le rá, go raibh sé beartaithe go gcúiteofaí costais bhreise a bhain le fuinnimh inathnuaite). Dá réir, sa chás sin,  tháinig an Chúirt ar an gconclúid, de bhrí nach raibh aon dualgas ann na muirir sin a bhailiú, nach raibh Státrialú i gceist ar na cistí sin.

110. Is léir ó na breithnithe agus ón gcásdlí thuas gur bhailiú cánach a bhí sainordaitheach de réir dlí é an formhuirear atá faoi chaibidil, faoi mar a chinn an Bundesgerichtshof (an Chúirt Bhreithiúnais Chónaidhme) freisin, atá leordhóthanach faoi mar a deimhníodh le fíordhéanaí sa bhreithiúnas in DOBELES HES le cinneadh go bhfuil acmhainní Stáit i gceist. 

111. Táimse den tuairim dá réir sin nach bhfuil an breithiúnas atá faoi achomharc curtha ó bhail ag earráid dlí ina leith seo.

112. I mo thuairimse, ba chóir na hargóintí atá bunaithe ar Airteagail 30 agus 110 CFAE (an coincheap ‘cáin’) agus sa bhreithiúnas in Essent Netwerk Noord agus an cásdlí ina dhiaidh (cineál sainordaitheach an mhuirir) a dhiúltú as bheith gan bhunús.

(3)    Saobhadh an dlí náisiúnta agus gan aon oibleagáid a bheith ann formhuirear a bhailiú ná a íoc

113. Go bunúsach, áitíonn Covestro agus an Ghearmáin, gur shaobh an Chúirt Ghinearálta an dlí náisiúnta sa mhéid agus nach raibh aon oibleagáid i bhfeidhm an formhuirear atá i gceist a bhailiú.

114. I mo thuairimse, níl rangú an fhormhuirir mar cháin ina shaobhadh ar dhlí náisiúnta.

115. I míreanna 120 agus 122 go 124 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta, ar bhonn an dlí náisiúnta (go háirithe, cinneadh BNetzA 2011) go raibh an muirear atá faoi chaibidil toibhithe ar thomhaltóirí deiridh. Dá réir sin, tá an argóint gur ‘muirear’ atá i gceist, faoi mar atá sainmhínithe sa bhreithiúnas in Essent Netwerk Noord, sa chás gur tomhaltóir deiridh é an té atá faoi dhliteanas an muirear a íoc, agus sa chás sin amháin, gan éifeacht. Go deimhin féin, ní féidir leis an nGearmáin a bheith ag agóid in aghaidh an chinnidh sin de chuid na Cúirte Ginearálta maidir leis an dlí náisiúnta, ar cinneadh fíorais é, ar achomharc os comhair na Cúirte Breithiúnais ná go bhfuil an Ballstát sin tar éis staonadh ó sin a dhéanamh ar bhonn díreach.

116. Mar atá mínithe i míreanna 59 go 64 den Tuairim seo, is léir ón gcásdlí nach mbaineann le hábhar cé atá freagrach as an gcáin a íoc. Ina ionad sin, is é an toisc chinntitheach ná an mbaineann an cháin leis an táirge atá i gceist nó le gníomhaíocht riachtanach i ndáil leis an táirge.

117. Ina theannta sin, aontaím leis an gCoimisiún gur mar a chéile iad an oibleagáid um bailiú agus an oibleagáid um íoc (30) agus mar thoradh air sin, go bhfuil aon cheist maidir leis an gcinneadh maidir le hoibleagáid um íoc a cuireadh i bhfeidhm ar úsáideoirí líonra a bheith ag eascairt as an reachtaíocht náisiúnta nó as cinneadh BNetzA 2011, neamhábhartha leis.

118. I ndáil leis sin, i gcontrárthacht leis na hargóintí a chuir Covestro chun cinn, níl an fíoras nach ndearna cinneadh BNetzA 2011 foráil i gcomhair pionós i gcás nár bailíodh an muirear atá faoi chaibidil cinntitheach. Chuir BNetzA gnáthchumhacht mhaoirseachta i bhfeidhm ar oibreoirí an chórais tarchurtha, agus d’fhéadfaidís aghaidh a thabhairt ar chinntí faoi dhliteanas leis na hoibreoirí úd, sa chás go dteipfeadh orthu cloí leis na dualgais. (31)

119. Is léir ón méid sin gur chóir, dar liom, na hargóintí atá bunaithe ar shaobhadh an dlí náisiúnta agus ar an easpa oibleagáide an formhuirear atá faoi chaibidil a bhailiú agus ar an easpa oibleagáide é a íoc, a dhiúltú as bheith gan bhunús.

(4)    Gan cúiteamh iomlán as caillteanas ioncaim

120. In aighneacht Covestro, i gcontrárthacht lena bhfuil sonraithe ag an gCúirt Ghinearálta i míreanna 126 go 130 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, níor dheonaigh na húdaráis náisiúnta aon chúiteamh do na hoibreoirí líonra as caillteanas ioncaim agus costas ginte ag an díolúine ó mhuirear. Bhain an Chúirt Ghinearálta de thátal as an méid sin, go mícheart, i mír 127 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gurb ann do cháin.

121.  I gcontrárthacht lena n‑áitíonn Covestro, chinn an Chúirt Ghinearálta i gceart gur fhág an formhuirear faoi dhíospóid gurbh fhéidir an caillteanas a d’fhulaing na hoibreoirí líonra de bharr na ndíolúintí ó mhuirir líonra a chúiteamh go hiomlán. Bhí sé seo mar thoradh ar an séú agus an seachtú habairt de Mhír 19(2) de StromNEV 2011 agus cinneadh BNetzA 2011. Is éard a bhí tábhachtach i gcomhair measúnú ar an bhformhuirear faoi dhlí an Aontais Eorpaigh ar Státchabhair ná an fíoras go raibh an díolúine ó mhuirir líonra ar thomhaltóirí bonnlóid agus an buntáiste a tháinig mar thoradh air maoinithe go hiomlán ag an bhformhuirear.

122. I mír 130 den bhreithiúnas atá faoi achomharc áfach, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta i gceart don argóint nach raibh aon sásra dlí chun cúiteamh iomlán a chinntiú as caillteanas a fulaingíodh (go háirithe ar an mbonn go raibh sé dodhéanta costais an fhormhuirir atá i gceist a chur ar aghaidh i gcás fiacha do-aisghabhála). Go deimhin féin, is leor rangú an fhormhuirir atá i gceist mar mhuirear paraifhioscach go n‑áireofaí ioncam ón muirear sin mar acmhainní Stáit, gan é a bheith riachtanach don Stát na caillteanais ginte ag neamhíoc an fhormhuirir sin, a fhritháireamh, go háirithe i gcás fiacha do-aisghabhála.

123. Dá réir sin, dar liomsa gur chóir na hargóintí atá bunaithe ar easpa lánaisíocaíocht caillteanais ioncaim agus costas a dhiúltú as bheith gan bhunús.

124. I mo thuairimse, leanann ó na breithnithe go léir roimhe seo gur chóir an dara sraith d’argóintí tarraingthe anuas ag Covestro agus ag an nGearmáin a dhiúltú mar argóintí atá gan éifeacht nó gan bhunús.

3.      An tríú sraith d’argóintí tarraingthe anuas ag Covestro agus ag an nGearmáin (a bheith ann do Státrialú ar na hacmhainní ginte ag an bhformhuirear atá i gceist).

(a)     Príomhargóintí na bpáirtithe

125. Go bunúsach, áitíonn an Ghearmáin bhfuil míreanna 95 go 97 agus 109 den bhreithiúnas atá faoi achomharc ag teacht salach ar mhíreanna 133 go 134 den bhreithiúnas sin. Maidir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, is é an toisc chinntitheach ná an rialú agus an chumhacht diúscartha ar na cistí atá i gceist. Áitíonn sí freisin go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína chinneadh nach raibh an caidreamh idir an soláthróir agus an tomhaltóir deiridh leictreachais cinntitheach chun teacht ar an gconclúid in casu go raibh muirear sainordaitheach i gceist, ar an mbonn nach dtoibhítear an formhuirear atá i gceist ar thomhaltas leictreachais ach ar úsáid an líonra.

126. Go bunúsach, áitíonn Covestro, go bhfuil an breithiúnas atá faoi achomharc curtha ó bhail ag earráid dlí sa mhéid agus gur mheas an Chúirt Ghinearálta, bunaithe ar chur síos mícheart ar an dlí náisiúnta, go bhfuil Státrialú ar na cistí atá ginte ag an bhformhuirear atá i gceist. Braitheann sé chomh maith ar na hargóintí seo a leanas: (i) cuireann an cinneadh go raibh an t‑ioncam ginte ag an bhformhuirear atá i gceist leithdháilte chuig an scéim atá faoi chaibidil in aghaidh cineál Stáit na n‑acmhainní. (ii) fiú dá mbeadh bonn reachtach le bailiú an fhormhuirir atá i gceist, níor leor é sin chun a chinneadh gur acmhainní Stáit atá i gceist; (iii) ní dheimhníonn a leithéid de thosca agus iad siúd a bhaineann le sainordú na n‑oibreoirí líonra, nó monatóireacht ar chur i bhfeidhm cuí na scéime ag na húdaráis phoiblí, Státrialú ar na cistí a bheith ann; agus (iv) ní chomhlíonann an sásra maoinithe atá i gceist an critéar aitheanta ag an gCúirt i gcomhair measúnú ar Státrialú, go háirithe iad siúd a eascraíonn ón mbreithiúnas in EEG 2012.

(b)    Measúnú

127. Ag cur cineál malartach an dá chritéar a ndearnadh tagairt dóibh i mo mheasúnú thuas san áireamh, is leor cheana féin a bheith ann do cháin chun go dtabharfaí aitheantas do chineál Stáit na n‑acmhainní. Sa mhéid agus atá an critéar ‘cáin’ comhlíonta sna cásanna seo agus go bhfuil measúnú na Cúirte Ginearálta i gceart ina leith sin, tá an tríú sraith d’argóintí sna hachomhairc seo gan éifeacht agus ní gá iad a scrúdú a thuilleadh.

128. Dá réir sin, ní ach ar mhaithe le hiomláine go ndéanfaidh mé na ráitis seo a leanas.

129. In ainneoin go bhfuil an critéar maidir le ‘cáin’ comhlíonta agus gur féidir le measúnú na Cúirte Ginearálta – agus anois, ar achomharc, measúnú na Cúirte Breithiúnais, stopadh ag an bpointe seo, – is amhlaidh go mba ghá seasamh le measúnú na Cúirte Ginearálta ar an gcritéar do ‘Státrialú’ freisin sa chás seo.

130. Cuireadh na costais bhreise a bhí mar thoradh ar an díolúine ó mhuirir líonra do thomhaltóirí áirithe ar aghaidh chuig tomhaltóirí deiridh de réir fhorálacha ceangailteacha dlí an Bhallstáit a bhí i gceist. (32) Ina theannta sin, áirithíodh le sásra an fhormhuirir a bhí i gceist go bhfuair na hoibreoirí líonra cúiteamh iomlán as an gcaillteanas ioncaim, ós rud é gur cuireadh an formhuirear sin in oiriúint do na hacmhainní a bhí ag teastáil de bharr na díolúine atá faoi chaibidil. (33)

131. Maidir le hargóint Covestro nach raibh méid an fhormhuirir sin forordaithe ag an Stát, is leor a thabhairt faoi deara nach raibh aon saoirse ag oibreoirí an chórais tarchurtha cinneadh a dhéanamh i dtaobh an mhuirir sin agus, mar a chinn an Chúirt Ghinearálta i gceart i mír 134 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, bhí Státrialú ar na cistí, is é sin le rá, ar an sásra iomlán chun an formhuirear atá faoi chaibidil a bhailiú agus a leithdháileadh.

132. Áitíonn Covestro agus an Ghearmáin, agus iad ag iarraidh brath ar an mbreithiúnas in EEG 2012, go bhfágann leithdháileadh eisiach na n‑achmhainní ginte ag an bhformhuirear atá faoi chaibidil go gcuirtear Státrialú as an áireamh. De réir mar a mhíníonn an Chúirt Ghinearálta i gceart, áfach, i míreanna 144 agus 145 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, níor fhreaschuir an Chúirt a cásdlí socair sa bhreithiúnas sin rud a deimhníodh freisin i gcásdlí níos déanaí (34) ach ní dhearna an Chúirt ach a shonrú, ceal tosca eile, nach raibh an toisc sin inti féin cinntitheach per se chun a léiriú gurb ann de rialú den sórt sin. Go deimhin féin, sna cásanna seo, d’aithin an Chúirt toisc eile den sórt sin: gurbh ann do cháin.

133. Bréagnaítear an argóint nach bhfuil aon Státrialú ar an sásra iomlán chun an formhuirear atá i gceist a bhailiú leis an bhfíoras go bhfuil fiach-urrú sainordaitheach idir an formhuirear atá i gceist ar lámh amháin (mar mhuirear paraifhioscach) agus an chabhair a deonaíodh i bhfoirm díolúine ó mhuirir líonra ar an lámh eile. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte, sa chás ina bhfuil a leithéid de cheangal idir an beart cabhrach agus a mhaoiniú, sa ghnáthchúrsa fágann sin gurb ann do cháin a fhónann ar an gcabhair a mhaoiniú i gcomhréir shoiléir, go ndeonaítear an chabhair trí bhíthin acmhainní Stáit (is é sin trí fháltais cánach). (35)

134. Ar deireadh, tá argóintí Covestro a líomhnaíonn go bhfuil na rialacha maidir leis an tobhach atá i gceist sa chás inar tugadh an breithiúnas in EEG 2012, níos déine ná na rialacha a rialaíonn an formhuirear atá i gceist sna cásanna seo, gan bhunús. I gcontrárthacht leis sin, táim den tuairim go ndealraíonn sé go bhfuil na rialacha a rialaíonn an formhuirear atá i gceist sna cásanna seo, níos déine ná an tobhach atá i gceist in EEG 2012, ós rud é go bhfuil an formhuirear sna cásanna seo bunaithe ar fhorálacha dlí ceangailteacha seachas ar chinneadh tráchtála/deonach na n‑oibreoirí líonra sa chás sin.

135. Dá réir sin, ba cheart diúltú don tríú sraith d’argóintí tarraingthe anuas ag Covestro agus ag an nGearmáin as bheith gan éifeacht agus cibé ar bith, as a bheith gan bhunús.

136. Dá bhrí sin, ba chóir an tríú saincheist dlí de chuid Covestro agus an t‑aon saincheist dlí tarraingthe anuas ag an nGearmáin, chomh fada agus a bhaineann siad seo leis an gcoinníoll a bhaineann le bheith ann d’idirghabháil trí bhíthin acmhainní Stáit, a dhiúltú as bheith gan bhunús.

III. Conclúid

137. I bhfianaise a bhfuil roimhe seo, mholfainn gur chóir don Chúirt Bhreithiúnais: (i) diúltú don chéad saincheist dlí de chrosachomhairc an Choimisiúin; agus (ii) diúltú don tríú saincheist dlí de chuid Covestro agus don saincheist dlí aonair tarraingthe anuas ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, chomh fada agus a bhaineann siad leis an gcoinníoll maidir le bheith ann d’idirghabháil trí bhíthin acmhainní Stáit.


1      Bunteanga: an Béarla.


2      Seo a leanas trí shraith de chásanna uamtha: (i) C‑792/21 P agus C‑793/21 P, (ii) C‑795/21 P agus C 796/21 P, agus (iii) C‑794/21 P agus C‑800/21 P. Go deimhin féin thionscain suas le 37 dtomhaltóir leictreachais, amhail iad atá i gceist san achomharc seo, caingne cosúil leo os comhair na Cúirte Ginearálta, agus neamhniú ar an mbreithiúnas atá faoi chaibidil, á iarraidh acu. D’ainmnigh an Chúirt Ghinearálta na cásanna ar éirigh ceithre bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta atá faoi achomharc astu, sna cásanna comhuaineacha mar ‘chásanna píolótacha’.


3      Cinneadh (AE) 2019/56 an 28 Bealtaine 2018 maidir le scéim státchabhrach SA.34045 (2013/c) (ex 2012/NN) (fógartha faoi dhoiciméad C (2018) 3166) (OJ 2019 L 14, lch. 1). Tagraíonn ‘StromNEV’ in ainm an chinnidh sin don Stromnetzentgeltverordnung  (Reacht Cónaidhme ar Mhuirir Líonra Leictreachais).


4      BGBl. 2011 I, lch. 1554.


5      BGBl. 2016 I, lch. 1786 (‘EnWG 2011’).


6      BGBl. 2005 I, lch. 2225 (‘StromNEV 2005’).


7      BGBl. 2002 I, lch. 1092.


8      BGBl. 2013 I, lch. 3250 (‘StromNEV 2013’).


9      Rialachán ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha maidir le hAirteagal 108 CFAE a chur i bhfeidhm (IO 2015 L 248, lch. 9).


10      Breithiúnas an 17 Bealtaine 2017 (C‑339/16 P, EU:C:2017:384).


11      Orduithe faoi seach, an 5 Meán Fómhair 2019 (C‑230/19 P, EU:C:2019:685) agus an 31 Eanáir 2019 (C‑426/18 P, EU:C:2019:89).


12      Féach, chun na críche sin, breithiúnas an 8 Samhain 2018, Evropaïki Dynamiki v an Coimisiún (C‑469/11 P, EU:C:2012:705, mír 50).


13      Breithiúnas an 26 Meán Fómhair 2013, PPG agus SNF v ECHA (C‑626/11 P, EU:C:2013:595, míreanna 35 agus 36).


14      Breithiúnas an 16 Meán Fómhair 2021 (C‑850/19 P, EU:C:2021:740, ‘an breithiúnas in FVE Holýšov I’).


15      Breithiúnas an 28 Márta 2019 (C‑405/16 P, EU:C:2019:268, ‘an breithiúnas in EEG 2012’).


16      Breithiúnas an 13 Márta 2001 (C‑379/98, EU:C:2001:160, ‘an breithiúnas in PreussenElektra’).


17      Féach, ina leith sin, breithiúnais in EEG, 2012, mír 72; dar dáta an 15 Bealtaine 2019, Achema agus páirtithe eile (C‑706/17, EU:C:2019:407, míreanna 64 go 66); an 17 Iúil 2008, Essent Netwerk Noord agus páirtithe eile (C‑206/06, EU:C:2008:413, ‘an breithiúnas in Essent Netwerk Noord’, mír 66); an 13 Meán Fómhair 2017, ENEA (C‑329/15, EU:C:2017:671, mír 30) (diúltaíonn an Chúirt don chéad chritéar, a bheith ann do cháin, ach leanann sí ar aghaidh ag fiosrú an dara critéar, bainistíocht Stáit ar úsáid na gcistí (mír 31) agus an tríú critéar, Státrialú ar eintitis a bhainistíonn na cistí (míreanna 34 agus 35); agus in FVE Holýšov I (mír 46).


18      Breithiúnas an 12 Eanáir 2023, DOBELES HES (C‑702/20 agus C‑17/21, EU:C:2023:1, ‘an breithiúnas in DOBELES HES’).


19      Tugann an Ghearmáin neamhaird ar scéim shainiúil na gConarthaí. Níl Airteagal 30 CFAE leagtha amach faoi Theideal II, dar teideal ‘Aontas Custam’; tá Airteagal 110 CFAE leagtha amach faoi Theideal VII, Caibidil 2, dar teideal, ‘Forálacha Cánach’. Cuimsíonn siad cosc iomlán ar idirdhealú. Sa mhéid sin tá siad leithleach ó Airteagal 34 CFAE, atá faoi Theideal II, Caibidil 3, dar teideal, forálann ‘Srianta cainníochtúla idir Ballstáit a thoirmeasc’, a rialaíonn saorghluaiseacht earraí agus a fhorálann ag an am céanna don fhéidearthacht údar a thabhairt le srianta ar shaorghluaiseacht earraí, murab ionann agus Airteagail 30 agus 110 CFAE.


20      Féach ordú an 22 Deireadh Fómhair 2014, Elcogás (C‑275/13, EU:C:2014:2314, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féach freisin breithiúnas an 9 Samhain 2017, an Coimisiún v TV2/Danmark (C‑656/15 P, EU:C:2017:836, mír 48).


21      Féach pointe 51 agus fonóta 19 den Tuairim seo.


22      Go háirithe, an breithiúnas in Essent Netwerk Noord (mír 49).


23      Ibid.


24      Breithiúnas an 21 Nollaig 2016 (C‑164/15 P agus C‑165/15 P, EU:C:2016:990, mír 69).


25      Breithiúnas an 3 Márta 2005 (C‑172/03, EU:C:2005:130, mír 38).


26      Breithiúnas an 24 Deireadh Fómhair 2013 (C‑77/12 P, EU:C:2013:695, míreanna 65 agus 66).


27      De réir Dhoiciméad an Bundestag (Parlaimint Chónaidhme na Gearmáine) 18/8915 an 22 Meitheamh 2016, lch. 39, ‘tiocfaidh forálacha Mhír 24 atá nua, an chéad abairt, pointe 3, agus an dara habairt, pointe 5, de EnWG i bhfeidhm go cúlghabhálach ón 1 Eanáir 2012 de bhua Mhír 9 atá nua, an chéad abairt. Tá na leasuithe i bhfeidhm chomh maith, go cúlghabhálach, ar fait accompli agus iad ag baint leis an am atá thart, is é sin bailiú an fhormhuirir atá [i gceist] maidir le tomhaltas deiridh leictreachais. … Tá an éifeacht chúlghabhálach a ndéantar foráil di i Mír 9 atá nua, riachtanach leis chun staid dlí atá éiginnte a shoiléiriú. … D’éireodh cúitimh íocaíochta choimpléascacha chómhalartacha as neamhniú, gan ionchas dlisteanach a bheith ann ó thaobh iarfhéichiúnaithe an fhormhuirir’.


28      An breithiúnas in Essent Netwerk Noord (mír 66).


29      Luann an Chúirt, ina leith sin, breithiúnas in Essent Netwerk Noord (míreanna 47 agus 66).


30      Nuair a chuireann údarás rialála ceangal Rialacháin ar eintiteas faoi ghéillsine cáin a bhailiú, cuireann sé ceangal ar an bhféichiúnaí cánach go comhuaineach é a íoc. Murach sin, ní bheadh an t‑eintiteas úd inniúil ar a dhualgas forchurtha ag an údarás a chomhlíonadh.


31      Míreanna 29 agus 54 den EnWG 2011. Féach an cinneadh atá i gceist, réamhaithris 123.


32      De réir mar a dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta i gceart i míreanna 122 go 125 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


33      De réir mar a dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta i gceart i míreanna 126 go 127 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.


34      Féach breithiúnais in Essent Netwerk Noord (mír 69); an 15 Bealtaine 2019, Achema agus páirtithe eile (C‑706/17, EU:C:2019:407, mír 66); agus in EEG 2012 (mír 76). Féach leis breithiúnas an 11 Nollaig 2014, an Ostair v an Coimisiún, T‑251/11 (EU:T:2014:1060, mír 70).


35      Féach chun na críocha sin, breithiúnais an 13 Eanáir 2005, Streekgewest (C-174/02, EU:C:2005:10, mír 26); an 27 Deireadh Fómhair 2005, Distribution Casino France agus páirtithe eile (C-266/04 go C 270/04, C-276/04 agus C-321/04 go C-325/04, EU:C:2005:657, mír 40); agus in Essent Netwerk Noord (mír 90).