Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Márta 2024 – Puma v EUIPO – Handelsmaatschappij J. Van Hilst (Bróg)
(Cás T-647/22) 1
(Dearadh Comhphobail – Imeachtaí neamhbhailíochta – Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear bróg – Nochtadh an dearaidh níos luaithe – Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Puma SE (Herzogenaurach, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Schunke agus P. Trieb, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Handelsmaatschappij J. Van Hilst BV (Waalwijk, an Ísiltír) (ionadaithe: L. Jonker agus M. Roosendaal, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Lúnasa 2022 (cás R 726/2021-3) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do Puma SE na costais a íoc.
____________
1 IO C 463, 5.12.2022.