Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Veliko Tarnovo (an Bhulgáir), a taisceadh an 21 Márta 2023 – Obshtina Svishtov v Rakovoditel na Upravlyavashtia organ na Operativna programa “Regioni v rastezh” 2014–2020

(Cás C-175/23, Obshtina Svishtov)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Veliko Tarnovo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Obshtina Svishtov

Cosantóir: Rakovoditel na Upravlyavashtia organ na Operativna programa “Regioni v rastezh” 2014–2020

Na ceisteanna a tharchuirtear

I bhfianaise léiriú loighiciúil agus teileolaíoch ar Airteagal 2, pointe 36, agus Airteagal 143(2) de Rialachán 1303/2013 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle, an bhfuil foráil náisiúnta amhail Airteagal 70(2) den Zakon za upravlenie na sredstvata ot evropeyskite fondove pri spodeleno upravlenie (An Dlí maidir le Riar an Mhaoinithe ó Chistí Eorpacha le Riarachán Comhroinnte, ZUSEFSU), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(1) agus (2) den Naredba za posochvane na nerednosti, predstavlyavashti osnovania za izvarshvane na finansovi korektsii, i protsentnite pokazateli za opredelyane razmera na finansovite korektsii po reda na Zakona za upravlenie na sredstvata ot Evropeyskite strukturni i investitsionni fondove (Rialachán maidir le neamhrialtachtaí a bhrath, atá mar fhorais le ceartúchán airgeadais a dhéanamh, agus na tásca céatadáin maidir le méid na gceartúchán airgeadais a ríomh faoin Dlí maidir le Riar an Mhaoinithe ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa), i gcomhréir le dlí an Aontais, i gcás go ndéantar toimhde i gcónaí gurb ann do neamhrialtacht má dhéantar sárú ar rialacha maidir le dámhachtain conarthaí poiblí a leagtar síos i sceideal a ghabhann le gníomh reachtach?

An bhfuil foráil náisiúnta amhail Airteagal 70(2) de ZUSEFSU, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(1) agus (2) den Rialachán maidir le neamhrialtachtaí a bhrath, atá mar fhorais le ceartúchán airgeadais a dhéanamh, agus na tásca céatadáin maidir le méid na gceartúchán airgeadais a ríomh faoin Dlí maidir le Riar an Mhaoinithe ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta arna leagan síos sa triú habairt d’Airteagal 143(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, i gcomhthéacs an ghá le gach sárú nithiúil agus sonrach ar riail i réimse an tsoláthair phoiblí a indibhidiú?

____________

1 IO 2013 L 347, lch. 320.