Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Márta 2024 – Drinks Prod v EUIPO – Coolike-Regnery (VIVIASEPT)
(Cás T-796/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘VIVIASEPT’ – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ‘VIBASEPT’ – Forais choibhneasta le diúltú – Dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017 /1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Drinks Prod SRL (Păntășești, An Rómáin) (ionadaithe: I. Speciac agus V. Stănese, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Coolike Regnery GmbH (Bensheim, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Finke agus T. Becker, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 29 Meán Fómhair 2022 (Cás R 488/2022-5) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingeam.
2. Ordaítear do Drinks Prod SRL, Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Coolike-Regnery GmbH a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 54, 13.2.2023.