Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Márta 2024 – Kantstraße Paris Bar v EUIPO – Superstudio21 (Bar Paris)
(Cás T-117/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta freasúra – Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Bar Paris’ – Trádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ‘Paris Bar’ – Forais choibhneasta le diúltú – Easpa dóchúlachta mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán ( AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Kantstraße Paris Bar GmBH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaithe: S. Osterrieth agus U. Hildebrandt, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Ringelhann agus T. Klee, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Superstudio21 GmbH (Köln, an Ghearmáin) (ionadaí: D. Tsoumanis, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 21 Nollaig 2022 (Cás R 299/2022-5) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do Kantstraße Paris Bar GmbH na costais a íoc.
____________
1 IO C 134, 17.4.2023.