Iarraidh ar réamhrialú ón Înalta Curte de Casație și Justiție (an Rómáin) a taisceadh an 21 Márta 2022 – Centrul Român pentru Administrarea Drepturilor Artiștilor Interpreți (Credidam) v Guvernul României, Ministerul Finanțelor
(Cás C-179/23, Credidam)
Teanga an cháis: an Rómáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Înalta Curte de Casație și Justiție
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóirí – Cosantóirí: Guvernul României, Ministerul Finanțelor
Freagróir – Iarratasóir: Centrul Român pentru Administrarea Drepturilor Artiștilor Interpreți (Credidam)
Na ceisteanna a tharchuirtear
An ionann bailiú, dáileadh agus íocaíocht luach saothair ag comheagraíochtaí bainistíochta i gcomaoin táille agus agus soláthar seirbhísí, de réir bhrí Airteagal 24(1) agus Airteagal 25(c) de Threoir 2006/112/CE1 (an Treoir CBL), do shealbhóirí cóipchirt agus do shealbhóirí cearta gaolmhara?
I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist an ionann an obair a dhéanann comheagraíochtaí bainistíochta ar son sealbhóirí cearta agus soláthar seirbhísí de réir bhrí na Treorach CBL fiú má mheastar nach soláthraíonn sealbhóirí cirt, a mbailíonn comheagraíochtaí bainistíochta luach saothair thar a gceann, seirbhísí d’úsáideoirí a gceanglaítear orthu an luach saothair a íoc?
____________
1 Treoir 2006/112 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. l).