Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Márta 2024 – Quality First v EUIPO (MORE-BIOTIC)
(Cás T-243/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid Aontais Eorpaigh ‘MORE-BIOTIC’ – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa saintréithe – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cóir chomhionann)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Quality First GmbH (Elmshorn, an Ghearmáin) (ionadaithe: J. Schneider agus M. Kleinn, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Feabhra 2023 (Cás R 1708/2022-2) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do Quality First GmbH agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcuid costais féin a íoc.
____________
1 IO C 223, 26.6.2023.