Language of document :

Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2023– Timchenko v an Chomhairle

(Cás T-1107/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Iarratasóir: Elena Petrovna Timchenko (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, J. Goffin, L. Burguin, S. Bonifassi agus E. Fedorova, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin a chur ar neamhní a mhéid a leathnaítear cur i bhfeidhm na mbeart sriantach a glacadh i gcoinne an iarratasóra le Cinneadh (CBES) 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 an 8 Aibreán 2022;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí ar an méid sin, a chur ar neamhní, a mhéid a leathnaítear cur i bhfeidhm na mbeart sriantach a glacadh i gcoinne an iarratasóra le Cinneadh (CBES) 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 an 8 Aibreán 2022;

a ordú don Chomhairle EUR 1 000 000 a íoc ar bhonn sealadach i leith an damáiste neamhábhartha a bhain don iarratasóir;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

An chéad shaincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe maidir leis na forais ar a bhfuil an Chomhairle ag brath, agus go háirithe maidir leis an gcritéar ainmniúcháin a chuirtear i bhfeidhm ar an iarratasóir agus cineál na mbeart arna glacadh.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear nár cloíodh le hoibleagáid na Comhairle cúiseanna a lua.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear mainneachtain cloí leis an gceart chun éisteacht a fháil.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear gur mainníodh prionsabal na comhréireachta a urramú.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear gur mainníodh cearta bunúsacha an iarratasóra a urramú, ar cearta iad a eascraíonn as a stádas bunúsach mar shaoránach den Aontas. Áitíonn an t-iarratasóir nach bhfuil aon bhunús dlí ag an gcur isteach ar a ceart chun gluaiseachta faoi shaoirse laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh, mar a ráthaítear leis na Conarthaí, ar bhonn CBES, agus go bhfuil sé díréireach agus neamhriachtanach.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear nár cloíodh le cearta bunúsacha eile an iarratasóra a ráthaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha agus leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, go háirithe a ceart chun maoine agus a ceart go n-urramófaí a shaol príobháideach agus a shaol teaghlaigh.

____________