Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Lila Rossa Engros v EUIPO (LiLAC)
(Cás T-780/21)1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh LiLAC – Dearbhfhoras le diúltú – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Rómáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Lila Rossa Engros SRL (Voluntari, an Rómáin) (ionadaí: O. Anghel, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: V. Ruzek, i gcáil Gníomhaire)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Meán Fómhair 2021 (Cás R 441/2021-5) ar neamhní go páirteach.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Lila Rossa Engros SRL a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc.
____________
1 IO C 95, 28.2.2022.