Language of document :

Caingean arna tabhairt an 21 Nollaig 2023 – WU v Eurojust

(Cás T-1176/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: WU (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an 14 Feabhra 2023 agus Cinneadh an 14 Meán Fómhair 2023 a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir cúiteamh EUR60 000 a íoc leis an iarratasóir;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean i gcoinne Chinneadh 2023-03 ó Eurojust an 14 Feabhra 2023, lena ndúntar an fiosrúchán riaracháin gan aon ghníomh eile ina dhiaidh agus lena ndiúltaítear dá iarraidh ar chúnamh, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear ar thaobh amháin, coinbhleacht leasa ar thaobh cheannionadaí Eurojust le linn na cosanta cointinní agus, ar an taobh eile, sárú ar phrionsabal na neamhchlaontachta oibiachtúla.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gurb ann do neamhrialtachtaí nóis imeachta iomadúla.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráidí follasacha measúnaithe ar choincheap an chiaptha trí chineál iomchuí, údaraithe agus dlisteanach gach iompar arna mbunú leis an bhfiosrúchán riaracháin.

____________