Language of document :

Caingean arna tabhairt an 31 Márta 2023 — an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Portaingéile

(Cás C-210/23)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: P. Caro de Sousa agus M. Noll-Ehlers, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Portaingéile

An t-ordú atá á lorg

Go ndearbhófar gur mhainnigh Poblacht na Portaingéile na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Threoir 2011/92/AE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011] maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe ar an gcomhshaol, 1 arna leasú le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014, 2 trí mhainneachtain Airteagail 2(4), 4(5)(b), 6(2)(d), 8(a)(4) agus 4(3) i gcomhar le hIarscríbhinn III.2(b) agus (c)(vi) de Threoir 2011/92/AE a thrasuí i gceart a chomhlíonadh.

Go n-ordófar do Phoblacht na Portaingéile na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Measann an Coimisiún nár thrasuigh Poblacht na Portaingéile, i ndlíchóras na Portaingéile, roinnt Airteagal de Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 (leagan nuashonraithe agus comhdhlúite, “an Treoir”) i gceart. An 11 Deireadh Fómhair 2019, sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig Poblacht na Portaingéile. Ina dhiaidh sin, an 12 Samhain 2021, sheol sé tuairim réasúnaithe chuig Poblacht na Portaingéile. Mar thoradh air sin, tionscnaíonn an Coimisiún an chaingean seo ar bhonn na saincheisteanna seo a leanas:

– Sháraigh Poblacht na Portaingéile Airteagal 2(4) den Treoir, trí mhainneachtain an díolúine a eascraíonn as an bhforáil sin a theorannú, maidir le nósanna imeachta um measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol (“MTC”), go cásanna ina bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith le cur i bhfeidhm na bhforálacha [den Treoir] do chuspóir an tionscadail.

– Sháraigh Poblacht na Portaingéile Airteagal 4(5) den Treoir, trí fhoráil a dhéanamh nach mbeadh tionscadail áirithe faoi réir MTC i gcás nach n-eisíonn an t-údarás atá freagrach as an measúnú sin tuairim maidir le tionscadail den sórt sin a chur faoi réir MTC laistigh den tréimse ama arna leagan síos le dlí.

– Sháraigh Poblacht na Portaingéile Airteagal 6(2) den Treoir, trí mhainneachtain a fhoráil go mbeadh an pobal curtha ar an eolas, le bearta oiriúnacha, chomh luath is atá réasúnta, maidir le cineál na gcinntí féideartha nó, más iomchuí, cineál dhréachtchinneadh MTC.

– Sháraigh Poblacht na Portaingéile Airteagal 8(a)(4) den Treoir, trí mhainneachtain a leagan síos go mbeidh na cineáil paraiméadar nach mór faireachán a dhéanamh orthu agus fad an fhaireacháin sin, arna sainaithint i gcinneadh lena n-údaraítear tionscadal, comhréireach maidir le cineál, suíomh agus méid an tionscadail agus le suntas a thionchair ar an gcomhshaol.

– Sháraigh Poblacht na Portaingéile Airteagal 4(3) den Treoir, i gcomhar le hIarscríbhinn III.2(b) di, trí mhainneachtain “infhaighteacht” na n-acmhainní nádúrtha a áireamh mar chritéar ábhartha chun a chinneadh an gcaitear tionscadal a chur faoi réir MTC.

– Sháraigh Poblacht na Portaingéile Airteagal 4(3) den Treoir, i gcomhar le [hIarscríbhinn III] pointe 2(c)(vi) di, trí mhainneachtain tagairt a dhéanamh do “reachtaíocht an Aontais” nó do réimse “ina meastar go raibh [sárú ar na caighdeáin cháilíochta comhshaoil]” agus í ag liostáil na heilimintí ábhartha chun na réimsí inar cheart measúnú a dhéanamh ar acmhainn ionsúcháinan chomhshaoil nádúrtha mar chritéar ábhartha chun a chinneadh an gcaitear tionscadal a chur faoi réir MTC.

____________

1 IO 2012 L 26, lch. 1.

1 IO 2014 L 124, lch. 1.