Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Márta 2024 – QN v an Coimisiún
(Cás T-531/21) 1
(Seirbhís Shibhialta – Oifigigh – Ardú céime – Nós imeachta um ardú céime 2020 – Cinneadh gan ardú céime a thabhairt don iarratasóir – Airteagal 45 den Rialacháin Foirne – Scrúdú comparáideach ar thuillteanais – Cóir chomhionann – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Dualgas cúiseanna a lua – Dliteanas)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: QN (ionadaithe: L. Levi agus N. Flandin, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Brauhoff agus L. Hohenecker, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí cinneadh an Coimisiúin Eorpaigh gan a hainm a chur ar liosta na n-oifigeach ar tugadh ardú céime dóibh faoin nós imeachta um ardú céime 2020, arna bhfoilsiú ar an 12 Samhain 2020, ar neamhní agus, ar an dara dul síos, go gcúiteofaí an damáiste a líomhnaítear a bhain di de thoradh an chinnidh sin.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear an chaingean.
Ordaítear do QN na costais a íoc.
____________
1 IO C 462, 15.11.2021.