Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 9 Feabhra 2024 – Bytedance v an Coimisiún
(Cás T-1077/23 R)
(Bearta eatramhacha – Seirbhísí digiteacha – Rialachán (AE) Uimh. 2022/1925 – Geatóir a ainmniú – Iarratas go bhfionrófar feidhm gnímh – Easpa práinne)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Bytedance Ltd (George Town, Oileáin Cayman) (ionadaithe: E. Batchelor, N. Baeten agus M. Frese, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: O. Gariazzo, M. Mataija, I. Rogalski agus C. Sjödin, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go bhfionrófar feidhm Chinneadh C(2023) 6102 final ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2023, lena n-ainmnítear ByteDance mar gheatóir de réir Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) Uimh. 2019/1937 agus (AE) Uimh. 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO 2022 L 265, lch. 1).
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don iarratas chun bearta eatramhacha.
Forchoimeádar na costais.
____________