Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale ordinario di Roma (an Iodáil), an 5 Eanáir 2022 – Liberi editori e autori (LEA) v Jamendo SA

(Cás C-10/22)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale ordinario di Roma

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Liberi editori e autori (LEA)

Cosantóir: Jamendo SA

An cheist a tharchuirtear:

An gá Treoir 2014/26/AE 1  a léirmhíniú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar rochtain ar an margadh cóipchirt idirghabhála a shrianadh nó in aon chás chun ceadúnais a dheonú d’úsáideoirí, ach amháin d’eintitis is féidir a aicmiú de réir shainmhíniú na Treorach sin mar eagraíochtaí bailithe dleachtanna agus na heintitis is féidir a aicmiú mar eintitis bainistíochta neamhspleácha arna gcorprú sa stát céanna nó i mBallstáit eile a eisiamh?

____________

1 Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú a dhéanamh ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach na gceart i saothair cheoil d’úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach (IO 2014, L 84, lch. 72).