Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 16 Samhain 2023 ag Galina Evgenyevna Pumpyanskaya i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 6 Meán Fómhair i gCás T-272/22 Pumpyanskaya v an Chomhairle

(Cás C-695/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Galina Evgenyevna Pumpyanskaya (ionadaithe: G. Lansky, P. Goeth, A. Egger agus E. Steiner, Rechtsanwälte)

Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t- achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Meán Fómhair 2023 i gCas C-272/22 a chur ar neamhní.

breithiúnas críochnaitheach a thabhairt agus Cinneadh (CBES) 2022/397 1 an 9 Márta 2022 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/396 2 an 9 Márta 2022 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, sa mhéid is go mbaineann siad leis an achomharcóir a chur ar neamhní, agus a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc, lena n-áirítear costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta,

nó, mar mhalairt ar éileamh 2, an cás a tharchur chuig an Chúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais i gcomhréir cinneadh an Chúirt Bhreithiúnais ar phointí dlí agus na costais a fhorchoimeád.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nach ndearna an Chomhairle earráid i measúnú, nuair a mheas sí go raibh “baint” ag an achomharcóir le “duine mór gnó [...] a bhfuil baint aige le earnálacha eacnamaíocha a thugann ioncam substaintiúil do Rialtas na Rúise” de réir bhrí Airteagal 2(1) agus, go bunúsach, Airteagal 1(1) de Chinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/329 1 an 25 Feabhra 2022 ón gComhairle agus Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE) 2022/330 2 an 25 Feabhra 2022 ón gComhairle.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nár sháraigh an Coimisiún cearta bunúsacha an achomharcóra. Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid go háirithe nuair a chinn sí nár sháraíodh leis an dlí, ar a forcuireadh na bearta sriantacha prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, go n-urramaíonn na bearta sin bunbhrí na gceart bunúsach an iarratasóra, agus go bhfuil siad comhréireach.

____________

1 IO 2022, L 80, lch. 31.

1 IO 2022, L 80, lch. 1.

1 Cinneadh (CBES) 2022/329 an 25 Feabhra 2022 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 50, lch. 1).

1 Rialachán (AE) 2022/330 an 25 Feabhra 2022 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 51, lch. 1).