Language of document :

Caingean arna tabhairt an 26 Eanáir 2024 – LGAI Technological Center agus jtsec Beyond IT Security v EUSPA

(Cás T-41/24)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóirí: LGAI Technological Center, SA (Cerdanyola del Vallés, an Spáinn), jtsec Beyond IT Security, SL (Granada, an Spáinn) (ionadaithe: X. Codina García-Andrade, J. Martínez Gimeno agus M. Vélez Fraga, Dlíodóirí)

Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

An Cinneadh ó stiúrthóir feidhmiúcháin Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) an 16 Eanáir 2024 atá i gcomhad na tairisceana EUSPA/OP/01/23;

A ordú do EUSPA na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí cúig shaincheist dlí.

An chéad shaincheist dlí, lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

Mar thaca leis an tsaincheist sin, áitítear nár thug EUSPA an deis do na hiarratasóirí aighneachtaí a chur isteach sular ghlac sé an cinneadh gan a dtairiscint a roghnú. Ós rud é go raibh an cinneadh aonarach agus neamhfhabhrach, bhí sé de cheart ag EUSPA a ábhar imní a bheith sainaitheanta aige agus bhí sé de cheart an deis a bheith tugtha aige do na hiarratasóirí a gcás a agairt mar ba mhian leo.

An dara saincheist dlí, lena líomhnaítear sárú ar an dualgas cúiseanna a lua, dá bhforáiltear in Airteagal 170 den Rialachán Airgeadais1 , Airteagal 296 CFAE agus Airteagal 41 den Chairt.

Mar thaca leis an tsaincheist sin, líomhnaítear nach leor na cúiseanna arna dtabhairt leis an gCinneadh agus go bhfuil siad doiléir sa mhéid is nach luaitear cad iad na gnéithe sonracha a chuireann ar EUSPA a mheas nár comhlíonadh an coinníoll incháilitheachta, rud a d’fhág gur eisiadh an tairiscint. Thairis sin, tugtar dhá ráiteas ar chúiseanna atá ar neamhréir lena chéile.

An dara saincheist dlí, lena líomhnaítear sárú ar an oibleagáid tairiscintí a mheas i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sna sonraíochtaí, mar a leagtar síos iad le hAirteagail 160, 167 agus 17 den Rialachán Airgeadais agus le pointe 29.3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis, arna léamh in éineacht le prionsabal an dea-riaracháin de chuid Airteagal 41 den Chairt.

Mar thaca leis an tsaincheist sin, áitítear gur ghlac EUSPA an cinneadh gan an tairiscint a roghnú de bhun critéar nach bhforáiltear dó sna sonraíochtaí tairisceana. Dá bhrí sin, cinntear leis an gCinneadh gan an tairiscint a roghnú toisc gur ‘dealraitheach’ nach gcomhlíontar an critéar incháilitheachta. Ní cheadaítear, leis na sonraíochtaí sin, cinneadh a ghlacadh gan tairiscint a roghnú ach amháin nuair nach gcomhlíontar an critéar incháilitheachta, ach ní más ‘dealraitheach’ nach gcomhlíontar é.

An ceathrú saincheist dlí, lena líomhnaítear go ndearnadh earráid fhollasach mheasúnaithe i gcur i bhfeidhm an chritéir incháilitheachta a bhaineann le rialú ar thairgeoirí ag eintiteas tríú tír (Airteagail 160, 167, 170 den Rialachán Airgeadais agus pointe 29.3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis).

Mar thaca leis an tsaincheist, áitítear go ndealraíonn sé go léirítear leis an gCinneadh atá faoi chonspóid gurbh é ba chúis le gan tairiscint na n-iarratasóirí a roghnú ná nach raibh sé léirithe acu gur chomhlíon siad an coinníoll sin. Mar sin féin, i bhfianaise na ndoiciméad uile a cuireadh isteach, áfach, ní féidir a éileamh go bhfuil na hiarratasóirí faoi thionchar eintitis tríú tír.

An cúigiú saincheist dlí, lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta i ndáil leis an bprionsabal maidir le huasmhéadú na hiomaíochta a leagtar síos sa chéad mhír agus sa dara mír d’Airteagal 160 den Rialachán Airgeadais agus maidir leis na prionsabail soláthair a eascraíonn ón dlí príomha agus ó fheidhmiú na saoirsí gluaiseachta arna ráthú leis an gConradh (Airteagail 18, 49, 56 agus 63 CFAE).

Mar thaca leis an tsaincheist sin, áitítear gur cheart don Ghníomhaireacht roghanna malartacha nach bhfuil chomh trom céanna a chur san áireamh mar thoradh ar na rialacha earnála is infheidhme maidir leis an gconradh, amhail soiléirithe sonracha a iarraidh ar na hIarratasóirí nó anailís a dhéanamh an bhfuil feidhm ag an sásra atá ann cheana in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2021/6961 feidhm ag an sásra atá ann cheana in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2021/69.

____________

1 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh.283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 - PE/13/2018/REV/1 (IO 2018, L 193, lch. 1)

1 Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO AE 2021 L 170, lch. 69).