Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunalul Specializat Mureș (an Rómáin) a taisceadh an 21 Márta 2023 – ERB New Europe Funding II v YI

(Cás C-178/23, ERB New Europe Funding II)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunalul Specializat Mureş

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ERB New Europe Funding II

Cosantóir: YI

An cheist a tharchuirtear

Agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE1 á chur i bhfeidhm, i bhfianaise, go háirithe, an tríú haithris is fiche sa bhrollach a ghabhann leis an Treoir sin agus prionsabal na héifeachtachta, an gá na forálacha sin a léiriú sa chiall nach gcuirtear cosc ar an bhféidearthacht go scrúdóidh cúirt náisiúnta amhras maidir le héagothroime téarmaí conarthacha i gconradh a tugadh i gcrích idir díoltóir nó soláthróir agus tomhaltóir, fiú i gcás ina ndearna cúirt náisiúnta eile scrúdú roimhe sin ar na téarmaí sin in imeachtaí breithiúnacha ag an gcéad chéim iarratas ón tomhaltóir nár fhreastail ar an éisteacht ghaolmhar agus nach bhfuair cúnamh nó ionadaíocht chuí ó dhlíodóir, agus ar diúltaíodh dóibh ag cinneadh breithiúnach nár chuir an tomhaltóir agóid ina choinne riamh – [agus] a bhfuil, dá bhrí sin, feidhm res judicata bainte amach, san ord nós imeachta náisiúnta, – más dealraitheach, ó imthosca áirithe an cháis, ar mhodh inchreidte agus réasúnach, nár bhain an tomhaltóir sin úsáid as an leigheas dlíthiúil sna chéad imeachtaí breithiúnacha sin mar gheall ar an eolas nó an t-eolas atá aige?

____________

1 Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29).