Ordú na Cúirte Ginearálta an 1 Márta 2024 – Dakem v an Coimisiún
(Cás T-341/23) 1
(Caingean le haghaidh neamhniú – Sláinte phoiblí – Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/686 –Neamhúdarú táirge bhithicídigh (‘feithidicíd’) – Teorainn ama chun caingean a thionscnamh – Túsphointe – Moille – Do-ghlacthacht)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Dakem (Courbevoie, an Fhrainc) (ionadaithe: K. Van Maldegem agus P. Sellar, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Cullen agus R. Lindenthal, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 TFUE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/686 ón gCoimisiún an 24 Márta 2023, lena ndiúltaítear údarú an Aontais a dheonú le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair ‘Insecticide Textile Contact’ (IO 2023 L 90, lch. 42).
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean toisc é a bheith do-ghlactha.
Ní gá a thuilleadh rialú a dhéanamh ar na hiarrataí ar idiragairt ó Ríocht na Beilge agus ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA).
Ordaítear do Dakem a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún a íoc, cé is moite díobh sin a bhaineann leis na hiarratais ar idirghabháil.
Ordaítear do Dakem, an Coimisiún, Ríocht na Beilge agus ECHA a gcostais féin a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt a íoc.
____________
1 IO C 296, 21.8.2023.