Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Márta 2024 – Lidl Stiftung v EUIPO – MHCS (Scáil datha oráiste)
(Cás T-652/22) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh arb é atá ann scáil datha oráiste – Dearbhfhoras neamhbhailíochta – Léiriú grafach soiléir agus beacht a dhóthain – Airteagail 4 agus 7(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 40/94 (Airteagal 4 agus Airteagal 7(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001) anois) – Saincháilíocht a fuarthas trí úsáid – Airteagal 7(1) (b), agus (3), de Rialachán Uimh. 40/94 (Airteagal 7(1)(b) agus (3) de Rialachán 2017/1001) anois)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Lidl Stiftung & Co. KG (Neckarsulm, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Kefferpütz, K. Wagner agus A. Wrage, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: MHCS (Épernay, an Fhrainc) (ionadaithe: O. Vrins, B. Raus agus N. Clarembeaux, Dlíodóirí)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Lúnasa 2022 (cás R 118/2022 4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Cuirtear an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 16 Lúnasa 2022 (Cás R 118/2022 4) ar neamhní.
Diúltaítear don chuid eile den chaingean.
Ordaítear do EUIPO, i dteannta a chostais féin, na costais arna dtabhú Lidl Stiftung & Co. KG, lena n-áirítear iad siúd a thabhaítear os comhair an Bhoird Achomhairc, a íoc.
Ordaítear do MHCS a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 472, 12.12.2022.